Ceachtanna ó na cluichí Gaelacha an deireadh seachtaine seo

Chomh maith le cluichí leathcheannais na sraithe sa pheil, bhí cluiche ceannais Chorn Uí Ógáin ar siúl mar aon le cluiche mór d’iománaithe Chiarraí. Breathnaíonn Tuairisc.ie ar an méid a foghlaimíodh dá mbarr.

Eoin Cadogan (Corcaigh) agus Michael Murphy (Dún na nGall) in iomaíocht lena chéile don liathróid sa chluiche leathcheannais sraithe. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Eoin Cadogan (Corcaigh) agus Michael Murphy (Dún na nGall) in iomaíocht lena chéile don liathróid sa chluiche leathcheannais sraithe. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Is Dún na nGall ‘bréige’ a chaill i gcoinne Chorcaigh ar an Domhnach

gur cheart Corcaigh a mholadh as an an gcaighdeán a bhain le cuid den pheil a d’imir siad i gcluiche leathcheannais na sraithe inné, ní fiú dul thar fóir leis. Ní raibh i bhfoireann Dhún na nGall ach foireann atá imithe ar an uisce bruite, shílfeá, agus is féidir bheith ag súil le foireann i bhfad níos fearr a fheiceáil ag imirt sa chraobh faoi cheann cúpla seachtain.

go raibh na himreoirí móra acu, ba léir go raibh easpa fuinnimh ag cur as dóibh agus d’admhaigh an bainisteoir, Rory Gallagher, go raibh traenáil chrua déanta ag na Conallaigh le seachtain anuas. Níl Colm McFadden ach ag teacht ar ais chuige féin agus bhí Anthony Thompson ag tosú a chéad chluiche don chontae i mbliana.

Is éacht é do Chorcaigh gur éirigh leo ceithre chúl a aimsiú i gcoinne na nUltach ach, arís, mheabhraigh Gallagher dúinn tar éis an chluiche go raibh Dún na nGall ag imirt le córas níos oscailte ná mar a bheidh acu faoin am a thiocfaidh a chéad chluiche craoibhe in aghaidh Thír Eoghain ar 17 Bealtaine.

Conor McManus (Muineachán) ag éalú ó John Small agus Davy Byrne i bPáirc an Chrócaigh inné. Pictiúr: INPHO/Tommy Grealy
Conor McManus (Muineachán) ag éalú ó John Small agus Davy Byrne i bPáirc an Chrócaigh inné. Pictiúr: INPHO/Tommy Grealy

Taispeántas níos tábhachtaí ná toradh Mhuineacháin

gur chaill a fhoireann le haon phointe amháin, gach seans go bhfuil bainisteoir Mhuineacháin, Malachy O’Rourke, chomh sásta céanna lena lá oibre inné agus atá bainisteoir Bhaile Átha Cliath, Jim Gavin.

Roimh an gcluiche ar an Domhnach, bhí an chuid is mó den chaint dírithe ar cén chaoi a n-ullmhódh O’Rourke a fhoireann agus é ag iarraidh cailleadh trom eile in aghaidh Bhaile Átha Cliath a sheachaint, díreach seachtain tar éis iad a bheith buailte le 11 phointe i gCluain Eois. Thug Muineachán an tseachtain roimhe ag campa traenála sa Phortaingéil chomh maith, rud nár chabhair dóibh agus dianchluiche eile i gcoinne na Dubs rompu, nó sin a cheap muid ar aon nós.

Ar deireadh, ní raibh na hUltaigh i bhfad as marc i bPáirc an Chrócaigh. Chuir Conor McManus chun cinn iad agus gan fágtha ach thart ar 10 nóiméad. Cé go raibh foireann na príomhchathrach ag streachailt ag an tráth sin, ní dhearna Muineachán dóthain dochair le linn na tréimhse sin chun áit sa chluiche ceannais a bhaint amach. Pé scéal é, beidh O’Rourke fós sásta go leor leis an chaoi ar éirigh lena bhfeachtas sraithe agus iad anois ag tabhairt aghaidh ar an gcraobh.

Seán Ó Gairbhí ag aimsiú cúil do Phobalscoil Chorca Dhuibhne agus scata  mór cosantóirí ó Scoil na mBráithre timpeall air. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
Seán Ó Gairbhí ag aimsiú cúil do Phobalscoil Chorca Dhuibhne agus scata mór cosantóirí ó Scoil na mBráithre timpeall air. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Peil faoi aois anois truaillithe ag an dlúthchosaint

Deirtear go minic gurb é ceann de na rudaí is fearr faoi chomórtais na mionúr agus na comórtais faoi-21 ná nach bhfuil siad truaillithe ag an imirt chosantach fós. Iad siúd a raibh an dearcadh sin fós acu, is cinnte gur baineadh geit astu agus iad ag breathnú ar chluiche ceannais Chorn Uí Ógáin an Satharn seo caite.

Ón nóiméad a caitheadh isteach an liathróid, bhí soiléir gurbh í an chosaint an chloch ba mhó ar phaidrín imreoirí Scoil na mBráithre, Ros Comáin. Is minic go raibh 13 nó 14 imreoirí acu taobh istigh dá líne 45m féin agus iad ag iarraidh iarrachtaí ionsaithe na Pobalscoile a chur dá mbonnaibh.

Is é láncheart bhuachaillí Ros Comáin iad féin a shocrú de réir na stíle sin má siad ag iarraidh, ach mhill sé an cluiche don té a bheadh neodrach, go háirithe nuair a thosaigh na Muimhnigh ag tabhairt faoi iarrachtaí ó i bhfad amach le teann mífhoighne.

Cheapfá nach mbeadh na himreoirí seo in ann ag an dlúthchosaint mar gheall ar shoineantacht agus easpa taithí, ach nuair atá craobh le buachan, déanfaidh foirne cibé rud a cheapann siad a theastaíonn chun bua a fháil.

Imreoirí Chiarraí, Paul Costello, Patrick Kelly agus Michael O’Leary ag ceiliúradh a mbua i gcoinne Aontroma an deireadh seachtaine seo. Pictiúr: INPHO/Colm O'Neill
Imreoirí Chiarraí, Paul Costello, Patrick Kelly agus Michael O’Leary ag ceiliúradh a mbua i gcoinne Aontroma an deireadh seachtaine seo. Pictiúr: INPHO/Colm O’Neill

Tús maith leath na hoibre do Chiarraí

minic go mbeadh imreoirí ó Chiarraí ag ceiliúradh go raibh siad ag gabháil a bheith ag imirt sa dara roinn den tsraith, ach is sin go díreach an chúis cheilúrtha a bhí acu an Satharn seo caite i bPáirc Parnell.

Dar ndóigh, is faoi iománaithe Chiarraí atáimid ag caint anseo agus Roinn 1B den tSraith Iomána bainte amach acu do 2016. Bhain siad barr Sraith 2A a amach le trí bliana anuas, ach seo í an chéad bhliain dóibh cluiche ceannais na sraithe sin agus an cluiche cáilithe/dícháilithe in aghaidh na foirne is measa i Roinn 1B – Aontroim i mbliana – a bhuachan.

Ciallaíonn sé seo uile go mbeidh Ciarraí á fhéachaint le leithéidí an Chláir, Luimneach, agus Loch Garman an bhliain seo chugainn; is mór idir iad sin agus Ard Mhacha, Dún na nGall agus Maigh Eo. Is maith an rud é deis a thabhairt d’fhoireann nua iad féin a thástáil i gcoinne na bhfoirne is fearr sa tír ach má chailleann siad go trom i ngach cluiche, d’fhéadfadh nach chun leas na hiománaíochta i gCiarraí a bheidh sé. Tús maith leath na hoibre mar sin…

Fág freagra ar 'Ceachtanna ó na cluichí Gaelacha an deireadh seachtaine seo'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Tá an díspeagadh is an leathshúil leanúnach ar pheil Chorcaí ón scriobhnóir seo ag éirí tuirsiúil. B’é ceann de na rudaí a thug trachtairí TG4 súntas do agus iad ag tuairisciú ar an gcluiche Dé Domhnaigh ná chomh tiomanta is a raibh Dún na nGall agus iad ag tabhairt aghaidhe ar Chorcaigh. Mar sin d’éirigh le Corcaigh le h-imirt aclaí, laidir agus sciliúil, gan tracht ar pheil oscailte den chuid is mó, an ceann is fearr a fháil orthu agus ceithre chúl a aimsiú ar an gcosaint is tréine dá bhfuil ann. Níl sé ina Shamhradh fós, áfach, agus níl faic buaite ag aon fhoireann ach b’fhiú don scríobhnoir a mheabhrú go bhfuil foirne eile ann seachas Ciarraí, Tír Chonaill agus Gaillimh. Comhghairdeas le Pobalscoil Chorca Dhuibhne as a mbua iontach agus go raibh rath ar na h-imreoirí amach anseo. Seo léargas ar an bpeil mar a imrítear i Múscraí é – https://www.irishexaminer.com/sport/gaa/cork-minor-footballer-makes-it-a-hat-trick-of-spectacular-goals-323709.html