Tar éis an uafáis i Manchain oíche Dé Luain cuireadh stocaireacht an olltoghcháin sa Bhreatain Mhór ar fionraí, ní nach ionadh. I mBéal Feirste chuir an SDLP seoladh a bhforógra ar ceal Dé Máirt mar chomhartha ómóis do na híobartaigh agus chuir an UUP agus an DUP a gcuid feachtasaíochta ar ceal chomh maith.
Ba dheacair díograis faoi chúrsaí leithleacha aon pháirtí polaitíochta a mhúscailt i bhfianaise na scéine agus an sceimhle. Páistí marbh agus tuismitheoirí scanraithe ag cuardach a gclainne, glaonna ar ghutháin phóca gan freagra. Chuirfeadh sé an t-ionsaí ar an Bataclan i gcuimhne duit ach gur gasúir níb óige fós iad bunáite an tslua ag coirm cheoil Ariana Grande i Manchain.
B’fhurasta a thuiscint nach mbeadh aon dúil ag daoine i ngnáthimeachtaí toghchánaíochta. Ach meabhrú dúinn go léir ab ea an t-uafás ar thábhacht na luachanna ar a bhfuil ár ndlíthe agus an daonlathas féin bunaithe. Fiú más lochtach é mar chóras is fearr go mór é ná an sórt ainriail a ghabhann le sceimhle.
Díol suntais é chomh leamh, marbhánta agus a bhí feachtas an toghcháin abhus go dtí seo. Cé is moite den spleodar, fuinneamh agus spiorad a bhain leis An Lá Dearg i mBéal Feirste Dé Sathairn seo caite, mar a raibh na mílte ag éileamh ‘Acht Gaeilge Anois’, ba chosúil go raibh an pobal tuirseach de thoghcháin. Is mó aird atá ag daoine ar Stormont ná Westminster agus is ar cheisteanna a bhaineann le rialtas díláraithe a rinneadh cibé plé a bhí ann go dtí seo sa bhfeachtas.
Tá coicís fágtha ag na páirtithe chun suim na vótóirí a spreagadh agus an dá pháirtí is mó ag iarraidh a stádas féin a dhaingniú, iad in iomaíocht lena chéile ar ndóigh ach ag iarraidh, freisin, fáil réidh leis na páirtithe eile ar an dtaobh céanna leo. Tá an DUP ag iarraidh leas a bhaint as an gcúlú a bhain dóibh i dtoghchán an Tionóil sa Mhárta chun daoine a ghríosú le tacú leo agus Arlene Foster ag rá gur gá páirtíocht Thuaisceart Éireann san Ríocht Aontaithe a chosaint. Tá Sinn Fein ag maíomh go bhfuil a lucht leanúna féin bríomhar agus cíocrach chun vótála i ndiaidh a gcaithréime sa Mhárta. Deir Michelle O’Neill go bhfuil cóir na gaoithe leosan agus go bhfuil an tseanreacht ar lár.
Beidh le feiceáil. Toghcheantair imeallacha iad sé cinn den 18 toghcheantar, tá péire eile inar dóigh go mbeidh dianchoimhlint, agus tá deich gcinn ann a ndéantar talamh slán de nach dtarlóidh athrú ar bith iontu. Scrúdóimid na cinn imeallacha go mion amach anseo. Ar na toghcheantair sin, tá Fear Manach/Tír Eoghain Theas a mbíonn éiginnteacht faoi i gcónaí. Ghnóthaigh Michelle Gildernew, Sinn Féin an suíochán sin tráth le farasbarr ceithre vóta. In 2015, bhuaigh Tom Elliott, UUP, agus tacaíocht an DUP aige, le farasbarr timpeall 500 vóta. Tá Gildernew ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar Elliott an iarraidh seo. Tá trí cinn de cheithre thoghcheantar Bhéal Feirste, thuaidh, theas agus thoir imeallach an t-am seo mar atá an Feabhal agus an Dún Theas.
Cáineann gach páirtí eile staonadh Shinn Féin ó Westminster ach tugann an páirtí sin an chluas bhodhar dóibh. Maíonn Sinn Féin nár éirigh le feisire Parlaiminte ar bith as Tuaisceart Éireann a dhul i gcion ar pholasaí in Westminster agus dá bhrí sin gur léir nach fiú a dhul ann. Mar sin féin, teastaíonn uathu a bheith ar an bpáirtí is mó. Is í an cheist anois an éireoidh leosan nó le páirtí ar bith eile dóthain suime a mhúscailt sa toghchán seo. Má éiríonn le Sinn Féin a lucht tacaíochta a mhéadú arís mar a rinne siad sa Mhárta, d’fhéadfadh gur eachtra stairiúil a bheadh sa vótáil seo, buille fill don SDLP agus lagú arís ar aontachtachas.
Tá go leor i ngeall sa toghchán seo cé gur beag dá chosúlacht sin a bhí ar an bhfeachtas go dtí seo.
Fág freagra ar 'Cé is moite de spleodar agus spiorad An Lá Dearg, is cosúil go bhfuil an pobal tuirseach de thoghcháin'