Cé leo a dtiocfaidh Fianna Fáil ag damhsa ag an gcéilí?

B’shin í an cheist is mó a rith lenár gcomhfhreagraí tar éis di freastal ar Ard-Fheis an pháirtí ag an deireadh seachtaine

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie
Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Idir thoscairí agus ionadaithe tofa, is dream ceartchreidmheach iad. Bráithre na carthanachta agus siúracha na trócaire. Tá croí acu agus comhbhá leis an bpobal. Níl aon dream sa saol poiblí chomh tuisceanach leo ar fhadhbanna agus riachtanais an phobail.

Shamhlódh duine ar bith go raibh grúpa tacaíochta nua á bhunú in Ósta an Citywest an deireadh seachtaine seo ag Ard-Fheis Fhianna Fáil. Tá muid ag éisteacht, tuigeann muid bhur bpian, is den chosmhuintir muid féin.

Ó déanadh scrios ar Fhianna Fáil i 2011, tá siad gan tuairim cheart acu cé hiad féin, iad ag imeacht ar strae agus idir iriseoirí agus thráchtairí ag cur comhairle orthu go gcaithfidh siad teacht ar thuiscint ar a bhféiniúlacht féin, nó, ar a laghad, niche a aimsiú. An tuairim a fuair mise an deireadh seachtaine seo caite ná go bhfuil iarracht ar bun acu tabhairt le fios go bhfuil siad ag éisteacht le fadhbanna na cosmhuintire agus go bhfuil fonn orthu aird a thabhairt orthu.

Chuige sin, caithfidh siad a bheith sa rialtas, ach is léir nach dtuigeann siad fós go bhfuil páirtí eile anois ar an bpáirtí is mó sa tír. Níl an méid sin ligthe isteach ina gcloigeann acu fós.

Tá rún acu a bheith sa rialtas agus a bheith ar an bpáirtí is mó sa rialtas sin. Sin an bhunteachtaireacht a tháinig ó Ard-Fheis an pháirtí. Sin an cur chuige a chleacht siad riamh. Thug pobalbhreith Red C léas dóchais dóibh, ach is cuma cé mhéad ráiteas dearfach a dhéanfar, tá cúpla rud nach féidir leo a shéanadh.

Teastóidh 79 suíochán ó rialtas le móramh a bheith acu sa gcéad Dáil eile. Níl ach 67 iarrthóir ag Fianna Fáil agus níl bealach ar bith go dtoghfar iad ar fad. Fiú má thagann ardú 100% ar an líon Teachtaí Dála acu, ní bheidh acu ach thart ar dhá scór. Níl sé de mhuinín ag fiú an té is dóchasaí ina measc a rá go mbeidh níos mó ná 45 Teachta Dála acu.

Cén chaoi mar sin a rachaidh siad i mbun rialtais? Is léir don dall gan súil go gcaithfidh siad dul i mbun comhrialtais. Ach cé leis? Níl siad sásta dul ag obair le Fine Gael agus tá cuid mhaith daoine i measc na n-ionadaithe tofa ag an bpáirtí go fíochmhar i gcoinne comhghuaillíocht a dhéanamh le Sinn Féin.

Braithim féin go bhfuil doicheall chomh mór céanna i measc na cosmhuintire roimh chomhghuaillíocht le Fine Gael. Tá an naimhdeas sin doimhin sa bhfeoil i gcónaí, ainneoin a ndeirtear!

Mura bhfuil Fianna Fáil sásta, mar sin, cor beirte a dhéanamh le Fine Gael ná le Sinn Féin, cé leo a dtiocfaidh siad ag damhsa ag an gcéilí? Más fíor do na pobalbhreitheanna, toghfar meascán mearaí de pháirtithe beaga agus ionadaithe neamhspleácha. An mbeidís féin agus Fianna Fáil in ann tabhairt faoi ‘Chaidhp an Chúil Aird’?

Tá roinnt seachtainí fós idir muid agus lá na vótála agus go leor daoine nach bhfuil a n-intinn socraithe go hiomlán acu go fóill. Beidh Fianna Fáil agus na páirtithe ar fad ag súil go n-éireoidh leo na daoine sin atá idir dhá chomhairle a mhealladh. Scaipeadh cáipéis le déanaí i measc lucht canbhasála an pháirtí ag moladh dóibh a chur in iúl don lucht vótála go bhfuil brón orthu, míniú go raibh tubaiste eacnamaíochta domhanda ann agus go bhfuil na ceachtanna cuí foghlamtha.

Ní baileach a thuigim ardú meanma agus dóchas Fhianna Fáil agus iad ag dréim le bheith ar ais sa rialtas. Tá rialacha an pháirtí athraithe mar chuid den athstruchtúrú a tharla tar éis na tubaiste i 2011 agus caithfear Ard-Fheis speisialta a reáchtáil le beannacht a fháil do chomhrialtas feasta  – má bhíonn an rogha sin ann. Cruthóidh sin fadhb don cheannaireacht. Ní dhealraíonn sé faoi láthair go bhfuil aon rogha shoiléir rialtais ar intinn ag daoine. Má tá an ceart ag na geallghlacadóirí, agus is minic go mbíonn, comhrialtas idir Fianna Fáil agus Fine Gael an rogha is soiléire a bheadh ann.

Más amhlaidh a bheas, níl amhras orm ach go mbeadh na polaiteoirí inniúil ar shocrú a dhéanamh ‘ar mhaithe leis an tír’. Ceist eile ar fad: an bhfuil cosmhuintir Fhianna Fáil faoi réir do chor beirte leis an tsean-namhaid?

– Clár Reachtaire le RTE Raidió na Gaeltachta í Máirín Ní Ghadhra

Fág freagra ar 'Cé leo a dtiocfaidh Fianna Fáil ag damhsa ag an gcéilí?'