‘Ceacht le foghlaim’ ag an HSE agus Gaelscoil dúnta ag ráig den Covid-19

Deir Seán Ó Conaill, cathaoirleach bhord bainistíochta Ghaelscoil Uí Drisceoil, go bhféadfadh an scoil srian níos fearr a chur ar an ráig dá mbeadh eolas breise faighte acu ón HSE

‘Ceacht le foghlaim’ ag an HSE agus Gaelscoil dúnta ag ráig den Covid-19

Deir bord bainistíochta Gaelscoile a raibh uirthi dúnadh de bharr ráig den choróinvíreas go bhfuil ceachtanna le foghlaim maidir leis an gcaoi ar dhéileáil na seirbhísí sláinte leis an scéal.

D’fhógair Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go mbeadh ar Ghaelscoil Uí Drisceoil i nGleann Maghair i gcontae Chorcaí dúnadh an tseachtain seo tar éis gur deimhníodh 17 cás den Covid-19 sa scoil.

Fágann an ráig go mbeidh an scoil dúnta go dtí an 8 Nollaig agus go mbeidh tástálacha le déanamh ar an 435 dalta a fhreastalaíonn ar an scoil, chomh maith le múinteoirí, baill foirne agus tuismitheoirí.

Deir Seán Ó Conaill, cathaoirleach bhord bainistíochta na scoile, go bhféadfadh an scoil srian níos fearr a chur ar an ráig dá mbeadh eolas breise faighte acu ón HSE.

Fógraíodh an chéad chás sa scoil an 15 Samhain, ach dúirt Ó Conaill agus é ag labhairt ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta nárbh fhada go raibh sé soiléir go raibh fadhb níos mó ann.

“Léiríodh é sin nuair a tháinig Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte isteach agus, mar a dúirt siad sa litir a chuir siad amach chuig na tuismitheoirí, go raibh rud éigin eisceachtúil ag tarlú toisc go raibh borradh ag teacht ar líon na gcásanna sa scoil.”

Dúirt Ó Conaill gur léir anois go raibh níos mó cásanna deimhnithe sa phobal scoile ach nár cuireadh an scoil ar an eolas.

“Bhí an t-eolas sin ar fáil ach níor chuireadh an t-eolas sin ar aghaidh chugainn. Dá bhrí sin, tháinig borradh agus tháinig fás ar líon na gcásanna sa scoil.”

Dúirt Ó Conaill gur chloígh an scoil leis na treoracha uile maidir leis an Covid-19 ach gur scaip an scoil sá n-ainneoin. Mhaígh sé dá mbeadh an t-eolas ar fad faighte ag an scoil, bheadh siad in ann stop níos fearr a chur le scaipeadh an víris.

“B’fhéidir go raibh eolas áirithe [ag an HSE] a d’fhéadfaidís a roinnt linn ar shlí níos éifeachtaí ionas go mbeadh muidne in ann ranganna áirithe a dhúnadh síos agus stop a chur le scaipeadh an víris.”

Dúirt Ó Conaill, atá ina léachtóir dlí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh gur cúrsaí príobháideachais an chúis nár roinn an HSE an t-eolas leo ach mhínigh sé go bhfuil eisceachtaí sa dlí le déileáil lena leithéid de chás.

“Ó thaobh an dlí de anseo, tá uirlisí iontach láidir ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun eolas a roinnt,” arsa Ó Conaill.

“Tuigeann muid na dualgais atá ann ó thaobh an phríobháideachais ach caithfear go bhfuil tuiscint ann sa chomhthéacs seo go bhfuil cúis mhaith agus cumhacht dhleathach ann chun é a [roinnt].”

Dúirt Ó Conaill nach raibh sé ag iarraidh locht a fháil ar an HSE, a bhfuil “sárjab” déanta acu le linn na paindéime dar leis, ach mheas sé gur chóir athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras atá i bhfeidhm acu chun a chinntiú nach dtarlóidh cás mar seo arís.

“Braitheann muidne go bhfuil ceacht le foghlaim as seo. Tá éacht déanta ag scoileanna na tíre agus an-jab déanta ag príomhoidí agus ag múinteoirí ach caithfear an t-eolas ar fad atá ag na seirbhísí sláinte a roinnt leis na scoileanna freisin.

“Níl muid ag rá nach mbeadh aon chás againn murach sin, níl aon dabht ach go mbeadh, ach b’fhéidir go mbeadh líon na gcásanna i bhfad níos ísle dá mba rud é go mbeadh an córas níos éifeachtaí,” a dúirt Ó Conaill.

Fág freagra ar '‘Ceacht le foghlaim’ ag an HSE agus Gaelscoil dúnta ag ráig den Covid-19'

  • Ruán Ó Gliasáin

    Aontaín leis sin ba cheart an t-eolas sin a chur ar fáil d’fhéadfadh daoine leochaileacha bás a fháil