Ceachtanna ó chluichí na gcúigí

Na Connachtaigh ag breathnú ina ndiaidh, biseach dochreidte Chris Henry agus na rudaí eile a thug Tuairisc.ie faoi deara i gcluichí na gcúigí.

Tar éis cailliúint eile, tá an obair mhaith atá déanta ag na Connachtaigh i mbliana i mbaol. Pictiúr: INPHO/Ken Sutton
Tar éis cailliúint eile, tá an obair mhaith atá déanta ag na Connachtaigh i mbliana i mbaol. Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

Feachtas na gConnachtach idir dhá cheann na meá

Agus ceithre chluiche fágtha sa tsraith, tá Cúige Chonnacht fós sa séú háit sa tábla Pro12. Tá sé lántábhachtach go bhfanfaidís san áit sin chun cáiliú do Chorn na gCuradh an séasúr seo chugainn. Cé gur chaill foireann Pat Lam go dona i gcoinne Chúige Mumhan an deireadh seachtaine seo caite, chiallaigh torthaí eile sa tsraith go bhfanann siad sa séú háit, cé go mbeidh sé fós iontach deacair acu an áit sin a choinneáil.

D’imir Scarlets agus Dún Éideann, an dá fhoireann atá san iomaíocht le Connachta chun an áit sin i gCorn na gCuradh a fháil, d’imir siad in aghaidh a chéile an deireadh seachtaine seo agus bhuaigh na hAlbanaigh sa Bhreatain Bheag. Thug an bua sin cothrom ar phointí iad le Cúige Chonnacht ach tá na hÉireannaigh chun cinn, a bhuíochas do dhifríocht na scóranna.

na cluichí atá fágtha ag Cúige Chonnacht agus ag Dún Éideann an-chosúil lena chéile; beidh trí cinn de chluichí ag an dá fhoireann i gcoinne foirne sa chéad chúig ait sa tsraith, chomh maith le ceann i gcoinne Zebre. Tá Scarlets trí phointe chun deiridh ar Chonnachta agus Dún Éideann faoi láthair ach tá críoch i bhfad níos éasca acu sa tsraith. Agus cluichí i gcoinne Zebre agus Benetton Treviso ar na bioráin, tá deis acu cúpla pointe bónais a aimsiú chomh maith, agus is iad rogha na coitiantachta don séú háit anois iad.

Cé go raibh siad 20 pointe taobh thiar ag tráth amháin, bhí Ian Madigan díomách leis an toradh ar deireadh. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Cé go raibh siad 20 pointe taobh thiar ag tráth amháin, bhí Ian Madigan díomách leis an toradh ar deireadh. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Feachtas ar fearr dearmad a dhéanamh air ag na Laighnigh

dtairgfeá comhscór agus dhá phointe do Matt O’Connor ag leath ama an Aoine seo caite agus na Laighnigh 27-7 chun deiridh, is dócha go nglacfaí leis sin. Tar éis dóibh a bheith seacht bpointe chun cinn agus gan ach cúig nóiméad fágtha, áfach, d’éirigh le fir Ghlaschú teacht aniar a dhéanamh agus beidh díomá ar O’Connor agus ar imreoirí Chúige Laighean nár chríochnaigh siad an chluiche leis an bpointe bónais agus an bua.

Ciallaíonn an toradh seo go bhfuil na Laighnigh fós sa chúigiú háit sa tábla, ceithre phointe taobh thiar de na Ospreys, atá san áit deireanach chun cáiliú do na babhtaí leathcheannais. Thug siad 34 pointe uathu sa bhaile an lá cheana agus is é an chosaint lag seo atá á gcoinneáil siar. Le ceithre chluiche fágtha, tá níos mó úd tugtha uathu acu ná mar a thug siad sa bhfeachtas uile anuraidh agus tá 16 pointe níos lú acu ná mar a bhí um an dtaca seo anuraidh.

ceisteanna i bhfad níos práinní ag dó na geirbe ag Matt O’Connor agus cluiche ceathrú ceannais i gCorn na gCuradh le himirt an deireadh seachtaine seo, ach nuair a bheidh deireadh ráite, beidh díomá air faoin gcaoi ar éirigh leis na Laighnigh sa tsraith Pro12 i mbliana.

Bhí cuma ghealgháireach ar Chris Henry tar éis chluiche na nUltach agus é ag teacht chuige féin ó thinneas. Pictiúr: INPHO/Presseye/Darren Kidd
Bhí cuma ghealgháireach ar Chris Henry tar éis chluiche na nUltach agus é ag teacht chuige féin ó thinneas. Pictiúr: INPHO/Presseye/Darren Kidd

Idir dhrochscéal agus dea-scéal do na Ultaigh ó thaobh gortuithe de

Bhí Cúige Uladh 21-0 chun tosaigh ag an mbriseadh i gcoinne na gCardiff Blues an Aoine seo caite ach baineadh cuid den loinnir den taispeántas nuair a b’éigean Stuart Olding a bhaint den pháirc agus é sínte ar shlat a dhroma ar shínteán. Ní raibh Olding ach ag teacht chuige féin ó ghortú uillinne ach fógraíodh inné go mbeidh fear lár na páirce ar lár ar feadh suas le 9 mí le drochghortú glúine.

Ar an taobh eile den scéal, ba spreagadh do gach duine i Ravenhill é nuair a tugadh isteach Chris Henry san imirt leath bealaigh tríd an dara leath. Ba é seo an chéad cluiche a d’imir an tosaí tar éis dó stróc a bheith aige i mí na Samhna.

Chuaigh Henry faoi scian go luath ina dhiaidh sin agus ní raibh súil go mbeadh sé ar ais go ceann cúpla seachtain eile ach tar éis biseach dochreidte, bhí an t-imreoir idirnáisiúnta réidh chun tabhairt faoi pháirc na himeartha an athuair.

Cúige Uladh fós san iomaíocht don chéad áit sa tábla ach toisc go bhfuil cluichí deacra le teacht i gcoinne foirne atá ag barr na sraithe, beidh siad buíoch as Henry a fháil ar ais.

Agus é buaite aige mar imreoir, tá a fhios ag Anthony Foley cé chomh tábhachtach is atá Corn na gCuradh do Chúige Mumhan. INPHO/Dan Sheridan
Agus é buaite aige mar imreoir, tá a fhios ag Anthony Foley cé chomh tábhachtach is atá Corn na gCuradh do Chúige Mumhan. INPHO/Dan Sheridan

Na Muimhnigh ag aireachtáil uathu Corn na gCuradh

Fiú agus bua maith faighte acu i gcoinne Chúige Chonnacht, is é ceann de na chéad rudaí a luaigh Anthony Foley tar éis an chluiche ná go raibh brón air nach raibh siad ag imirt i gcluichí ceathrú ceannais Chorn na gCuradh an deireadh seachtaine beag seo.

go bhfuil na Muimhnigh sé phointe agus cúpla áit chun cinn ar Chúige Laighean sa tábla, is cinnte go mb’fhearr le Foley a bheith in áit Matt O’Connor agus cluiche mór san Eoraip amach roimhe. Níl Foley ach ina chéad bhliain mar bhainisteoir ar na Muimhnigh ach tar éis na mblianta fada a chaitheamh ag imirt dóibh, tá a fhios aige cé chomh tábhachtach is atá príomhchomórtas na hEorpa dá lucht tacaíocht.

Ciallaíonn bua an tSathairn seo caite go bhfuil Cúige Mumhan ar comhchéim leis na hUltaigh sa dara háit sa tsraith agus cé go mbeidh siad ag déanamh a ndíchill chun cluiche leathcheannais baile a bhaint amach roimh dheireadh an chomórtais, is in áit na leithphingine atá an tsraith Pro12 i dtuairim na Muimhneach.

Fág freagra ar 'Ceachtanna ó chluichí na gcúigí'