Ceachtanna CLG ó chluichí an deireadh seachtaine…

A raibh le foghlaim ón gcluiche leathcheannais iomána agus na cluichí ceathrú ceannais peile

Ceachtanna CLG ó chluichí an deireadh seachtaine…

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Dea-obair Phort Láirge scriosta i ndeich nóiméad

Ar feadh uair an chloig de chluiche leathcheannais iomána na hÉireann, bhí an chuma ar an scéal nach bhféadfadh Port Láirge cos a chur amú. Bhí an brú a bhí á chur acu ar Chill Chainnigh dochreidte agus bhí a gcuid tosaithe ar fheabhas nuair a thug siad faoi na postaí.

Ba iad na hiarrachtaí a bhí á chur amú acu ar cheann de na fadhbanna ba mhó a bhí ag cur as do na Déisigh roimhe seo ach d’fhormhór an chluiche inné, bhí an rogha cheart á déanamh acu. D’fhág sé sin go raibh siad ceithre phointe chun cinn ar Chill Chainnigh agus 60 nóiméad imeartha ach cuireadh an obair iontach sin uile ó mhaith sna deich nóiméad dheireanacha.

Idir pointe Patrick Curran sa 59ú nóiméad agus poc saor Pauric Mahony sa 73ú nóiméad, chuir Port Láirge cúig iarracht as a chéile amú, an líon céanna a chuir siad amú sa 60 nóiméad roimhe sin.

Thit an tóin astu sna deich nóiméad dheireanacha sin. Thosaigh a gcuid tosaithe ag cúlú siar go hiomlán, rud a d’fhág go raibh siad ag scaoileadh faoi scóranna agus iad i bhfad ón gcúl.

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne
Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Hawk-Eye ag cabhrú le Cill Chainnigh arís

Agus beagnach 68 nóiméad imeartha i bPáirc an Chrócaigh inné, bhí Port Láirge fós trí phointe chun cinn, 0-23 in aghaidh 0-20. Agus cúpla iarracht curtha amú cheana aige sa chluiche, bhí sé de mhuinín fós ag Kevin Moran tabhairt faoi iarracht ó lár na páirce.

Nuair a d’ardaigh an maor cúil an brat bán, bhreathnaigh sé go raibh scór cinniúnach ag Phort Láirge agus farasbarr ceithre chúilín acu anois ar na Cait. Nuair a stop an réiteoir James Owens an imirt ina dhiaidh sin, ba léir gur drochscéala a bhí i ndán do na Déisigh.

Coinníonn córas Hawk-Eye súil ar gach iarracht i rith cluiche, ní hamháin na cinn a chuirtear faoina bhráid i rith na himeartha. Nuair a fheiceann an duine atá i bhfeighil Hawk-Eye go bhfuil botún déanta ag an réiteoir nó na maoir chúil, deirtear leis an réiteoir an scór a sheiceáil agus sin a tharla inné.

Fiú nuair a taispeánadh iarracht Moran, ní dheachaigh ach leath den sliotar ar an scáileán tríd an bposta, ach tá cinneadh déanta ag CLG gur iarracht amú a bheidh ann má bhuaileann an sliotar, nó an liathróid sa pheil, aon chuid de phosta Hawk-eye.

Dar ndóigh, ní hé seo an chéad chluiche go raibh tionchar mór ag Hawk-Eye air. I gcluiche ceannais iomána na hÉireann 2014, bhí súil an tseabhaic ag teastáil chun a shoiléiriú gur imithe amú a bhí poc saor John O’Dwyer ó Thiobraid Árann in am breise. Chinntigh an cinneadh sin go mbeadh lá eile ag Cill Chainnigh agus bhuaigh siad an athimirt. Beidh siad ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh Dé Domhnaigh seo chugainn.

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne
Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

D’fhéadfadh feabhas níos fearr teacht ar Chill Chainnigh ná ar Phort Láirge

Thug Port Láirge an taispeántas is fearr atá feicthe againn uathu ar feadh uair an chloig den chluiche inné ach ciallaíonn a dteip sna deich nóiméad dheireanacha go mbeidh orthu aghaidh a thabhairt ar na Cait arís an tseachtain seo chugainn. Is í an fhadhb leis sin ná go mbíonn sé thar a bheith deacair ag foireann buaic eile a bhaint amach seachtain i ndiaidh dóibh a dtaispeántas is fearr riamh a thabhairt.

Beidh rudaí níos deacra do Phort Láirge an tseachtain seo chugainn mar beidh níos mó taithí ag Cill Chainnigh ar chóras na nDéiseach agus is annamh a thagann foirne aniar aduaidh ar na Cait dhá lá as a chéile. Chomh maith leis sin, bheadh tú ag súil le níos mó de ghaisce ó imreoirí móra Chill Chainnigh.

Ba é taispeántas Michael Fennelly i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh a bhuaigh Corn Mhic Cárthaigh do Chill Chainnigh ach ní raibh tionchar ar bith aige ar an imirt an lá cheana. Ba é an scéal céanna é ag a dheartháir, Colin. Is iad Richie Hogan agus TJ Reid an bheirt is tábhachtaí de thosaithe Chill Chainnigh ach bhí Hogan ciúin go maith sa dara leath agus cé go raibh Reid cruinn ó na pocanna saora, níor aimsigh sé scór ar bith ón imirt. Bheadh tú ag súil go bhfeabhsóidís an Satharn seo chugainn.

Pictiúr: I INPHO/Ryan Byrne
Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Rudaí ag dul i bhfeabhas do Mhaigh Eo

Níl an t-ardchaighdeán a mbeifeá ag súil leis ó Mhaigh Eo feicthe go dtí seo againn sa chraobh ach tá cúrsaí ag dul i bhfeabhas dóibh. Bunaithe ar na taispeántais a thug siad in aghaidh na Gaillimhe agus sna babhtaí cáilithe, ní raibh mórán ag súil go go bhfaigheadh foireann Stephen Rochford an ceann is fearr ar Thír Eoghain sa chluiche ceathrú ceannais Dé Sathairn seo caite ach bhí dul amú ar chuid mhaith againn.

Ní hé gur chruthaigh Maigh Eo chomh maith is a chruthaigh siad i gcluichí ceathrú ceannais agus leathcheannais na bliana seo caite, mar shampla, ach ba í an taithí ó na cluichí sin agus cluichí dá leithéid, a chinntigh gurb iad fir Chonnacht a fuair an ceann is fearr ar Thír Eoghain.

Tá an chaint tosaithe cheana féin go bhfuil sé i ndán do Mhaigh Eo ar a laghad cluiche ceannais na hÉireann a shroicheadh, ach caithfidh siad díriú ar Thiobraid Árann ar dtús. Ceann de na cúiseanna a tugadh le teip na Gaillimhe an tseachtain seo caite ná gur mheas siad Tiobraid Árann faoina luach agus beidh thiar ar Mhaigh Eo má dhéanann siad amhlaidh, go háirithe mura dtagann feabhas arís ar a gcuid imeartha féin.

Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Baile Átha Cliath fós ag fanacht lena gcéad dúshlán

Cé nach raibh ach dhá phointe ag scaradh na bhfoirne sular scóráil Paul Mannion cúl Bhaile Átha Cliath, ní raibh an chosúlacht ar Dhún na nGall aon uair gur chreid go raibh siad in ann cluiche an tSathairn a bhuachan. Fiú agus Diarmuid Connolly curtha den pháirc agus 25 nóiméad fós le himirt, is iad Baile Átha Cliath is mó a scóráil sa tréimhse sin, 1-3 in aghaidh 0-5.

Bhí súil ag daoine go dtabharfadh Paddy McBrearty agus Michael Murphy dúshlán do líne lánchúl Bhaile Átha Cliath, atá d’uireasa Rory O’Carroll, ach níor tharla sin. Ní bhfuair McBrearty agus Murphy ach pointe ón imirt eatarthu agus níor baineadh leas ceart as na buanna atá acu. Le linn na tréimhsí a chaith Murphy ina lántosach, níor tugadh oiread agus pas maith amháin dó.

Tá go leor cainte déanta faoi chomh héasca a bhí sé ag Ciarraí cluiche leathcheannais na hÉireann a bhaint amach ach ní raibh sé mórán níos deacra ag Baile Átha Cliath.

Fág freagra ar 'Ceachtanna CLG ó chluichí an deireadh seachtaine…'