Cuireadh ar neamhní sa Chúirt Uachtarach inniu plean an Rialtais chun dul i ngleic leis an athrú aeráide mar gheall ar é a bheith rótheibí agus gann i sonraí.
Chinn seachtar breithiúna sa Chúirt Uachtarach nach raibh dóthain eolais sa phlean maidir le conas a dhéanfaí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.
Dúirt an Taoiseach, Micheál Martin, tráthnóna go mbeadh ceachtanna le foghlaim agus le cur i bhfeidhm de bharr chinneadh na cúirte.
An grúpa Cairde Chomhshaol na hÉireann (FIE) a thug an cás in aghaidh an stáit agus meastar go mbeidh impleachtaí ag a mbua sa Chúirt Uachtaracha ar cheisteanna a bhaineann leis an bpolasaí comhshaoil i dtíortha eile.
Rialaigh an chúirt chomh maith nach raibh Plean Maolaithe Náisiúnta (2017-2022) ag teacht leis na dualgais atá ar Éirinn i dtaobh an Achta um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015. Dúradh nach raibh dóthain sonraí sa phlean faoi conas a bhainfeadh an Stát amach geilleagar ísealcharbóin faoi 2050.
Dúradh go raibh dualgas ar an Rialtas “dóthain sonraí réadúla” a chur ar fáil ach gur “fada uaidh sin” an t-eolas a cuireadh ar fáil. Dúirt an Príomh-Bhreitheamh, Frank Clarke, nach mbeadh sé soiléir d’aon duine réasúnta a léifeadh an plean cén chaoi go díreach a raibh sé i gceist ag polasaí athrú aeráide an rialtais a sprioc a bhaint amach faoi cheann tríocha bliain.
Chuir Cairde Chomhshaol na hÉireann fáilte roimh an gcinneadh “suntasach” seo. D’iarr siad ar an Rialtas gníomhú láithreach chun astaíochtaí a laghdú sa ngearrthéarma trí dlí nua aeráide a thabhairt isteach a bheadh níos láidre agus buiséid charbóin uaillmhianacha 5 bliana a leagan amach ina gcéad 100 lá in oifig.
Dúirt Oisín Coghlan, Stiúrthóir Chairde na Cruinne:
“Bhí dualgas eolaíoch, polaitiúil agus morálta ar an Rialtas roimhe seo treisiú ar a iarrachtaí astaíochtaí truaillithe aeráide a laghdú. Fágann cinneadh seo na Cúirte Uachtaraí go bhfuil dualgas dlí ar an Rialtas anois chomh maith.”
“Caithfear laghdú níos mó a dhéanamh ar astaíochtaí agus caithfear bearta agus polasaithe sonracha a leagan amach chun na laghduithe sin a bhaint amach.
“Ní mór na laghduithe sin ar astaíochtaí a dhéanamh go cothrom. Tá an cás ar son gníomh níos gasta agus níos féaráilte a dhéanamh ar son na haeráide i bhfad níos láidre inniu de bharr an chinnidh seo.”
Dúirt Oisín Coghlan nár cheart go mbeadh ar shaoránaigh na tíre seo dul chun cúirte chun iad féin a chosaint ar iarmhairtí na haeráide.
“Níor chóir go mbeadh orainn dul i muinín an dlí chun cur faoi ndeara don Rialtas a ghealltanais féin a chomhlíonadh. Níor cheart go ligfí an scéal chomh fada sin.
“Caithfear deireadh a chur inniu le ré na ngealltanas nár comhlíonadh. Caithfear meicníochtaí a thabhairt isteach láithreach a chinnteoidh go ndéanfar astaíochtaí a laghdú sa ghearrthéarma.
“Tá sé riachtanach go dtabharfaidh an Rialtas reachtaíocht aeráide níos láidre isteach ina gcéad 100 lá in oifig agus go mbeidh buiséid charbóin uaillmhianacha 5 bliana ann.”
Fág freagra ar '‘Ceachtanna’ le foghlaim ag an Rialtas agus a bplean comhshaoil curtha ar neamhní sa Chúirt Uachtarach'