Cé mhéid gainimh is féidir le páiste a ithe sula gcaithfí tosaí ar ghuí nóibhéine?

AG TÓGÁIL CLAINNE: An tseachtain seo bhí ar ár gcolúnaí ligean uirthi féin gurb é an rud ba nádúrthaí ar domhan a bheith i ngreim ar smugairle róín

bucket-and-spade3

‘Beir air seo soicind,’ a dúirt sí liom. Bhí buicéad trá ina láimh aici agus é lán le huisce sáile, an fuílleach ag doirteadh amach thar a bhruach de réir mar a luasc an buicéad anonn is anall. Shín mé amach mo lámh agus mé réidh le breith ar an mbuicéad. Sháigh sí a dorn síos go tóin an bhuicéid, thug aníos smugairle róin as agus leag isteach i mo lámh é gan bacadh le rabhadh ná gaileamaisíocht.

D’airigh mé an slabar fuar sleamhain ar bhos mo láimhe is rinne mo dhícheall ligean orm fhéin gurb é an rud ba nádúrthaí ar domhan dom é is go raibh seanchleachtadh agam a bheith i ngreim ar ainmhithe beaga slabaráilte (rud atá sórt fíor, is dócha). D’imigh creathán síos agus suas mo dhroim agus d’fhás imní i mo chroí; bhí a fhios agam nach ‘soicind’ i ndáiríre a bhí i gceist ag éinne ó thús ama a dúirt, ‘beir air seo soicind’.

‘Beidh mé ar ais,’ a dúirt sí, ‘caithfidh mé uisce a fháil dhó nó gheobhaidh sé bás,’ is chas sí ar a sáil is thosaigh ag rith le fonn síos na trá i dtreo na farraige. Bhreathnaigh mé síos ar mo chomrádaí nua. Tá a fhios agam nach iad na hainmhithe is brabhsaí ar domhan iad smugairlí róin, ach bhí barúil agam go raibh sé seo imithe chuig an sáile mór sa spéir cheana fhéin is nach raibh aon chúnamh uaidh ar an saol seo níos mó.

D’fhan mé suite ansin agus mé ar leathlámh ag iarraidh cosc a chur ar iarrachtaí an bhabaí ualach gainimh a ithe. Ní raibh ag éirí rómhaith liom. Bhí cuma seanfheairín air faoin am agus é ar nós go raibh féasóg liath ag fás ar a smig lena raibh de ghainimh tite as a bhéal.

Bhreathnaigh mé síos i dtreo an taoile go bhfeicfinn an raibh aon amharc ar shlánaitheoir an smugairle róin. Faoin am seo bhí poll cartaithe aici – teach faoisimh don smugairle róin, sílim – agus fuadar fúithi á líonadh le buicéid uisce sáile.

Bheinn ar leathlámh píosa eile, nó sin chaithfinn leithscéal éigin maith a chumadh. Bhí an babaí fós ag baint súp as an ngaineamh. Thriáil mé cuimhniú an raibh rud ar bith cloiste agam aon uair faoin méid gainimh is féidir le páiste a ithe sula gcaithfí tosaí ar ghuí nóibhéine, lasadh coinnle is glaoch ar 999.

Fág freagra ar 'Cé mhéid gainimh is féidir le páiste a ithe sula gcaithfí tosaí ar ghuí nóibhéine?'