Ceacht soiléir ó 1998 agus Stormont an tsneachta agus an dóchais…

Rinne rialtais na hÉireann agus na Breataine éacht in éineacht i 1998. Teastaíonn éacht eile go géar anois…

Ceacht soiléir ó 1998 agus Stormont an tsneachta agus an dóchais…

Bertie Ahern agus Tony Blair in 1998. Pictiúr: MARTIN McCULLOUGH/PHOTOCALL IRELAND

Éacht déanta, 1998

Rinneadh margadh i Stormont fiche bliain ó shin a chuir síol dóchais agus comhréitigh in ithir pholaitiúil an Tuaiscirt, ainneoin gach céim ar gcúl ó shin i leith. Ní bheannaíonn  iriseoirí conradh polaitiúil de ghnáth, ach is léir do dhuine neamhchlaonta ar bith buanna an Chomhaontaithe a síníodh ar Aoine an Chéasta i 1998.

Tar éis ré na dTrioblóidí inar maraíodh breis agus 3,500 duine, gheall gach páirtí a bhí i láthair (bhí an DUP in easnamh) gur le modhanna daonlathacha, síochánta amháin a réiteofaí aighnis eatarthu as sin amach. D’fhógair siad freisin sa Chomhaontú, ar féidir é a léamh anseo, go raibh siad i gcoinne foréigin nó bagairt foréigin chun aidhmeanna polaitiúla a chur i gcrích.

D’fhógair an Comhaontú prionsabail thábhachtacha eile chomh maith: comhurraim, cothrom na Féinne, comhthoil agus comhréiteach. Is deacair a bheith dóchasach faoi láthair go mbeidh rath ar fheidhmiú na bprionsabal úd. Tá easaontas follasach idir an DUP agus Sinn Féin ó thuaidh, agus idir rialtais na Breataine agus na hÉireann, ó thosaigh ré léanmhar an Bhreatimeachta in 2016.

Is fiú cuimhneamh i gcónaí mar sin ar an tacaíocht láidir a thug muintir na hÉireann don Chaomhaontú sna reifrinn a reachtáladh, thuaidh agus theas, i 1998.

Vótáil 71% de vótóirí an Tuaiscirt i bhfabhar an Chomhaontaithe, agus 94% de vótóirí na Poblachta i bhfabhar leasú ar an mBunreacht a chuir forálacha an Chomhaontaithe i bhfeidhm.

Cuimní cinn 1998

Bhí gach duine traochta agus iad ag fágáil Stormont tráthnóna Aoine an Chéasta fiche bliain ó shin.

Na polaiteoirí agus a lucht cúnta, a chaith suas le coícís i mbun idirbheartaíochta sa bhloc gránna oifigí i Stormont ina ndearnadh an margadh stairiúil faoi dheireadh.

Bertie Ahern, a bhí ina Thaoiseach i 1998, thar aon duine eile. Dúradh leis le linn na gcomhráite go raibh a mháthair Julia tar éis bháis. Bhí cúrsaí chomh héiginnte sin i Stormont nár thug sé ach geábh sciobtha ó dheas chun freastal ar a sochraid sular fhill sé ar Stormont.

Bhí cúis bheag faoisimh de dhíth ar scata mór iriseoirí a chaith laethanta fada sa bhfuacht taobh amuigh de na geataí. Rinneamar cur síos ar na comhráite a d’athraíodh ó lá go lá. Chraolamar scéalta dóchais agus éadóchais a thagadh sna sála ar a chéile.

Deireadh foinsí éagsúla, ó rialtas na Breataine go háirithe, linn go minic go raibh dul chun cinn á dhéanamh laistigh. De ghnáth thagadh malairt scéil faoi cheann cúpla uair an chloig.

Thug Aontachtóirí Uladh le fios lá amháin go raibh siad ar tí siúl amach toisc nach raibh barántas á thairiscint ag Sinn Féin go ndéanfaí díchoimisiúnú ar airm an IRA (a raibh sos lámhaigh fógartha acu i 1997).

Bhagair Sinn Féin lá eile go ndiúltóidís do mhargadh ar bith mura mbeadh geallúint ann go saorfaí faoi cheann sé mhí comhaltaí an IRA a bhí i bpríosún.

D’inis ionadaithe as gach dream a bhí páirteach sna cainteanna do na meáin ó am go chéile (a) go raibh an t-atmaisféar laistigh ag dul i bhfeabhas, (b) nó ag dul chun donais, (c) go raibh meon comhoibritheach i réim (d) go raibh teip iomlán cóngarach, nó (e) go raibh seans ann go dtiocfaí ar chomhréiteach.

Nuair a chuir cathaoirleach Meiriceánach na gcomhráite George Mitchell brú faoi dheireadh ar na páirtithe glacadh leis an gComhaontú ar Aoine an Chéasta, ba léir láithreach mímhuinín idir na hAontachtóirí agus Sinn Féin.

Dúirt an ceannaire Aontachtach David Trimble go raibh litir scríofa chuige ag príomh-aire na Breataine Tony Blair (i ngan fhios do na páirtithe eile) a gheall go ndíbreofaí Sinn Féin ón fheidhmeannas i Stormont mura mbeadh airm an IRA á ndíchoimisiunú. Ba léir ón litir, áfach, nach raibh ráite ag Blair ach go bhféadfaí Sinn Féin a dhíbirt.

Ní raibh tuairimí príobháideacha Shinn Féin ag teacht le gach ráiteas poiblí ón bpáirtí. Mar shampla, dúirt poblachtach sinsearach le scríbhneoir an cholúin seo go mb’fhéidir nach ndéanfaí díchoimisiúnú ar airm an IRA go deo (cuireadh as feidhm iad faoi dheireadh in 2005).

Thit cith éadrom sneachta ar Stormont agus na rannpháirtithe ag cur síos ar an gcomhaontú – Bertie Ahern agus Tony Blair i dtosach, George Mitchell ina ndiaidh, agus gach páirtí eile ina ndream is ina ndream. Bhí ábhar suntasach dóchais san aer, ainneoin gach caveat Poblachtach agus Aontachtach, agus ainneoin na gcalóga sneachta..

Ceacht 1998

Tá sé ráite go minic ag Tony Blair agus ag Bertie Ahern ó shin gur oibrigh siad as lámha a chéile, agus Uachtarán Clinton na Stát Aontaithe ag cuidiú leo ó am go ham. Dar leis an mbeirt nach mbeadh Comhaontú ann murach an comhoibriú eatarthu, agus nach mbeadh rath ar a chur i bhfeidhm ach oiread dá uireasa.

Ní fhéadfaí aighneas sa Tuaisceart a réiteach, a scríobh Tony Blair ina dhírbheathaisnéis, dá bhfágfaí an saothar réitigh go hiomlán faoi na páirtithe áitiúla. ‘If it were possible for them to resolve it on their own, they would have done so. Ergo, they need outside help.

Tá ciall lena thuairim, agus ciall níos soiléire léi faoi láthair. Ní cabhair ach a mhalairt atá á tabhairt ag rialtas na Breataine agus vóta Breatimeachta 2016 á chur i bhfeidhm acu. Ní spéis i gcúrsaí an Tuaiscirt ach a mhalairt, uaireanta, a léirigh an rialtas abhus sna blianta tar éis shíniú an Chomhaontaithe.

Ba chóir go mbeadh an ceacht soiléir faoin am seo. Bhí dlúthbhaint ag comhoibriú Angla-Éireannach le Comhaontú Aoine an Chéasta agus leis na hathruithe chun feabhais a cuireadh i bhfeidhm (bunú an PSNI mar shampla) dá bharr.

Cuireann an easpa comhoibrithe idir Londain agus Baile Átha Cliath bac i gcónaí ar dhul chun cinn i dTuaisceart Éireann. Faraor, is treise an dochar a dhéanfaidh easpa comhthuisceana eatarthu i ré an Bhreatimeachta.

Is é sin, go dtí go n-aimseofar bealach éigin leis an dochar a leigheas. Sin, nó míorúilt.

Fág freagra ar 'Ceacht soiléir ó 1998 agus Stormont an tsneachta agus an dóchais…'

  • Cluain Sceach

    Is fiú i gcónaí a mbíonn le rá ag Cathal a léamh