Cead ag 200 duine a bheith i láthair ag ócáidí taobh amuigh de réir treoirlínte nua

Bhí an-bhrú ar an Rialtas faoi na treoirlínte fáilteachais ó tuairiscíodh go raibh cóisir do 50 duine ag an iar-aire Katherine Zappone in Óstán an Merrion

Cead ag 200 duine a bheith i láthair ag ócáidí taobh amuigh de réir treoirlínte nua

Tá treoirlínte nua foilsithe ag Fáilte Éireann d’earnáil an fháilteachais le haghaidh imeachtaí eagraithe faoin aer agus cead ag 200 duine a bheith i láthair.

Aon ionad a bhfuil áit ann do 5,000 duine féadfaidh 500 a bheith i láthair.

Ní cheadófar ach 100 duine ag bainis.

Ní mór do gach duine masc a chaitheamh sna hionaid má bhíonn orthu a mbord féin a fhágáil – ag dul ag cuntar an bhia, ag dul ag an leithreas nó ag dul amach abhaile.

Beidh cead ag daoine seasamh i scuaine ag ordú bia cé go moltar seirbhís boird a eagrú más féidir.

Beidh cead ag ceoltóirí a bheith ag ceol faoin aer in ionad ach cloí le treoracha sláinte agus sábháilteachta agus fanacht dhá mhéadar ó na custaiméirí.

Féadfaidh dream níos mó ná bord amháin a chur in áirithe ag an am céanna ach ní fhéadfaidh ach seisear atá os cionn 13 bliain suí ag aon bhord. Más leanaí faoi 12 an chuid eile den chomhluadar féadfaidh 15 suí ag bord amháin.  Caithfear méadar a fhágáil idir gach bord. Níl cead ag aon duine a bheith ag fálróid thart ó bhord go bord. Caithfear na custaiméirí ar fad a ghlanadh as an ionad fáilteachais faoina 11.30pm.

Bhí an-bhrú ar an Rialtas faoi na treoirlínte fáilteachais ó tuairiscíodh go raibh cóisir do 50 duine ag an iar-aire Katherine Zappone in Óstán an Merrion agus go raibh an Tánaiste Leo Varadkar i láthair. Chuir an tArd-Aighne Paul Gallagher comhairle dlí ar fáil don Rialtas agus dúirt sé gur cheadaigh na rialacháin 200 duine a bheith ag ócáid lasmuigh, eolas nach raibh soiléir don earnáil go dtí sin.

Osclaíodh 11 ionad vacsaínithe siúil isteach ar fud na tíre inniu do dhaoine atá os cionn 16 bliain.

Ní gá clárú ar líne roimh ré ach bíodh agat uimhir ghutháin, eirchód, seoladh ríomhphoist agus cárta aitheantais ar a bhfuil do phictiúr agus do dháta breithe. Má tá uimhir PSP agat bíodh sí leat ach mura bhfuil déanfaidh pas nó fianaise de do sheoladh cúis.

Fiú má chláraigh tú ar líne roimhe seo féadfaidh tú siúl isteach i gceann ar bith de na hionaid nua agus an chéad snáthaid BioNTech a fháil.

Fág freagra ar 'Cead ag 200 duine a bheith i láthair ag ócáidí taobh amuigh de réir treoirlínte nua'