Cé is mó a bhain tairbhe as díospóireacht na gceannairí? Mary Lou McDonald

Tá laigí sheasamh RTÉ agus Virgin Media One maidir le díospóireachtaí na gceannairí thar a bheith soiléir

Cé is mó a bhain tairbhe as díospóireacht na gceannairí? Mary Lou McDonald

Níor tugadh cuireadh do cheannaire Shinn Féin a bheith páirteach sa chéad díospóireacht mhór d’fheachtas an olltoghcháin, ach ní chaillfidh Mary Lou McDonald ná a páirtí mórán vótaí toisc í a bheith as láthair.

A mhalairt go deimhin.

Bhí cuid mhór de chaint na hoíche aréir leamh, tuirsiúil agus diúltach.

Chuir Leo Varadkar agus Micheál Martin béim ar na fáthanna nár chóir do thoghthóirí a bheith muiníneach as an duine eile. Chaith siad an chuid is mó den díospóireacht ag lochtú a chéile seachas ag cur síos ar an dul chin cinn a dhéanfar sa tír má bhíonn siad i gceannas tar éis an toghcháin.

Dúradar araon go leor rudaí a shásódh a lucht leanúna ach nach gcuirfeadh ina luí ar vótóirí eile go mb’fhiú iad a chur i mbun rialtais.

Ba dhíol suntais é a liacht uair a d’admhaigh an Taoiseach le linn na díospóireachta nach raibh a ndearna a rialtas gan locht.

Dúirt sé mar shampla go ndearnadh botúin sa tseirbhís sláinte agus ghabh sé leithscéal le hothair a bhí ar thralaithe sna hospidéil.

Ach tháinig cosaint i ndiaidh na hadmhála. Bhí 1,400 leaba a dhún Fianna Fáil nuair a bhí siad i mbun rialtais á n-athoscailt ag an rialtas, a dúirt sé, agus bhí feabhsuithe eile á gcur i bhfeidhm de réir a chéile.

Dúirt Micheál Martin go raibh cóireáil dochtúra saor in aisce do dhaoine faoi ocht mbliana déag geallta arís ag Fine Gael, ainneoin é a bheith geallta cheana acu ceithre bliana ó shin. D’fhiafraigh sé den Taoiseach ar chuir an gheallúint nár comhlíonadh náire air.

Bhí cuid mhór den díospóireacht ar aon dul leis an bplé ar chúrsaí sláinte, agus an ghabháil leithscéil á húsáid ag Leo Varadkar go minic mar ghléas cosanta. Thagair sé don dochar a rinneadh sa tír nuair a bhí Fianna Fáil i mbun rialtais roimh 2011. D’admhaigh Micheál Martin go ndearnadh botúin sa tréimhse sin, ach dúirt sé nár chóir dearmad a dhéanamh ar an ngéarchéim dhomhanda airgeadais ná ar an gcaiteachas breise as cuimse a bhí á éileamh ag an bhfreasúra céanna. Agus mar sin de.

Dúirt an Taoiseach go raibh fonn air cabhrú le tuilleadh daoine óga tithe a cheannach. Chuir ceannaire Fhianna Fáil ina leith nach acmhainn do mhórán tithe a cheannach toisc go bhfuil cíos chomh hard á íoc acu. Arís, léirigh Leo Varadkar umhlaíocht neamhghnách – ní raibh sé chomh líofa le Micheál Martin agus comhbhá á chur in iúl aige, a dúirt sé, ach d’fhéadfaí breithiúnas a thabhairt ar a ghníomhartha.

Dúirt an Taoiseach go mbeadh sé toilteanach dá mba ghá dul i gcomhrialtas le Fianna Fáil nó tacaíocht a thabhairt don pháirtí sin agus iad i mbun rialtais. Níor fhreagair Micheál Martin ceist faoi chur chuige a pháirtí dá mbeadh Fine Gael i mbun rialtais arís.

Bhí an bheirt cheannairí ar aon tuairim áfach agus iad ag freagairt ceisteanna faoi rannpháirtíocht Shinn Féin i gcomhrialtas. Dúirt siad araon arís go mbeidís glan ina choinne. Ní gnáthpháirtí é Sinn Féin, arsa Leo Varadkar, toisc go mbíonn ar a lucht ceannais cinntí a phlé le hardchomhairle an pháirtí. Thagair sé do mholadh an pháirtí roimhe seo go gcuirfí deireadh leis an gCúirt Choiriúil Speisialta. Tá athbhreithniú ar an gCúirt á mholadh anois ag Sinn Féin, a dúirt sé, ainneoin riachtanas a bheith léi mar a léirigh dúnmharuithe uafásacha le gairid.

D’aontaigh Micheál Martin le cáineadh an Taoisigh. Chuir sé i leith Shinn Féin gur bhain siad an bonn d’fheidhmeannas Stormont ar feadh trí bliana. Cháin sé cosaint an pháirtí ar fheachtas marfach an IRA. Ní raibh ach locht amháin ar an gcuid seo den díospóireacht – ní díospóireacht a bhí ar bun in aon chor ach comhcháineadh ar pháirtí nach raibh i láthair.

Is féidir an cinneadh díospóireacht a reáchtáil nach mbíonn ach ceannairí Fhine Gael agus Fhianna Fáil páirteach inti a chosaint ar an mbonn gur duine de cheannairí na bpáirtithe sin a bheidh ina Thaoiseach. Ach tá laigí sheasamh RTÉ agus Virgin Media One thar a bheith soiléir.

Bhí ceannairí na bpáirtithe a fuair thart ar a leath de na vótaí in olltoghchán 2016 páirteach i ndíospóireacht na hoíche aréir. Tá siad ag comhoibriú lena chéile ó shin ach níl tacaíocht ag an dá pháirtí sna pobalbhreitheanna ach ó thart ar a leath den phobal.

Cuireadh cosc aréir ar rannpháirtíocht an phríomhpháirtí eile sa stát. Tugadh deis oscailte do cheannairí na bpríomhpháirtithe eile an páirtí sin a cháineadh. Ní raibh deis ag an bpáirtí eile an cáineadh sin a fhreagairt.

Ní haon iontas mar sin é má shíleann go leor daoine neamhchlaonta go gcuireann díospóireacht dá leithéid cothrom na Féinne as a riocht. Ní haon iontas é ach oiread go n-aontóidh mórán le tuairimí Shinn Féin ar an éagothromaíocht a bhí chomh follasach aréir agus a bheidh follasach arís i ndíospóireacht eile idir an bheirt ar RTÉ. 

Ach fiú, nó toisc, gan cead a bheith ag Mary Lou McDonald a bheith páirteach, is mó an sochar ná an dochar a dhéanfaidh díospóireacht theoranta di féin agus dá páirtí.

Fág freagra ar 'Cé is mó a bhain tairbhe as díospóireacht na gceannairí? Mary Lou McDonald'

  • Pól Ó Braoin

    Thiocfadh sé rite léi a bheith níos measa ná iad… agus breathnaigh cé chomh sciobtha agus a ghabhfaidh na mórpháirtithe siar ar a bhfocal nach rachaidh siad i gcómhpháirtíocht le SF agus an mhaidhm vótaí a gheobhaidh an páirtí sin sa toghchán, mo vóta féin ina measc…

  • Seán Míchaél ó Donnchadha

    Botún mór deanta ag RTE agus Virgin Media, gan ligean do SF páirt a ghlacadh sa díospóireacht.
    Tabharfaidh muintir na hÉireann a fhreagra ar sin sa toghacháin. Bhí SF i ngiorracht toghacháin amháin eile ó bheith imithe sa deisceart ach tugadh aiséirí doibh le cinneadh místuama seo na meáin.
    Má oireann na huimhreacha ní bheidh aon leisce ar Leo ná Míchaél cár a thabhairt do Mary Lou agus post an Tanaiste.
    I ndeireadh thiar nách bean í agus nách bhfuil níos mó bean de dhith go mór mór ag FF sna postanna sinséaracha.
    Nósfaidh an aimsir.