Cé hiad na himreoirí Gaeltachta a fhágfaidh a rian ar chraobh peile na hÉireann 2018?

Roimh thús na craoibhe 2018, caitheann Tuairisc.ie súil ar na deiseanna a bheidh ag imreoirí as cumainn Ghaeltachta a rachaidh i bhfeidhm ar an imirt i gcluichí an tsamhraidh

Cé hiad na himreoirí Gaeltachta a fhágfaidh a rian ar chraobh peile na hÉireann 2018?

Cian Mulligan (Dhún na nGall), Seán Andy Ó Ceallaigh (Gaillimh) agus Brian Ó Beaglaoich (Ciarraí). Pictiúir: INPHO

Cuirfear tús ceart le craobh na peile an deireadh seachtaine seo chugainn agus an cluiche mór ar siúl idir Gaillimh agus Maigh Eo. Tá tionchar láidir ag imreoirí as an nGaeltacht ar fhoireann Kevin Walsh i mbliana agus tá imreoirí óga Gaeltachta ag teacht chun cinn i gcontaetha eile chomh maith.

Nuair a chas Ciarraí agus Gaillimh ar a chéile i gcluichí ceannais na hÉireann ag tús na mílaoise, bhí aon imreoir déag ó chumainn Ghaeltachta ar an bpáirc nó i measc na n-ionadaithe. Dá n-éireodh leis na foirne céanna an cluiche ceannais a bhaint amach i mbliana, rud nach bhfuil chomh háiféiseach sin, gach seans go mbeadh níos mó ná an aon duine dhéag ón nGaeltacht acu.

Gaillimh

Le blianta beaga anuas, tugadh deis do roinnt imreoirí as iarthar an chontae ar fhoirne faoi-aois na Gaillimhe agus tá tuilleadh acu tagtha chun cinn i mbliana.

Leitir Móir
Cosantóir na Gaillimhe, Seán Andy Ó Ceallaigh. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Tá roinnt imreoirí tagtha tríd ón bhfoireann faoi-21 a shroich cluiche ceannais na hÉireann anuraidh agus daoine go leor ag súil le lánchúlaí na foirne sin, Seán Andy Ó Ceallaigh, a fheiceáil ag imirt do shinsir na Gaillimhe. Ba léir go raibh an cháil uile tuillte ag fear Leitir Móir agus thug sé taispeántais mhaithe uaidh agus é ar fhoireann Kevin Walsh a bhain cluiche ceannais na sraithe amach.

Imreoir óg Gaeltachta eile a raibh an-fheachtas sraithe aige is ea Seán Kelly Mhaigh Cuilinn. Ní hé Kelly an t-imreoir is láidre atá ann ach léirigh sé gliceas agus díograis den scoth arís agus arís eile agus tá an-fhuinneamh curtha aige in imirt na nGaillimheach agus é sa líne leaththosach.

D’imir comhghleacaí club Kelly, Peter Cooke, i mbeagnach gach cluiche do Ghaillimh i rith na sraithe freisin. D’imir cúl báire Mhicheál Breathnach, Rónán Ó Beoláin, a chéad chluiche do na sinsir i rith an earraigh freisin, ach beidh sé deacair aige áit a fháil ar an bhfoireann don chraobh.

Ciarraí

Cé gurb í seo an tríú bliain ag Brian Ó Beaglaoich ar phainéal Chiarraí, beidh sé ag súil le bliain mhór i ngeansaí na Ríochta i mbliana mar bhí gortuithe ag cur as dó ar feadh cuid mhaith de 2017. Tá tús maith déanta ag Ó Beaglaoich go dtí seo i mbliana agus d’imir sé i sé cinn de na seacht gcluiche sraithe a d’imir Ciarraí.

Éanna Ó Conchúir. Pictiúr: INPHO/John McVitty

D’imir fear eile ón nGaeltacht, Éanna Ó Conchúir, i gcúig chluiche sraithe ach beidh sé deacair dó áit a fháil ar an bhfoireann agus imreoirí ar nós David Moran agus Kieran Donaghy ag filleadh ar an bpainéal.

Cúigear as Daingean Uí Chúis a d’imir do Chiarraí sa tsraith ach is é Paul Geaney an t-aon fhear atá cinnte d’áit ar an bhfoireann. D’imir Mikey Geaney agus an triúr leaideanna óga, Barry O’Sullivan, Matthew Flaherty agus Tom O’Sullivan roinnt mhaith chluichí i rith an earraigh ach déarfá go gur i measc na n-ionadaithe a bheidh siad, ag tús na craoibhe ar aon nós.

Dún na nGall

Feachtas deacair sraithe a bhí ann do Dhún na nGall agus díbríodh ó Roinn 1 iad.

Ba mhór an chailliúint é Micheál Carroll, a bhfuil cinneadh déanta aige seasamh siar ón imirt idirchontae i mbliana ach seans go bhfeicfear níos mó i mbliana den bheirt eile ó fhoireann Ghaoth Dobhair a bhuaigh Craobh Faoi-21 Uladh níos luaithe i mbliana. Is beag a d’imir Cian Mulligan do na Conallaigh ó thús an tséasúir agus gortuithe ag cur as dó ach tháinig sé isteach i gcoinne Mhaigh Eo sa bhabhta deireanach den tsraith agus beidh an tosach óg seo ag súil le tuilleadh deiseanna a fháil le linn na craoibhe.

Gaoth Dobhair
Cian Mulligan

Is amhlaidh do Dháire Ó Baoill, fear a d’imir sacar faoi-aois d’Éirinn. Ar an bpeil amháin atá Ó Baoill dírithe le tamall anuas agus cé go bhfuil iomaíocht ghéar ann ó thaobh áit a bhaint amach i líne leathchúil Dhún na nGall faoi láthair, beidh súil ag fear Ghaoth Dobhair go bhfuil an mianach ann féin sin a dhéanamh.

Na contaetha Gaeltachta eile

Agus é ag imirt do Mhaigh Eo den chéad uair i sraith na bliana seo, bhí feachtas den scoth ag fear óg as Béal an Mhuirthead. Cé gur sa líne lánchúil a bhí sé ag imirt, léirigh Eoin O’Donoghue go raibh sé ar a chompord agus seilbh na liathróide aige. D’aimsigh sé pointí tábhachtacha i gcoinne Mhuineacháin agus in aghaidh Dhún na nGall. Cé go mbeidh Keith Higgins fillte do thús na craoibhe, seans go gcuirfear sa líne leathchúil é ó tharla gur chruthaigh O’Donoghue chomh maith sin.

Murab ionann agus deich mbliana ó shin nuair a bhí Noel O’Leary agus Anthony Lynch i mbarr a maitheasa do pheileadóirí Chorcaí, níl aon imreoir ó Ghaeltacht Mhúscraí ar an bpainéal faoi láthair. É sin ráite, déarfainn go mbeadh bainisteoir an chontae, Ronan McCarthy, ag coinneáil súil ghéar ar thosach óg Chill na Martra, Dan Ó Duinnín, a bheadh breá ábalta ar imirt do na sinsir.

Is buille mór é do pheileadóirí Phort Láirge an scéala nach mbeidh fear na Rinne, Donie Breathnach ar fáil dóibh i mbliana. Bhí an Breathnach ar dhuine den chúigear ón Rinn a bhí ar fhoireann na nDéise a tháinig fíorghar do Chorcaigh a bhualadh sa chraobh anuraidh agus cé gur imir Ray Ó Ceallaigh agus Fearghal Ó Cuirrín do Phort Láirge sa tsraith i mbliana, ba mhór an cúnamh dóibh dá mbeadh Breathnach ann chomh maith.

Is iad fir Bhulf Tón, Thomas O’Reilly, Dan O’Neill agus Shane Glynn atá ag seasamh an fhóid do na cumainn Ghaeltachta ar fhoireann na Mí i rith na sraithe ach tá fear Chlann na nGael, Daragh Griffin, ansin chomh maith.

Fág freagra ar 'Cé hiad na himreoirí Gaeltachta a fhágfaidh a rian ar chraobh peile na hÉireann 2018?'

  • John Woods

    Tá ‘tús ceart’ le craobh na peile ón Domhnach seo caite. Dhá chluiche imeartha an lá sin. Bhí ceann acu – Liatroim le Nua Eabhrac – ina choimhlint chomh géar agus a fheicfeas muid i gcaitheamh an chomórtais uilig.

    Bíodh tuairiscí ar chuid na bhfoirne ‘beaga’ den chomórtas nó ná bíodh, b’fhearr gan a bheith ag déanamh beag is fiú díobh ar an gcaoi seo.