Cé hiad Seanadóirí na Gaeilge sa 25ú Seanad?

Tá ochtar Seanadóirí a bhfuil Gaeilge acu sa 25ú Seanad a thionólfar den chéad uair inniu...

Gaeilgeoirí Ceart2

Tá Gaeilge ag ochtar den 60 Seanadóir sa 25ú Seanad atá á thionól den chéad uair inniu. I measc an ochtair sin tá triúr Seanadóirí Gaeltachta; Trevor Ó Clochartaigh, duine d’urlabhraithe Gaeilge Shinn Féin, Brian Ó Domhnaill, atá ina Sheanadóir d’Fhianna Fáil ó bhí 2007 ann agus Pádraig Ó Céidigh, atá ar dhuine den 11 duine a d’ainmnigh an Taoiseach chun an tSeanaid an mhí seo caite.

I measc na Seanadóirí eile a bhfuil Gaeilge acu tá an t-iar-aire stáit de chuid Pháirtí an Lucht Oibre Aodhán Ó Ríordáin, Iar-Mhéara Bhéal Feirste, Niall Ó Donnghaile (SF), agus an Seanadóir neamhspleách Rónán Mullen, a bhíonn le cloisteáil go minic ar na meáin Ghaeilge ó chéadtoghadh é in 2007.

Bhí an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil Catherine Ardagh i measc na n-iarrthóirí olltoghcháin ag an bpáirtí sin a thug le fios do Tuairisc.ie i mí Eanáir go raibh a ndóthain Gaeilge acu le hagallamh beo a dhéanamh leis na meáin Ghaeilge.

Tá Gaeilge líofa ag Denis O’Donovan freisin, Seanadóir eile de chuid Fhianna Fáil. Bhí O’Donovan ina Theachta Dála do Chorcaigh Thiar-Theas ó 2002 go 2007. Chaith sé tréimhsí éagsúla ina Sheanadóir ó d’ainmnigh Charles Haughey chun an 19ú Seanad é i 1989.

Ba é an tslat tomhais a bhí ann don liosta atá leis an alt seo ná go mbeadh dóthain Gaeilge ag Seanadóir chun agallamh beo a dhéanamh ar na meáin chraolta Ghaeilge. Ar ndóigh tá roinnt Seanadóirí eile ann atá báúil leis an teanga agus a dhéanann iarracht an méid di atá acu a labhairt ó am go chéile. Ina measc siúd tá an t-iarThánaiste, atá anois ina Sheanadóir Michael McDowell, agus an Seanadóir neamhspleách David Norris.

Dúirt duine de Sheanadóirí na Gaeilge, Catherine Ardagh, le Tuairisc.ie aréir gur mhaith léi go gcuirfí an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge “i bhfeidhm arís”.

Dúirt sí nach raibh a cuid Gaeilge “chomh maith is a bhí” ach go raibh súil aici go dtiocfadh feabhas uirthi de réir mar a bheidh sí á labhairt sa Seanad. Beidh sí ag díriú chomh maith ar an ngéarchéim tithíochta i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre, a dúirt sí.

Dúirt Ardagh gur mór an spreagadh don teanga leithéidí an ghrúpa ceoil Seo Linn agus gur eiseamláir a bhí iontu do chur chun cinn na Gaeilge i réimsí eile den saol.

Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go mbeidh sé ag iarraidh a chinntiú go gcuirfear acmhainní breise ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta leis an teanga a chur chun cinn.

Beidh sé ag díriú chomh maith ar leasú chun feabhais a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus ar cheist na Gaeilge i gcóras earcaíochta na státseirbhíse.

Tá sé i gceist aige freisin a bheith ag plé leis an ngéarchéim tithíochta “an ghéarchéim dhamanta sin nach dtuigtear a dhona is atá sí fós”.

Fág freagra ar 'Cé hiad Seanadóirí na Gaeilge sa 25ú Seanad?'