Ceachtanna don PSNI faoi shaoirse iriseoireachta

Níl sna milliúin a chosain cás na bpóilíní ach cuid den scéal - is measa go mór an damáiste don phóilíneacht

Ceachtanna don PSNI faoi shaoirse iriseoireachta

Tá tuairisc éilithe againn cheana ar na ceachtanna atá foghlamtha ag an tSeirbhís Póilíneachta ón gcás seo.

Táimid ag fanacht freisin ar thuairisc ó phóilíní Durham. Fillfimid ar an gceist sa bhliain nua agus beimid ag dréim le freagra tomhaiste a chothóidh cinnteacht agus muinín.

Ba é sin teachtaireacht Chathaoirleach Bhord Póilíneachta Thuaisceart Éireann do Príomh-Chonstábla an PSNI, Simon Byrne, ag cruinniú míosúil an Bhoird ar an Déardaoin. Ba é sin an chéad chruinniú den Bhord ó cuireadh clabhsúr ar chás a bhí ina scannal le dhá bhliain.

Bhí míshuaimhneas agus míshástacht an Bhoird soiléir le tamall faoin gcaingean dhochosanta in aghaidh na n-iriseoirí Trevor Birney agus Barry McCaffrey. Is léir anois go n-éileofar barántais san athbhliain faoi aitheantas na bpóilíní do shaoirse an phreasa.

Fógraíodh san Ard-Chúirt i mBéal Feirste deich la ó shin go n-íocfadh an PSNI cúiteamh leis an mbeirt fhear agus leis an gcomhlacht Fine Point Films lena ndearna siad an scannán No Stone Unturned, faoi shléacht Loch an Oileáin.

Áirítear go gcosnóidh an cúiteamh timpeall £875,000 ar fad, beagnach milliún euro. Ina theannta sin, caithfidh na póilíní timpeall a dhá oiread sin arís a íoc ós orthu a thiteann costais an dá thaobh. Ba dhaor an togra é don sparán poiblí.

Ní haon iontas go mbeadh Bord na bPóilíní buartha faoin gcostas poiblí ollmhór, cur amú airgid atá gann.

Ach ba é ‘stiúradh an fhiosraithe’ an t-údar imní ba thromchúisí.

Rinne na scórtha póilíní ruathair ar thithe na n-iriseoirí san adhmhaidin amhail is gur ag déileáil le coirpigh a bhíodar, le barúin drugaí nó sceimhlitheoirí a raibh seans go n-éalóidís. Gabhadh an bheirt agus tógadh a ríomhairí, a ngutháin, a gcomhaid, go fiú guthán agus obair scoile iníon Trevor Birney, chomh maith le lear mór ábhair as oifig an chomhlacht scannáin.

Go hachomair, nocht an scannán No Stone Unturned go raibh fiosrú na bpóilíní ar an eachtra uafáis i 1994 easnamhach, faillitheach.

Maraíodh seisear agus goineadh cúigear nuair a d’ionsaigh fir ghunna ón UVF slua a bhí bailithe san Heights Bar ag faire ar an gcluiche sacair idir Poblacht an hÉireann agus an Iodáil ag Corn an Domhain.

Bhain an scannán úsáid as tuarascáil a sceitheadh ó oifig Ombudsman na bPóilíní a chinn go raibh claonpháirteachas idir póilíní áirithe agus na dúnmharfóirí. Níor cúisíodh aon duine faoin uafás. In áit a dhul sa tóir ar na paraimíleataigh a bhí freagrach bhunaigh an PSNI fiosrú faoi ‘ghadaíocht’ na tuarascála ó oifig an Ombudsman. Thug Príomh-Chonstábla na linne, George Hamilton cúram an fhiosraithe do Chonstáblacht Durham a d’úsáid comhaltaí den PSNI sna ruathair ar thithe agus oifig na n-iriseoirí.

I mí Iúil seo caite rialaigh Príomh- Bhreitheamh Thuaisceart Éireann, an Tiarna Declan Morgan ar athbhreithniú dlíthiúil na n-iriseoirí gur gabhadh iad go mídhleathach agus d’ordaigh sé go dtabharfaí ar ais dóibh an t-ábhar a tógadh uathu. Bhain barántas cuardaigh na bpóilíní le dhá cháipéis ó oifig an Ombudsman ach thóg siad na milliúin píosaí eolais ar pháipéar agus ar threalamh leictreonach.

Anois tá geallúint tugtha go scriosfar cóipeanna den ábhar sin a choinnigh na póilíní agus cúiteamh ordaithe.

Is mór an faoiseamh é do Trevor Birney agus Barry McCaffrey agus dá muintir. Ní nach ionadh d’fháiltigh iriseoirí agus a gceardchumann chomh maith le heagraíochtaí cearta daonna roimh an gcinneadh. Cor stairiúil is ea é. Dúirt Niall Murphy, dlíodóir Trevor Birney, gur fasach atá sa mhéid cúitimh atá le híoc; ní fhaca sé suimeanna chomh mór as gabháil neamhdhleathach ariamh cheana, ar sé.

Ní leor é áfach. Bhí gach ceart ag na hiriseoirí foinse an eolais faoi bhreithiúnas an Ombudsman a choinneáil faoi rún. Ba é sin a ndualgas. Ní lúbfar é mar nach dtaitníonn an tuairisc le lucht na cumhachta.

Cé gur ghabh an Príomh-Chonstábla, Simon Byrne, leithscéal leis na fir tá gá anois le soiléire faoi chur chuige an PSNI. Ní mór dóibh a léiriú go bhfuil ceacht foghlamtha. Cuirfear suim mhór ina dtuarascáil do Bhord na bPóilíní sa bhliain nua. Má táthar chun muinín a chothú caithfidh sé a bheith soiléir go n-aithníonn an PSNI nach coir í an iriseoireacht.

Fág freagra ar 'Ceachtanna don PSNI faoi shaoirse iriseoireachta'