Ceacht foghlamtha ag lucht na hEorpa faoi chumhacht an dollar

Tuigtear anois don AE nach ionann leas Mheiriceá agus leas na hEorpa ná an chuid eile den domhan

Ceacht foghlamtha ag lucht na hEorpa faoi chumhacht an dollar

Tá osna faoisimh le clos ó bhunaíocht nualiobrálach an domhain ó tharla bata is bóthar a bheith tugtha do Donald Trump agus Joe Biden a bheith insealbhaithe mar Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá. 

Ach tá amhras mór ann an mbeidh ar chumas Biden, nó duine ar bith i ndáiríre, an tseanréim a thabhairt ar ais agus ról Mheiriceá mar cheannasaí ar an gcomhghuaillíocht nualiobrálach a athdhaigniú – cineál make America great again, ach ní sa chiall a bhí i gceist ag Trump.

Tá athruithe móra curtha i bhfeidhm ag Trump maidir le polasaí eacnamaíochta na Stát Aontaithe, athruithe a thagann salach ar mhianta na gcomhlachtaí móra idirnáisiúnta ach a oireann do chuid mhaith den phobal.

Ni bheidh sé éasca dul siar orthu siúd.

Ach chomh maith leis sin, is cosúil go bhfuil ceacht foghlamtha ag comhghuaillithe an nua-liobrálachais.  Tá cáipéis curtha le chéile ag Coimisiún na hEorpa ina ndéantar anailís ar an ngreim atá ag na Stáit Aontaithe ar an Eoraip, agus, ar ndóigh, ar an gcuid is mó den domhan.

Ní mar gheall ar an gcumhacht mhíleata amháin atá an ghreim sin ag na Stáit Aontaithe, ach mar gheall ar an ról atá acu i gcúrsaí eacnamaíochta idirnáisiúnta. Tá an chumhacht sin acu, ní mar gheall ar cé comh mór is chomh saibhir is atá margadh inmheánach na Stát Aontaithe ach mar gheall ar an ngreim atá acu ar chúrsaí airgeadais.

D’fhoghlaim an tAontas Eorpach an ceacht sin nuair a d’éirigh Trump as an socrú a rinneadh leis an Iaráin maidir le cumhacht núicléach.  Chuir na Stáit Aontaithe smachtbhannaí i bhfeidhm ar an Iaráin.  Níor aontaigh an Eoraip leis an gcinneadh sin ach fuair siad amach go raibh sé ionann is dodhéanta gnó a dhéanamh leis an Iaráin toisc go raibh drogall ar bhainc idirnáisiúnta aird údaráis Mheiriceá a tharraingt orthu féin.

Séard atá á mholadh anois sa phlécháipéis seo ná go gcaithfidh an Eoraip deireadh a chur lena spleáchas ar an dollar i gcúrsaí gnó idirnáisiúnta. Mura ndéantar sin, beidh an Eoraip ag brath ar Mheiriceá i gcónaí agus ní bheidh saoirse acu maidir lena bpolasaithe trádála féin ná a bpolasaithe gnóthaí eachtracha. 

Ní leis an Iaráin amháin a bhaineann an scéal seo ar ndóigh.  Tá an Ghearmáin ag iarraidh le fada píblíne nua a thabhairt i dtír díreach ón Rúis (Nordstrom an t-ainm atá uirthi) ar mhaithe le soláthar gáis a chinntiú ar phraghas atá i bhfad níos ísle ná praghas an gháis leachtaigh atá SAM ag iarraidh a dhíol leis an nGearmáin.

Níl cead ag aon bhanc Meiriceánach páirt a ghlacadh sa bhfiontar seo, agus is cosúil go mbíonn na húdaráis i Meiriceá ag cur brú ar bhainc eile gan baint a bheith acu ach an oiread leis an scéim Nordstrom seo.

Go deimhin bhagair Meiriceá ar Chomhairle Sassnitz (an limistéar ina dtagann an phíblíne i dtír sa nGearmáin) go gcuirfí smachtbhannaí i bhfeidhm orthu dá leanfaí leis an scéim.

Mar a tharlaíonn tá móramh ar an gcomhairle sin ag an eite chlé –  iarchumannaigh cuid mhór acu – ach tá gach páirtí ann aontaithe nach ngéillfear don bhagairt sin ó Mheiriceá.

Cuireann na scéalta seo imní ar an Aontas Eorpach, agus ar an nGearmáin go háirithe, ach céard is féidir a dhéanamh faoi?

Is cosúil go mba mhaith leis an gCoimisiún go mbeadh siad in ann ról mar airgeadra malairte eachtraí  a chruthú don euro, airgeadas an Aontais. Ach níl aon fhianaise ann go mbeadh tír ar bith taobh amuigh den Eoraip i bhfabhar a leithéide.

Roinnt blianta o shin ar ndóigh, tháinig na BRICS le chéile – an Bhrasaíl, an Rúis, an India, an tSín agus an Afraic Theas – chun plé a dhéanamh ar airgeadas idirnáisiúnta nua a chruthú. Cé nach raibh a leithéid riachtanach don tSín an uair sin, tá athrú ar an scéal sin anois.  Déantar gnó idir an Rúis agus an tSín i rúbail nó i yuan: ní bhíonn an dollar i gceist ar chor ar bith.

Is amhlaidh an cás ag an Iaráin, an Chóiré is tír ar bith eile atá faoi smachtbhannaí Mheiriceá.

Níl an Eoraip ag aithint go fóill go bhfuil fadhb ann ach tuigeann siad – mar go ndearna Trump soiléir don dall é – nach ionann leas Mheiriceá agus leas na hEorpa ná an chuid eile den domhan.

Tuigeann an Eoraip freisin go gcaithfidh siad a bpolasaí trádála féin a aontú leis na tSín, agus leanúint lena gcuid fiontar féin leis an Rúis.

Is fiú súil a choinneáil ar scéal spéisiúil seo an airgeadais. An mbrisfidh an Eoraip leis an dollar ar deireadh thiar, nó an bhféadfaidís a leithéid a dhéanamh gan tacaíocht na Síne?

Fág freagra ar 'Ceacht foghlamtha ag lucht na hEorpa faoi chumhacht an dollar'