Ceacht le foghlaim ó dheas ón láimhseáil a rinneadh ar thorthaí scrúduithe Stáit ó thuaidh – príomhoide Gaelscoile

Ba cheart cinneadh a bheith déanta ó thuaidh luath sa phróiseas gráid mheasta na múinteoirí a bhronnadh ar dhaltaí

Ceacht le foghlaim ó dheas ón láimhseáil a rinneadh ar thorthaí scrúduithe Stáit ó thuaidh – príomhoide Gaelscoile

Ba chóir don Roinn Oideachais agus Scileanna a chinntiú nach bhfágtar daltaí “san fhaopach” mar a rinneadh ó thuaidh agus go ndéanfaidís “an cinneadh ceart” maidir le torthaí na scrúduithe stáit go luath, dar le Príomhoide Choláiste Feirste.

Deir Micheál Mac Giolla Ghunna, Príomhoide Choláiste Feirste in Iarthar Bhéal Feirste, gur cuireadh “brú agus imní” ar dhaltaí agus ar a dtuismitheoirí “a d’fhéadfaí a sheachaint” dá ndéanfaí cinneadh “luath sa phróiseas” gráid mheasta na múinteoirí a bhronnadh ar dhaltaí.

“Tuigim go raibh sé iontach deacair ar na húdaráis uilig, an bord scrúdúcháin agus an Roinn Oideachais, teacht ar chóras inghlactha. Ach san am céanna is léir go bhfuiltear ag déanamh cinntí de réir a chéile gan aon phlean. Tá na daltaí agus na scoileanna fágtha i ndroch-áit ag an chur chuige sin,” a dúirt Mac Giolla Ghunna le Tuairisc.ie.

“Bhí trí nó ceithre mhí acu lena machnamh a dhéanamh air seo cé go raibh brú orthu ag an tús le córas a chur i bhfeidhm ach thiocfadh leo athbhreithniú a dhéanamh ar an chóras sin ó thús an tsamhraidh. Tá muid ag fáil amach anois go bhfuil fadhbanna ann agus go bhfuil siad ag déanamh cinntí ar an bhomaite, agus an córas marcála á athrú ina iomlán, córas a dúirt siad nach dtiocfadh leo a athrú,” a dúirt sé.

Dúirt Príomhoide Choláiste Feirste gur chóir don Roinn Oideachais agus Scileanna ó dheas cinneadh a dhéanamh faoi shocrú na ngrád “go luath” ionas nach mbeidh daoine óga “ag fáil grád amháin seachtain amháin agus grád eile seachtain eile”, mar atá ag tarlú do dhaltaí ó thuaidh.

Deir Mac Giolla Ghunna gur chuir an Roinn Oideachais ó thuaidh “córas éagothrom i bhfoirmle gan náire” nuair a beartaíodh marcanna measta na múinteoirí a leasú de réir algartaim a thug buntáiste do dhaltaí ó chúlra meánaicmeach.

Dúirt sé chomh maith nach raibh aon mhuinín ag príomhoidí sa Tuaisceart sa Roinn Oideachais toisc an dóigh ar pléadh leis an scéal.

Tá brú anois ar scoileanna “fianaise a sholáthar” do na hollscoileanna maidir le gráid mheasta na múinteoirí le háiteanna na ndaltaí ar chúrsaí ollscoile a chinntiú, a dúirt sé.

Cé go raibh go leor éiginnteachta ann i mbliana maidir le torthaí na scrúduithe stáit, creideann Mac Giolla Ghunna go bhfuil “córas níos cothroime i bhfeidhm i mbliana” toisc na torthaí a bheith bunaithe ar ghráid mheasta na múinteoirí.

“I mbliana thug na múinteoirí gráid mheasta i dtaca le foghlaim agus cumas na ndaltaí. Rinne na múinteoirí sin go hionraic agus go proifisiúnta. Bheadh agus beidh na gráid níos airde ná anuraidh de thairbhe gur bhain na múinteoirí úsáid eolaíoch as an fhianaise faoi fhoghlaim na ndaltaí,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Ceacht le foghlaim ó dheas ón láimhseáil a rinneadh ar thorthaí scrúduithe Stáit ó thuaidh – príomhoide Gaelscoile'