Ceachtanna le foghlaim ón nBreatimeacht maidir le reifreann faoin teorainn

Ba cheart ciall a bheith ceannaithe faoin tráth seo gur dhíchéillí an beart é reifreann faoin teorainn a rith gan a bheith glan soiléir faoi na roghanna a bheadh le déanamh ag vótóirí thuaidh agus theas

Ceachtanna le foghlaim ón nBreatimeacht maidir le reifreann faoin teorainn

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Ní fhéadfaí an toradh in Westminster aréir a sheachaint, is dócha, cé gurbh údar iontais do go leor a thubaistí is a cniogadh Theresa May agus a margadh.

Ní fhéadfaí cuspóir na mBreatimeachtóirí is díograisí a bhaint amach – droim láimhe a thabhairt leis an Aontas Eorpach ach na buntáistí a bhain le ballraíocht a choinneáil. Ní fhéadfadh Theresa May, ná aon duine eile ina háit, an cuspóir sin a bhaint amach. Níorbh fhéidir lucht fanachta a shásamh ach oiread, gan neamhaird a dhéanamh de thoradh an reifrinn. Mar bharr ar an donas, níor lia dune ná tuairim faoi cad ba bhrí le Breatimeacht.

Ní hiontas gur deineadh praiseach den chúram. Ach ar láimhseáil an Príomh-Aire May an gnó ar an mbealach ab fhearr? Is fíor go raibh sé de mhí-ádh uirthi go raibh sí ag brath ar dhaoine a mheas gurb iad féin ab inniúla chun gnó a dhéanamh le Michel Barnier agus a fhoireann sa Bhruiséil agus daoine a mheas gur cheart don AE géilleadh dá mianta, beag beann ar leas na mballstát eile. Bhí scata de Státrúnaithe Breatimeachta aici nár leag lorg a lámh ar an obair. Agus bhí comhghleacaithe aici i bpostanna sinsearacha, Boris Johnson cuir i gcás, nach lú leis an sioc ná ‘spiorad foirne’.

Ar an lámh eile is léir nach ndearna May iarracht ar bith chun comhghuaillíochtaí a bhunú agus a chothú ar mhaithe le comh-aidhm a bhaint amach. Fiú má ghlacaimid leis go raibh roinnt ina páirtí a bhí ina haghaidh mar gur bhean í, deirtear in Whitehall gur mhinic nach raibh a fhios ag daoine ina hoifig, gan trácht ar airí, céard a bhí á phleanáil aici. Níl sí comhoibritheach mar cheannaire de réir gach tuairisce. Is furasta a thuiscint nach mbeadh muinín aici as roinnt dá comhfheisirí ach ní raibh sé stuama a bheith aonaránach, rúnmhar.

Bhí sé rómhall nuair a thosaigh sí ag iarraidh daoine a bhreith léi le geallúintí dá páirtí féin go n-éireodh sí as oifig roimh olltoghchán agus geallúintí d’fheisirí ón Lucht Oibre faoi chearta oibrithe i ndiaidh an Bhreatimeachta. D’ainneoin a port seasta faoina tiomantas don Ríocht Aontaithe ‘luachmhar’ níor choinnigh sí an DUP ina campa.

Agus gan ach iarracht bheag, a bhí rólag agus rómhall a bheith déanta aici maidir le mealladh agus breabadh, díol suntais ab ea é gur iompaigh sí ar an mbagairt. Bagairt go mbeadh sláine na Ríochta Aontaithe i mbaol dá bhfágfaí an tAontas Eorpach gan margadh a bheith déanta leis an mBruiséil. Bhí baol ann, dar léi, go bhfágfadh Tuaisceart Éireann agus/nó Albain an Ríocht Aontaithe, agus í den bharúil go mbeadh reifrinn sa dá réigiún dosheachanta.

Ní ón ngaoth a tháinig an rabhadh faoin Tuaisceart. Sceitheadh eolas le gairid go raibh plé faoi ag cruinniú rialtais nuair a chuir Státrúnaí an Tuaiscirt, Karen Bradley in iúl dá comhairí nach mbeifí in ann reifreann faoin teorainn a sheachaint dá dtabharfaí an t-eiteachas don mhargadh imeachta a aontaíodh leis an Aontas Eorpach. Sceitheadh an t-eolas in aon turas.

Cosantóir agus bolscaire thar ceann Theresa May is ea an Státrúnaí Bradley agus níor shéan sí an tuairisc. Níor mhór an t-iontas é ansin gur thug an Príomh-Aire May an foláireamh céanna in Westminster Dé Luain.

Baothchaint agus scanradh, dar leis an DUP agus níl aon dabht ach gur tugadh na foláirimh chun tionchar a imirt orthu agus ar na feisirí is báúla leis na haontachtaithe i dTeach na dTeachtaí. Iarracht in aisce.

Ar ndóigh, mar atá ráite anseo go minic cheana, tá treisithe ar an éileamh ar reifreann abhus de bharr an Bhreatimeachta. Níl móramh sa tuaisceart ag iarraidh an tAontas Eorpach a fhágáil; bhí 56% in aghaidh an Bhreatimeachta sa reifreann in 2016 agus de réir gach pobalbhreithe tá an líon sin méadaithe ó shin. Timpeall 63% ar an meán atá i gceist anois, de réir dealraimh.

Tá go leor ceisteanna le freagairt, ar ndóigh. An ionann vótáil ar son fanacht san AE agus vótáil ar son Éire aontaithe? Cén sórt Éire aontaithe? Cén taighde agus anailís atá déanta mar ullmhúchán do reifreann faoin teorainn? Tada an freagra ar an gceist dheireanach sin.

Tá go leor ceachtanna le foghlaim ón mBreatimeacht. Is iomaí cúis a bhí ag daoine le vóta i bhfabhar nó in aghaidh an Bhreatimeachta ar an 23 Bealtaine 2016.

Níor tugadh roghanna difriúla do vótóirí agus a shliocht air. Ní raibh sé soiléir ariamh cad ba bhrí leis an mBreatimeacht. Cuireadh pleananna uileghabhálacha faoi bhráid vótóirí in Albain sa reifreann neamhspleáchais, ach ansin féin bhí éiginnteacht faoina raibh i gceist. Sin ceacht dóibh sin a mbíonn reifreann á éileamh acu (nó dhá reifreann, thuaidh agus theas, ba chirte a rá) faoin teorainn. Níor mhór saothar cuimsitheach a dhéanamh roimh ré sula gcuirfí ceist chomh híogair faoi bhráid an phobail. Shílfeá go mbeadh ciall cheannaithe ag gach dream i bhfianaise phraiseach an Bhreatimeachta.

Fág freagra ar 'Ceachtanna le foghlaim ón nBreatimeacht maidir le reifreann faoin teorainn'