Ceachtanna na ndrochbhlianta foghlamtha ag Ciarraí

Ach oiread le Ciarraí bhí freagra sa deireadh ag an nGaillimh ar gach ceist a cuireadh orthu go dtí seo sa chraobh

Ceachtanna na ndrochbhlianta foghlamtha ag Ciarraí

Tráthnóna inniu a bheidh a fhios againn arbh é cluiche leathcheannais na hÉireann coicís ó shin in aghaidh Átha Cliath lá na fuascailte do Chiarraí nó an amhlaidh nach raibh ann ach bua drámatúil ar shárfhoireann a bhí ag dul i léig.

An gcuimhneofar ar an bpointe diamhair a fuair Seán O’Shea mar an cic a thug muintir na Ríochta slán ón bhfásach, nó mar scór iontach i mbliain eile gan rath?

Is minic é ráite le coicís anuas go bhfuil ceisteanna fós le freagairt faoi Chiarraí agus gur ceisteanna iad nach mbeidh aon fhreagra ceart againn orthu nó go mbeidh cluiche ceannais na hÉireann buaite ag an mbuíon seo imreoirí a rinne oiread sin gaiscí faoi aois.

An phríomhcheist faoi Chiarraí ná an bhfuil ceachtanna na mblianta 2019-2021 foghlamtha acu?

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil na fadhbanna cosanta a bhí acu leigheasta ag Jack O’Connor, Paddy Tally agus a leathbhádóirí. Ba iad na trí chúl a fuair Tír Eoghain ina gcoinne i gcluiche leathcheannais na hÉireann a chniog iad anuraidh.

I mbliana níl ach trí chúl ar fad géillte acu sa 12 cluiche a d’imir siad go nuige seo agus cic pionóis a bhí i gceann acu sin. Sin ceacht amháin a déarfá atá foghlamtha go maith acu cé gur dócha go bhfuil mianach níos mó i dtosaithe fhoireann na Gaillimhe ná mar a bhí i dtosaithe aon dream eile a casadh ar Chiarraí ó thosach na bliana.

An ceacht mór eile a bhí le foghlaim ag Ciarraí ná nár cailleadh leath dá gcuaigh i gcontúirt. B’fhéidir go bhfuil laethanta an tsíor-ionsaithe caite ach bhraithfeá an míshuaimhneas i measc a lucht leanta i bPáirc na Chrócaigh coicís ó shin nuair a thosaigh Ciarraí ag cosaint a gcuid – farasbarr dhá phointe – agus breis is 10 nóiméad fós le himirt. Cuimhní ar an gcéad chluiche ceannais in 2019 a bhí ag cur as do lucht tacaíochta na Ríochta gan dabht, cluiche inar chuir an cur chuige coimeádach céanna deireadh le seans glórmhar Átha Cliath a gcúig cinn as a chéile a shuncáil. Ar a shon sin is uile, b’údar dóchais do Chiarraí an tslí gur chuireadar laincisí an choimeádachais uathu sna nóiméid dheireanacha i gcluiche leathcheannais na bliana seo chun dhá chic saor thábhachtacha a bhuachan.

I gcás pointe an bhua, bhí dánaíocht Shane Ryan, Brian Ó Beaglaoich, Paul Murphy agus David Clifford sa phaiste imeartha díreach roimh an gcic saor ar an gcomhartha is fearr go bhfuil ceachtanna na ndrochbhlianta foghlamtha.

D’fhéadfaí an iomarca béime a leagan ar na cúiseanna amhrais atá ann i gcónaí faoi mhianach agus faoi mheon Chiarraí nuair atá ar a laghad an oiread céanna ceisteanna faoin nGaillimh. Ach oiread le Ciarraí bhí freagra sa deireadh ag an nGaillimh ar gach ceist a cuireadh orthu go dtí seo as chraobh, ach tá fabht nó dhó san éide mharún i gcónaí. Tá drochnós ceart acu ligint d’fhoirne teacht aniar a dhéanamh nuair is ar éigean go bhfuil an deis sin tuillte acu. Tharla sé in aghaidh Mhaigh Eo i gcluiche ceathrú ceannais Chonnacht agus go háirithe in aghaidh Ard Mhacha i mbabhtaí ceathrú ceannais chraobh na hÉireann.

Fiú in aghaidh Dhoire sa chluiche leathcheannais ghéill siad cúl déanach, bíodh is nach raibh ann ach cúl sóláis. Ábhar imní eile ná a laghad scórála a dhein a dtosaithe sa chluiche céanna. Má fhágann tú Damian Comer as an áireamh pointe amháin ón imirt a fuair tosaithe na Gaillimhe.

Bhain go leor den chadráil le coicís anuas ar cé a chuirfidh Ciarraí ar Damian Comer agus Shane Walsh agus cé a chuirfidh an Ghaillimh ar David Clifford agus Seán O’Shea. Drochsheans go bhfágfar faoi aon duine amháin é Comer nó Clifford a mharcáil.

Más ar Jason Foley Chiarraí agus Seán Kelly na Gaillimhe a thitfidh an fhreagracht is cinnte go mbeidh tacaíocht acu.

I lár an ghoirt is dócha go mbeidh Paul Conroy agus David Moran in adharca a chéile agus an sprioc chéanna ag an mbeirt acu – a bheith ag soláthar dá naoscairí féin agus stop a chur leis an bhfear eile deiseanna a chruthú.

Cluiche crua coimeádach lán teannais sa chéad leath atá á thuar ag mórán,

ach d’fhéadfadh cúl luath sin a athrú. Ní haon údar iontais a bheadh ann cúpla caid ard a fheiscint i dtosach na coimhlinte, go háirithe i bhfianaise na ndeacrachtaí a bhí ag an nGaillimh lena leithéid in aghaidh Ard Mhacha. Ráineodh go mbeadh fonn chomh maith ar Ghaillimh córas cosanta nua Chiarraí a thástáil chomh maith.

Bíodh is go bhfuil cuid mhaith taithí ag leithéidí Conroy, Comer agus Walsh, imreoirí cumasacha atá ag teacht chun coinlíochta iad go leor d’fhoireann na Gaillimhe, leithéidí John Daly, Cillian McDaid, Matthew Tierney agus Robert Finnerty.

Ar an dtaobh eile den scéal tá an bhraistint láidir ann go bhfuil David Clifford, Seán O’Shea, Brian Ó Beaglaoich, Gavin White, Tom O’Sullivan agus Jason Foley tagtha chun coinlíochta cheana féin.

Níl mórán feicthe againn i mbliana a thabharfadh le fios nach bhfuil a raibh le foghlaim acu foghlamtha acu.

Fág freagra ar 'Ceachtanna na ndrochbhlianta foghlamtha ag Ciarraí'