Cé mhéad againn a bhfuil suim dáiríre againn i dtoghcháin na hEorpa?

Tá córas casta na hEorpa deacair a thuiscint go minic, ach is minic freisin í níos tábhachtaí ná a cheapann muid

Cé mhéad againn a bhfuil suim dáiríre againn i dtoghcháin na hEorpa?

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Coicís ó inniu an 24 Bealtaine toghfaidh muintir na Éireann trí fheisire déag chuig Parlaimint na hEorpa. Seo an toghchán Eorpach is cinniúnaí le bliana fada, go deimhin ó bunaíodh iad dhá scór bliain ó shin. Sin a deir na teachtaireachtaí bolscaireachta linn. Sin a deir na hiarrthóirí linn.

Ach cé mhéad inár measc a bhfuil suim dáiríre againn i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa? Má tá suim ag daoine iontu ar chor ar bith baineann go leor den suim sin le ceisteanna logánta áitiúla seachas ceisteanna a bhfuil smacht agus cumhacht ag an bparlaimint ina leith. Cé mhéad duine a thuigeann feidhm na Parlaiminte agus an chaoi a n-oibríonn sí? Agus dá dtuigfeadh féin an mbeadh suim againn san obair?

Déarfaidh Feisirí Eorpacha leat go bhfuil siad ag obair go dian dícheallach ar cheisteanna cinniúnacha a réiteach, ceisteanna a bhaineann go dlúth lenár saol laethúil.

Ar mheáin na hÉireann an milleán nach dtuigeann muid an obair a bhíonn ar bun acu agus an tábhacht atá léi, a deirtear go rialta.

Bunaíodh an Pharlaimint i 1958 ach ní raibh sa mballraíocht ag an tráth sin ach ionadaithe a cheap na parlaimintí náisiúnta. Is i 1979 a reáchtáladh an chéad toghchán le feisirí a thoghadh sna ballstáit.

Is minic a dúradh, agus a deirtear go deimhin, nach bhfuil ceangal dá laghad idir na pobail a thoghann na feisirí agus obair na Parlaiminte. Is beag cumhacht ach an oiread a bhí ag an bParlaimint i dtús aimsire. Is iad Comhairle na nAirí agus an Coimisiún na hinstitiúidí is cumhachtaí i gcomhdhéanamh an Aontais.

Ról comhairleach a bhí ag an bParlaimint i dtús aimsire. De réir mar a d’éirigh an tAontas níos mó agus níos cumhachtaí tugadh cumhachtaí breise di. Is aici a bhíonn an focal deiridh faoi bhuiséad an Aontais. Is aici a bheidh an focal deiridh faoi uachtaráin nua na Parlaiminte agus an Choimisiúin a cheapfar sna míonna seo romhainn. Faoi Chonradh Liospóin tugadh cumhachtaí breise don Pharlaimint ó thaobh dréachtú reachtaíochta i gcomhar leis an gComhairle.

Tá 751 feisire tofa i bParlaimint na hEorpa agus roinntear iad ina ngrúpaí polaitiúla éagsúla. Ní  théann feisirí na mballstát éagsúla chun oibre mar aonad ar son a dtíre féin sa mbaile. Roinntear iad ar bhonn na fealsúnachta polaitiúla – tá Fine Gael san EPP, na daonlathaigh Chríostúla, tá páirtí Lucht Oibre leis na Sóisialaigh, tá Fianna Fáil le ALDE, na Liobrálaigh, agus tá Sinn Féin le GUE-NGL, grúpa feisirí atá ar an eite chlé.

Is mór i gceist ceann bog nó ceann crua agus an Breatimeacht á phlé ach is féidir na haidiachtaí céanna a úsáid le trácht ar an gcaoi a bhfeidhmíonn an chumhacht ag an leibhéal Eorpach. Tá go leor buntáistí ag an té a bhfuil baint acu le grúpa láidir cumhachtach, go háirithe má tá an grúpa sin ceangailte le ceannairí ballstáit.  Cuimhnigh ar an leas a bhain Enda Kenny as an gcaidreamh a bhí aige le Angela Merkel san EPP. Is fearr cara sa gcúirt ná punt sa sparán go minic.

Ceaptar go mbeidh athruithe réasúnta suntasach ar chomhdhéanamh na Parlaiminte an babhta seo. Tá borradh faoi ghluaiseachtaí ar an eite dheis i roinnt mhaith ballstát. Tá feisirí Briotanacha le toghadh dá mbuíochas agus cá bhfios céard a dhéanfaidh pobal na Breataine ag na bothanna lena ndéistin leis an aicme pholaitiúil a chur in iúl.

Tá córas casta na hEorpa deacair a thuiscint go minic. Is mithid, mar sin féin cuimhneamh go mbeidh na feisirí seo ag seasamh an fhóid don tír go ceann cúig bliana eile, blianta a d’fhéadfadh a bheith sách corrach. B’fhéidir nár mhiste dúinn muid féin a chur ar an eolas faoin obair a bhíonn ar siúl acu. Tá sí níos tábhachtaí ná a cheapann muid go minic.

Fág freagra ar 'Cé mhéad againn a bhfuil suim dáiríre againn i dtoghcháin na hEorpa?'