Ceachtanna le foghlaim ag buachaillí na Gaeltachta agus an Teampall Nua rómhaith dóibh

Bhí an Teampall Nua i bhfad róláidir don Ghaeltacht i gcluiche ceannais chraobh idirmheánach peile Chiarraí a imríodh i dTrá Lí inné

Ceachtanna le foghlaim ag buachaillí na Gaeltachta agus an Teampall Nua rómhaith dóibh

An Teampall Nua 2-14

An Ghaeltacht 0-12

Chaill siad cluiche ceannais na craoibhe idirmheánaí in aghaidh na Gaeltachta dhá bhliain ó shin ach bhain An Teampall Nua díoltas amach agus bua ar bheagán anró faighte acu ar fhir Chorca Dhuibhne inné i gcluiche ceannais na bliana seo.

 Bhí an bua tuillte go maith ag an dTeampall Nua agus níl aon dabht ach gur bhuaigh an fhoireann is fearr agus an Ghaeltacht cloíte le hocht bpointe, 2-14 in aghaidh 0-12 i bPáirc Aibhistín de Staic. Ní raibh aon anam ná beocht i mbuachaillí na Gaeltachta sa chéad 20 nóiméad agus faoin am gur dhúisigh siad bhí an cath caillte.

 Ní fhéadfadh an Ghaeltacht tús níos measa a chur leis an gcluiche. Ní raibh ach cúig shoicind déag imeartha nuair a thug Killian Spillane pas do Chian Hallissey a bhris tríd agus a bháigh an liathróid san eangach.

 Bhí cúpla deis iontach eile ar chúil ag an Teampall Nua sa chéad 10 nóiméad agus ba é cúl báire na Gaeltachta Tomás Mac an tSaoir a chinntigh nach raibh bearna níos mó fós idir na foirne luath sa choimhlint. Mar sin féin, bhí an lámh in uachtar ag an Teampall Nua sa tréimhse sin agus d’aimsigh siad cúig phointe i dtréimhse cúig nóiméad leath bealaigh tríd an chéad leath chun bearna naoi bpointe a chur idir na foirne, 1-6 in aghaidh 0-0.

D’fheabhsaigh rudaí beagáinín don Ghaeltacht ina dhiaidh sin. Tháinig PJ Mac Láimh isteach mar ionadaí agus ba é a d’aimsigh an chéad scór dóibh. Fuair Seán M. Ó Conchúir scór eile ó chic saor chun an bhearna a laghdú de bheagán eile ach buaileadh buille trom eile orthu ansin nuair a scóráil Stephen O’Sullivan an dara chúl don Teampall Nua, tar éis gluaiseacht a raibh baint mhór ag Killian Spillane agus Brian Crowley léi.

D’aimsigh an Ghaeltacht trí phointe idir sin agus leath ama, péire ag Seán M. Ó Conchúir agus ceann ag Óigí Ó Sé, ach bhí siad fós ocht bpointe chun deiridh tar éis an chéad 30 nóiméad, 2-7 in aghaidh 0-5, agus an chuma ar imreoirí an Teamapaill Nua go raibh siad ar a gcompord.

Agus fios acu go raibh géarghá le cúl, chuaigh an Ghaeltacht ar an ionsaí arís agus arís eile sa dara leath ach bhí an Teampall Nua in ann scata mór imreoirí a chur siar i mbun na cosanta agus ní raibh leithéidí Éanna Uí Conchúir nó Bhriain Uí Bheaglaoich in ann na bearnaí a aimsiú don Ghaeltacht d’ainneoin a n-iarrachtaí.

 

Aon uair gur éirigh leis an nGaeltacht an bhearna idir na foirne a laghdú, bhí an Teampall Nua in ann dul díreach suas an taobh eile den pháirc agus scór dá gcuid féin a aimsiú go héasca. Bhí Killian Spillane go háirithe ag imirt ar fheabhas don Teampall Nua agus fuair sé ocht bpointe, sé cinn acu ón imirt.

Beidh ceann faoi ar imreoirí na Gaeltachta as gach aon deis a bhí acu i gcluiche an lae inné a bheith caite uathu acu sa chéad 15 nóiméad ach tá neart ábhar dóchais ann dóibh chomh maith. Foireann óg is ea í seo go fóill agus fuair imreoirí ar nós Ruaidhrí Uí Bheaglaoich, na deartháireacha Sauerland agus Adam Mac Amhlaoibh léargas maith inné ar a bhfuil ag teastáil chun an chraobh seo a bhaint.

Bhí an Teampall Nua agus an Ghaeltacht cuid mhaith níos fearr ná na foirne eile sa chraobh idirmheánach i mbliana. Agus na seaimpíní anois imithe suas chuig grád na sinsear, má thagann feabhas ar an nGaeltacht agus má fhoghlaimíonn siad ó cheachtanna an lae inné, níl cúis ar bith nach mbeadh deis iontach acu an bhliain seo chugainn.

 An Ghaeltacht:T . Mac an tSaoir; C. Ó Murchú, C Ó Lúing, C. Ó Muircheartaigh; F. Sauerland, P. Ó Sé, C. Ó Coileáin; R. Ó Sé, B. Ó Beaglaoich; R. Ó Beaglaoich (0-1), D. Ó Sé (0-3, 2 chic saor), G. Mac an tSaoir; Ó. Ó Sé (0-2), É. Ó Conchúir, S. M. Ó Conchúir (0-4, 3 chic saor). Fir Ionaid: PJ Mac Láimh (0-2) in áit F. Sauerland (23 nóim), A. Mac Amhlaoibh in áit S. M. Ó Conchúir (44 nóim), P. P. Sauerland in áit C. Ó Murchú (55 nóim).

An Teampall Nua:D. Cahalane; M. Hallissey, K. O’Neill, J. Spillane; G. Crowley, T. Morley, P. Clifford (0-1); S. Sheehan, A. Spillane (0-1); T. Doyle, B. Crowley (0-1), J. Crowley-Holland; S. O’Sullivan (1-2, 2 cic saor), K. Spillane (0-8, 2 cic saor), C. Hallissey (1-0). Fir Ionaid: K. McCarthy in áit P. Clifford (32 nóim), P. Spillane (0-1) in áit C. Hallissey (55 nóim), T. Spillane in áit S. Sheehan (58 nóim), J. Rice in áit B. Crowley (58 nóim), J. Sheehan in áit M. Hallissey (58 nóim), M. Reilly in áit J. Crowley-Holland (60 nóim).

 Réiteoir:Brendan Griffin

Fág freagra ar 'Ceachtanna le foghlaim ag buachaillí na Gaeltachta agus an Teampall Nua rómhaith dóibh'