Cead á thabhairt bróga leanaí a dhíol le daoine ach coinne a bheith acu

Dúirt an Taoiseach gur earra na bróga atá riachtanach d’fhás agus d’fhorbairt leanaí  

Cead á thabhairt bróga leanaí a dhíol le daoine ach coinne a bheith acu

Ceadófar do shiopaí bróg bróga leanaí a dhíol le daoine ach coinne a bheith déanta acu.

D’fhógair an Rialtas inniu go n-eiseofar treoirlínte nua go luath ionas go mbeifear ábalta cosa leanaí a thomhas i gceart agus péire bróg a cheannach dóibh.

Dúirt an Taoiseach gur earra na bróga atá riachtanach d’fhás agus d’fhorbairt leanaí.  

Beifear ábalta coinne a dhéanamh ar líne nó le glaoch teileafóin chun bróga leanaí a cheannach ó shiopaí bróg a mbíonn seirbhísí tomhais acu. Ní bheidh cead ag na siopaí aon bhróga eile a dhíol seachas bróga do leanaí.

Dúirt an Taoiseach chomh maith inniu go mbeadh daoine ábalta clárú chun vacsaín a fháil faoin tríú seachtain de mhí Aibreáin. 

Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly go gcaithfí na siopaí bróg a oscailt “láithreach” do leanaí.

Dúirt an tAire Sláinte freisin inniu gur “chun leas an uile dhuine” a bheadh na hathruithe atá déanta ag an Rialtas ar an gclár vacsaínithe. Bheifí ábalta an stát a athoscailt níos luaithe dá bharr, a mhaígh sé.

Fógraíodh athrú suntasach ar chlár vacsaínithe an Rialtais inné. Nuair a bheidh an tsnáthaid faighte ag daoine os cionn 70 is de réir aoise amháin a thabharfar do dhaoine í. Fágann sin nach dtabharfar tús áite do ghrúpaí áirithe amhail Gardaí agus múinteoirí mar a bhí beartaithe roimhe seo. Tá na hathruithe cáinte ag na Gardaí agus ceardchumainn na múinteoirí a deir gurb ionann an t-athrú agus “gealltanas a bhriseadh”.

Idir an dá linn, ní raibh aon bhás eile de dheasca an Covid-19 le fógairt ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu. 123 cás nua a deimhníodh le lá anuas.

Maidin inniu bhí 118 othar Covid-19 in ospidéil an Tuaiscirt agus bhí 17 acusan in aonad dianchúraim. 

Fág freagra ar 'Cead á thabhairt bróga leanaí a dhíol le daoine ach coinne a bheith acu'