Cé hiad na Teachtaí Dála a labhraíonn Gaeilge ar bith sa Dáil? 

Dá gcuirfí i ndiaidh a chéile gach focal Gaeilge a dúradh sa Dáil i 38 lá, ní bheadh ann ach uair go leith an chloig cainte 

Cé hiad na Teachtaí Dála a labhraíonn Gaeilge ar bith sa Dáil? 

Ní dhearna ach ceathrar Teachtaí Dála níos mó ná seacht nóiméad cainte i nGaeilge le linn 38 lá théarma deiridh na Dála.

De ghnáth seacht nóiméad a thógann sé ar dhuine míle focal a rá agus, as an 158 Teachta Dála, ní raibh ach ceathrar acu a labhair os cionn míle focal i nGaeilge sa Dáil le linn an dara leath den bhliain seo caite.

De réir an taighde atá déanta ag Tuairisc.ie ar thaifead oifigiúil na Dála do théarma deireanach na bliana seo caite, ba iad an Teachtaí Dála is mó a labhair Gaeilge le linn an téarma sin ná, Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh (3,826 focal), Éamon Ó Cuív (2,821 focal), Peadar Tóibín (1,896 focal) agus Pearse Doherty (1,446 focal).

B’ionann briathra Gaeilge an cheathrair sin agus beagnach 70% de Ghaeilge na Dála. 

Sa chúigiú háit, bhí ceannaire Shinn Féin Gerry Adams, a bhí chun tosaigh ar cheannairí na bpáirtithe eile agus 622 focal ráite i nGaeilge aige in imeacht an 38 lá go raibh an Dáil ina suí i bhfómhair agus geimhreadh 2017. 511 focal i nGaeilge a labhair Leo Varadkar le linn na tréimhse céanna, an chéad téarma aige mar Thaoiseach. Nuair a toghadh ina Thaoiseach é, dúirt Leo Varadkar go raibh faoi dea-shampla a thabhairt ó thaobh labhairt na Gaeilge agus go raibh súil aige a chomhghleacaithe sa Dáil a spreagadh chun níos mó Gaeilge a labhairt. Níor labhair aon Aire Sinsearach aon Ghaeilge le linn na tréimhse seo, seachas an tAire Oideachais Richard Bruton, a labhair 31 focal i nGaeilge.

Níor labhair ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin, ar cainteoir líofa Gaeilge é, ach 123 focal i nGaeilge le linn 38 lá théarma deiridh na Dála.

43 Teachta Dála ar fad a labhair Gaeilge éigin le linn téarma Dála deiridh na bliana seo caite, ach níos lú ná 50 focal a labhair níos mó ná 22 acu sin agus ní raibh ach abairt amháin nó leathabairt i gceist lena bhformhór siúd.

Léirigh taighde nua a d’fhoilsigh Tuairisc.ie inné gur ar éigean go bhfuil aon Ghaeilge á labhairt anois i nDáil Éireann.

De réir an taighde, as os cionn 2.76 milliún focal a labhraíodh sa Dáil le linn an 38 lá a raibh sí ina suí sa dara leath den bhliain seo caite, níor labhraíodh ach 14,723 focal i nGaeilge.

Fágann sin nach raibh i nGaeilge ach leath d’aon faoin gcéad, nó 0.5%, den chaint ar fad a rinneadh i nDáil Éireann le linn an téarma sin, idir an 11 Meán Fómhair agus an 15 Nollaig 2017.

Fágann sé chomh maith, nach mbeadh ann ar fad ach breis is uair an chloig go leith cainte as Gaeilge dá gcuirfí i ndiaidh a chéile gach focal Gaeilge a dúradh sa Dáil le linn an 38 lá atá i gceist.

Chomh maith leis sin, léirigh an scagadh a rinne Tuairisc.ie ar gach díospóireacht a bhí sa Dáil le linn an 38 lá seo a raibh an Dáil ina suí gur ar éigean go raibh aon chaint as Gaeilge ann ach amháin an uair fhánach sin go raibh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta á bplé.

Seachas sin baineann formhór na Gaeilge a labhraítear anois i nDáil Éireann le mionchaint, beannachtaí, focail bhuíochais agus focail chomhbhróin.

Fág freagra ar 'Cé hiad na Teachtaí Dála a labhraíonn Gaeilge ar bith sa Dáil? '

  • Diomúch

    Cén fáth nach labhraíonn na Teachtaí Dála a bhfuil Gaeilge líofa acu i nGaeilge an t-am ar fad nó an chuid is mó den am? Tá córas ateangaireachta ceaptha a bheith ar fáil sa Dáil cé gur cosúil nach n-úsáidtear é. Cén fáth nach leantar sampla Pharlaimint na hEorpa agus parlaimintí i dtíortha eile ina bhfuil níos mó ná teanga amháin á labhairt?! Níl sé chomh casta sin agus níl ann ach dhá theanga…

  • Paddy

    Ar an drochuair, má labhraíonn TD Gaeilge sa Dáil, ní fhoilseofar an méid a deir sé/sí sna meáin. Thug Trevor Sergant gealltanas in 2002 nach labhródh sé ach an Ghaeilge sa Dáil agus b’annamh gur tuairiscíodh oiread agus focal a dúirt sé. Bhí air éirí as an iarracht i ndiaidh bliana. Rud eile a tharla ansin ná nach bhfuair sé riamh freagra ceart – cé gur féidir sin a rá faoi éinne a chuir ceist ar Bertie Ahern ag an am, is cuma i mBéarla nó i nGaeilge.
    Is léir fosta nach bhfuil meas madaidh ag an rialtas ar an Ghaeilge agus mar sin ní cúis iontais é nach gcluintear an teanga sa Dáil ach amháin nuair a bhío n comhbhrón nó comhghairdeas á ghabháil.

  • Proinsias Brinkley

    Nach náireach amach is amach an scéal é. Ba Shasanach mo shean-athair agus gach gaol leis siar go 1539. Ba Éireannach m’athair, a throid I gcoinne airm Shasana chun saoirse a bhaint amach d’ár dtír. Níl, agus ní bheidh riamh d’éarfainn sé le rá faoi na Sasanaigh, gur thréig siad a dteanga dúchais. Mór mo náire a dteachtaí Dála na h-Éireann!