Ceachtanna na seachtaine sa pheil, sa rugbaí agus sa sacar

Tús iontach ag Connachta ach deacrachtaí ar na bacáin; fadhbanna ag Martin O’Neill, feall á dhéanamh ar imreoirí club agus an chéad chéim eile do Jose Mourinho agus Chelsea

Robbie Henshaw ag aimsiú úd do Chonnacht i gcoinne Treviso ar an Aoine. INPHO/Morgan Treacy
Robbie Henshaw ag aimsiú úd do Chonnacht i gcoinne Treviso ar an Aoine. INPHO/Morgan Treacy

Na Connachtaigh fós ag treabhadh leo ach todhchaí Henshaw idir dhá cheann na meá

Agus muid beagnach an tríú cuid isteach sa chomórtas Pro12, is iad Connachta atá suite ar bharr na sraithe agus tús den scoth déanta ag fir Pat Lam. Ciallaíonn an bua 33-19 i gcoinne Treviso ag an deireadh seachtaine go bhfuil sé cinn den seacht gcluiche buaite go dtí seo ag na Connachtaigh agus iad ag iarraidh céim eile chun cinn a thabhairt i mbliana agus áit a bhaint amach i gCorn na gCuradh do 2016/17.

gur dea-scéal an méid atá bainte amach Connachta go dtí seo i mbliana, d’admhaigh Robbie Henshaw ag an deireadh seachtaine seo go mb’fhéidir go mbeidh air an cúige a fhágáil i dtreo is gur féidir leis bláthú mar imreoir amach anseo. Tiocfaidh deireadh le conradh Henshaw ag deireadh an tséasúir seo agus tá ráite ag fear Bhaile Átha Luain go bhfuil sé ag iarraidh a bhfuil i dán dó féin a réiteach leis an IRFU roimh an Nollaig.

Is é an rud is deacra do Chonnachta sa chás seo ná nach féidir leo mórán tionchair a imirt ar an gcomhrá. Cé go mbeadh seans níos fearr acu Henshaw a choinneáil má cháilíonn siad do Chorn na gCuradh, beidh cinneadh an imreora déanta i bhfad roimh an am a shocrófar cé a bheidh sa chomórtas sin. Fiú choinníonn Connachta leo mar atá, gach seans go gcaillfidh siad fós an réalta is mó atá acu.

Cosantóir na hÉireann, John O'Shea. INPHO/Donall Farmer
Cosantóir na hÉireann, John O’Shea. INPHO/Donall Farmer

Drochdheireadh seachtaine d’Éirinn agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin ag fanacht

Drochdheireadh seachtaine amach agus amach a bhí ann do John O’Shea bocht. Ar an Domhnach, ainmníodh é i measc slám mór imreoirí a chaill go leor leor airgid mar thoradh ar dhrochinfheistíocht. Roimhe sin, ar an Satharn, gortaíodh an cosantóir agus é ag imirt do Sunderland i gcoinne Southampton. Ní bheidh fáil ar O’Shea ar aon nós don chéad chluiche cáilithe ar an Aoine toisc go bhfuil sé ar fionraí ach tá an baol anois ann nach mbeidh sé tagtha chuige féin in am don dara babhta i mBaile Átha Cliath an Luan seo chugainn.

Chun cúrsaí a dhéanamh níos measa, tá sárthaispeántais curtha isteach ag imreoirí móra na Boisnia agus an Heirseagaivéin le cúpla cluiche anuas. I Sraith na gCuradh an tseachtain seo caite, scóráil Miralem Pjanic agus Edin Dzeko i mbua Roma i gcoinne Bayer Leverkusen agus an deireadh seachtaine seo, rinne Dzeko an beart arís agus é ag scóráil i ndearbaí na Róimhe i gcoinne Lazio.

Glenn Kennefick, tar éis do Fánaithe an Ghleanna cailleadh in aghaidh Bhaile Gunnair ar an Domhnach. INPHO/Ken Sutton
Glenn Kennefick, tar éis do Fánaithe an Ghleanna cailleadh in aghaidh Bhaile Gunnair ar an Domhnach. INPHO/Ken Sutton

In ainneoin na cainte uile, tá feall fós á dhéanamh ar imreoirí club

scéal nua é go bhfuil fadhb ollmhór ag CLG maidir le líon na gcluichí atá á n-imirt thart faoin am seo den bhliain ach tá ag éirí níos soiléire agus níos soiléire go gcaithfidh rud éigin athrú go sciobtha.

An Satharn seo i gCraobh Peile na Mumhan, bhí bua d’aon phointe déag ag seaimpíní Chorcaí, Raonaithe Nemo, ar an tSráidbhaile. Is foireann láidir iad na Corcaígh ach ní raibh cluiche ceannais Phort Láirge ach buaite ag an tSráidbhaile ar an Aoine, níos lú roimh a gcéad chluiche eile. Tharla an rud céanna coicís ó shin nuair a bhí ar Phort Laoise aghaidh a thabhairt ar Na Cnoic Arda i gCraobh Peile Laighean díreach lá tar éis dóibh Ioma a bhualadh i gcluiche ceannais an chontae.

Seachtain tar éis do Paraic Duffy, Ard-Stiúrthóir CLG, teacht amach le moltaí chun déileáil le tnáitheadh i measc na n-imreoirí, thar am córas nua a chur i bhfeidhm. Agus na córais uile atá i bhfeidhm ar fud na tíre, ní bheidh réiteach éasca ar an scéal ach caithfear iarracht a dhéanamh deireadh a chur leis an bhfadhb seachas a bheith ag caint go deo fúithí.

Jose Mourinho manager of Chelsea appeals 2/1/2006
Bainisteoir Chelsea, Jose Mourinho. INPHO

Cén sprioc atá ag Chelsea don séasúr anois?

Ar a laghad an uair seo, ní raibh orainn éisteacht le raiméis Jose Mourinho tar éis do Chelsea cluiche eile a chailleadh i gcoinne Stoke an deireadh seachtaine seo, an tríú ceann as a chéile atá caillte acu sa tsraith. Bhí an Portaingéalach ar fionraí don chluiche tar éis dó cáineadh a dhéanamh ar réiteoir ach fiú agus glór nua sa seomra feistis acu, ní raibh imreoirí Chelsea in ann an taoide a chasadh.

Bhí an t-ádh ar Chelsea nár ghnóthaigh Arsenal nó Manchester City pointí an deireadh seachtaine seo mar níor mhéadaigh sé an bhearna eatarthu an oiread sin ach, fós féin, tá foireann Mourinho 15 phointe ó bharr na sraithe agus 13 phointe ón gceathrú háit.

Bheifeá ag ceapadh go bhfuil dóthain cumais ag Chelsea teacht aniar a dhéanamh ach faoin dtráth seo gaisce a bheadh ann fiú mbainfidís amach áit i Sraith na gCuradh don chéad bhliain eile.

Mar sin féin, b’fhéidir go dtabharfaidh na trioblóidí uile sa tsraith deis do Mourinho díriú ar Shraith na gCuradh. Is é an t-aon chomórtas nach bhfuil buaite aige le Chelsea agus dá mbuafadh sé é Bealtaine seo chugainn, bheadh sé in ann Chelsea a fhágáil ar a sháimhín só, mar a rinne sé ag Porto agus Inter Milan.

Fág freagra ar 'Ceachtanna na seachtaine sa pheil, sa rugbaí agus sa sacar'