Ceachtanna peile agus iomána an deireadh seachtaine

A raibh le foghlaim ó chluichí peile agus iomána chluichí craoibhe an deireadh seachtaine

Ger Cunningham. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Obair go leor le déanamh ag Cunningham más faoi fanacht i mBaile Átha Cliath

Trí bliana atá caite ag Ger Cunningham i gceannas ar iománaithe Bhaile Átha Cliath agus don tríú bliain as a chéile tá an fhoireann ag imeacht tríd an gcúldoras. Níl ach cluiche amháin i gCraobh Laighean buaite acu faoi stiúir a mbainisteora as Corcaigh, cluiche in aghaidh Loch Garman anuraidh. Seachas sin, drochscéal i ndiaidh drochscéil a bhí ann dóibh sa Chúige. Rinne Gaillimh slad orthu inné, mar a rinne siad in 2015, agus mar a rinne Cill Chainnigh in 2016.

Is mór an t-athrú atá tagtha ar chás Bhaile Átha Cliath ina gCúige féin ó tháinig Cunningham isteach. Idir 2011 agus 2014, nuair a bhí Anthony Daly fós i gceannas ar an bhfoireann, shroich Baile Átha Cliath cluiche ceannais Chúige Laighean trí huaire, agus bhuaigh siad Corn Uí Chaoimh in 2013.

Tá Cunningham anois faoi bhrú ollmhór. Is léir nach bhfuil gach rud i gceart sa champa agus cinneadh déanta ag scata imreoirí gan imirt le foireann an chontae le cúpla bliain anuas. Beidh ar an mbainisteoir gach duine a thabhairt le chéile ar mhaithe na foirne más faoi rud éigin fónta a dhéanamh an séasúr seo, agus, seans, a phost a thabhairt slán.

Flynn ag feabhsú ag an am ceart

Bhí Jason Flynn ar dhuine de na himreoirí ba mhó ba chúis leis an dul chun cinn a rinne Gaillimh nuair a shroich siad cluiche ceannais na hÉireann in 2015. Tá neart agus luas ag an bhfear ard seo ó Chlub Tommy Larkin agus na buanna uile a theastódh ó bhainisteoir aige. Agus é taobh le Conor Whelan agus Cathal Mannion inné, breathnaíonn sé go bhfuil triúr fear óg cumasach ag Gaillimh sa líne lántosach.

Ba údar díomá é nár éirigh chomh maith sin le Flynn anuraidh agus chaith an tosach go leor den chraobh ar an mbinse in 2016. Tá sé feabhsaithe go mór i mbliana áfach agus an chuma ar an scéal go bhfuil sé i mbarr a mhaitheasa arís.

D’aimsigh sé 1-2 in aghaidh Bhaile Átha Cliath inné, chun cur leis an 2-1 a scóráil sé i gcluiche ceannais na sraithe in aghaidh Thiobraid Árann. Agus leithéidí Niall Burke agus Tomás Monaghan réidh le teacht isteach mar ionadaithe, ba ghéar a theastaigh na dea-thaispeántais seo uaidh. Beidh súil ag lucht leanúna na Gaillimhe go gcoinneoidh sé air ag feabhsú.

Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Oiread na fríde idir Port Láirge agus bua stairiúil

Ba bheag ná gur éirigh le Port Láirge ceann de na buanna gan choinne ba mhó dá raibh le tamall fada a fháil Dé Sathairn agus gan ach aon phointe amháin idir iad féin agus Corcaigh i bPáirc Uí Fhearchair. Chinn sé ar Chorcaigh an ceann is fearr a fháil ar chóras cosanta na nDéiseach agus bhí an chuma ar an scéal go raibh Port Láirge ar tí a gcéad bhua a fháil ar a gcomharsana i gCraobh Peile na Mumhan ó 1960.

Tháinig Corcaigh slán ar deireadh agus b’shin é scéal mór an deireadh seachtaine – foirne ag teacht slán ar éigean i gcluichí ina raibh siad mar rogha na coitiantachta.

Sa chluiche eile i gCraobhchomórtas Peile na Mumhan, ní raibh ach farasbarr aon chúilín amháin ag an gClár ar Luimneach cé go bhfuil dhá roinn sraithe eatarthu. I Londain, dhá chúl dhéanacha ón bhfear ionaid Ronan Kennedy a chinntigh go raibh an bua ag Liatroim. San iomáint, bhí an Iarmhí cúig phointe chun cinn ar Uíbh Fhailí ag leath ama i gcluiche leathcheannais Laighean agus is ag brath ar a laoch Shane Dooley a bhí Uíbh Fhailí arís agus gá aige le gaisce scórála chun a fhoireann a shábháil.

Pictiúr: INPHO/Presseye/Lorcan Doherty

Meath tagtha ar chraobh Uladh

Cé go raibh cuid de chluichí an deireadh seachtaine seo idir dhá cheann na meá ar feadh tamaillín, ní shin mar a bhí i bPáirc na gCeilteach i nDoire Dé Domhnaigh. Cé nach raibh ach trí phointe idir na foirne agus beagán os cionn 20 nóiméad fágtha, níor dhóigh leat riamh go raibh Tír Eoghain ag cur an oiread sin stró orthu féin. Bua aon chúilín déag, 0-22 in aghaidh 0-11, a bhí acu ar deireadh.

Léirigh an bua éasca sin go bhfuil bearna ollmhór anois ann idir na foirne is láidre in Ulaidh, Tír Eoghain, Muineachán agus Dún na nGall, agus na foirne eile. Tá an bhearna seo le feiceáil i dtorthaí na gcluichí sa Chúige le cúpla bliain anuas agus cúig bliana ann ó d’éirigh le haon fhoireann eile seachas na trí chontae sin áit a bhaint amach i gcluiche ceannais an Chúige.

Fág freagra ar 'Ceachtanna peile agus iomána an deireadh seachtaine'