Cé hiad an 50 cainteoir líofa Gaeilge a toghadh i dtoghcháin áitiúla 2019?

Thart ar 5% de na comhairleoirí ar fad a toghadh sna toghcháin áitiúla mí na Bealtaine atá ina gcainteoirí líofa Gaeilge, de réir taighde atá déanta ag Tuairisc.ie

Cé hiad an 50 cainteoir líofa Gaeilge a toghadh i dtoghcháin áitiúla 2019?

Bhí os cionn 50 cainteoir líofa Gaeilge i measc an 949 comhairleoir contae agus cathrach a toghadh i dtoghcháin áitiúla 2019, de réir taighde atá déanta ag Tuairisc.ie i measc na bpáirtithe go léir.

Is ionann sin agus thart ar 5% de na comhairleoirí ar fad a toghadh sna toghcháin áitiúla mí na Bealtaine.

Tá liosta na gcomhairleoirí a deir go bhfuil Gaeilge líofa acu foilsithe anseo. Is ionann cainteoir líofa Gaeilge sa taighde seo agus aon chomhairleoir ar tugadh le fios fúthu go raibh dóthain líofachta sa teanga acu chun agallamh a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge amhail Raidió na Gaeltachta agus Nuacht TG4.

De réir an taighde nua ag Fianna Fáil is mó atá cainteoirí líofa Gaeilge sna húdaráis áitiúla agus 27 comhairleoir acu a deir go bhfuil dóthain Gaeilge acu chun agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge. Is ionann sin agus nach mór 10% den 279 iarrthóir de chuid Fhianna Fáil a toghadh mí na Bealtaine.

 

De réir an taighde a rinneadh i measc na bpáirtithe go léir, bhí deichniúr cainteoirí líofa Gaeilge i measc an 255 iarrthóir de chuid Fhine Gael a toghadh.

Tháinig laghdú mór ar sciar Shinn Féin den vóta agus 81 suíochán atá anois acu le hais 159 in 2014, ach tá naonúr comhairleoirí acu a deir gur cainteoirí líofa iad. Is ionann é sin agus 11% de na hiarrthóirí de chuid Shinn Féin a toghadh in 2019.

Ag Comhaontas Glas, a rinne dul chun cinn mór i dtoghcháin na bliana seo, atá an céatadán is airde de chomhairleoirí a deir go bhfuil dóthain Gaeilge acu chun agallamh a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge. Seisear, nó 12%, den 49 comhairleoir ag Comhaontas Glas a deir amhlaidh.

Gaeilgeoir amháin atá i measc an deichniúr comhairleoirí de chuid Phobal Roimh Bhrabús a toghadh. Is í sin Hazel de Nortúin agus tá sí ar dhuine den chúigear iardhaltaí ó Choláiste Chillian i gCluain Dolcáin a toghadh ina gcomhairleoirí.

Comhairleoir amháin le Gaeilge atá i measc an naonúr déag comhairleoir a toghadh do na Daonlathaigh Shóisialta agus tá Gaeilge ag triúr den 57 comhairleoir a toghadh do pháirtí an Lucht Oibre. Sin le rá go bhfuil Gaeilge ag 5% de na comhairleoirí a toghadh don dá pháirtí.

Cé nár éirigh le Tuairisc.ie a dheimhniú cé mhéad cainteoir líofa Gaeilge atá i measc an 198 comhairleoir neamhspleách a toghadh ar na húdaráis áitiúla mí Bealtaine, tá Eoin Ó Broin (Cluain Dolcáin, Comhairle Contae Átha Cliath Theas), Séamus O’Donnell (Dún Garbhán/Lios Mór, Comhairle Cathrach agus Comhairle Contae Phort Láirge), Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig (Na Gleannta, Comhairle Contae Dhún na nGall); Mick Gleeson (Cill Airne, Ciarraí Theas, Comhairle Contae Chiarraí) Joe Conway (Trá Mhór, Comhairle Cathrach agus Comhairle Contae Phort Láirge) i measc na nGaeilgeoirí is aitheanta acu.

Fianna Fáil

Shane Moynihan, Baile Phámar-Cnoc an Fhuaráin, Comhairle Contae Átha Cliath Theas
Daithí De Róiste, Baile Formaid, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Deirdre Heney, Cluain Tarbh, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Tom Brabazon, Domhnach Míde, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Mark Nestor, Inis, Comhairle Contae an Chláir
Padraig Ó Ceallaigh, Cill Rois, Comhairle Contae an Chláir
Cathal Crowe, Sionainn, Comhairle Contae an Chláir
Breandán Fitzgerald, An Daingean, Comhairle Contae Chiarraí
Fionnán Fitzgerald, Oileán Ciarraí, Comhairle Contae Chiarraí
Norma Foley, Trá Lí, Comhairle Contae Chiarraí
Norma Moriarty, Neidín, Comhairle Contae Chiarraí
Naoise Ó Cearúil, Maigh Nuad, Comhairle Contae Chill Dara
Gillian Coughlan, Droichead na Bandan, Cionn tSáile, Comhairle Contae Chorcaí
Padraig O’Sullivan, An Cóbh, Comhairle Contae Chorcaí
Gobnait Ní Mhuineacháin, Maigh Chromtha, Comhairle Contae Chorcaí
Dónal Coyle, Leitir Ceanainn, Comhairle Contae Dhún na nGall
Anthony Molloy, Na Gleannta, Comhairle Contae Dhún na nGall
Noreen McGarvey, Na Gleannta, Comhairle Contae Dhún na nGall
Mary Hanafin, An Charraig Dhubh, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin
Brigid Manton, Sord, Comhairle Contae Fhine Gall
Albert Dolan, Baile Átha an Rí-Órán Mór, Comhairle Chontae na Gaillimhe
Séamus Walsh, Conamara Thuaidh, Comhairle Chontae na Gaillimhe
Dáithí Ó Cualáin, Conamara Theas, Comhairle Chontae na Gaillimhe
Shane Curley, Baile Locha Riach, Comhairle Chontae na Gaillimhe
John Sheridan, Baile Átha Fhirdia, Comhairle Contae Lú
James Byrne, Droichead Átha, Comhairle Contae Lú
Liam Reilly, Dún Dealgan Theas, Comhairle Contae Lú

Sinn Féin

Mícheál Mac Donncha, Beaumont-Domhnach Míde, Comhairle Chathair Bhaile Átha Cliath
Críona Ní Dhálaigh, Cromghlinn- Camaigh, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Toiréasa Ferris, Trá Lí, Comhairle Contae Chiarraí
John Shéamuis Ó Fearraigh, Na Gleannta, Comhairle Contae Dhún na nGall
Pa Daly, Trá Lí, Comhairle Contae Chiarraí
Terry Crossan, Inis Eoghain, Comhairle Contae Dhún na nGall
Albert Doherty, Inis Eoghain, Comhairle Contae Dhún na nGall
Tomás Sharkey, Dún Dealgan Theas, Comhairle Contae Lú
Conor McGuinness, Port Láirge Thiar, Comhairle Cathrach agus Comhairle Contae Phort Láirge

Fine Gael

Naoise Ó Muirí, Cluain Tarbh, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Fergal Browne, Ceatharlach, Comhairle Contae Cheatharlach
Séamus Cosaí Fitzgerald, Corca Dhuibhne, Comhairle Contae Chiarraí
Aoife Thornton, Lios Tuathail, Comhairle Contae Chiarraí
Garret Kelleher,  Iardheisceart Chathair Chorcaí, Comhairle Cathrach Chorcaí
Eileen Lynch, Maigh Chromtha, Comhairle Contae Chorcaí
Pádraig Mac an Iomaire, Conamara Theas, Comhairle Chontae na Gaillimhe
Frank McDermott, Cionn Átha Gad, Comhairle Contae na hIarmhí
Gerry Hagan, Longfort, Comhairle Contae Longfoirt
Jarlath Munnelly, Béal an Átha, Comhairle Contae Mhaigh Eo

Comhaontas Glas

Peter Kavanagh, Cluain Dolcáin, Comhairle Contae Átha Cliath Theas
Róisín Garvey, Inis Díomáin, Comhairle Contae an Chláir
Deirdre Ní Fhloinn, Gleann Cuilinn-Áth an Ghainimh, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin
Séafra Ó Faoláin, An Charraig Dhubh, Comhairle Contae Dhún Laoghaire -Ráth an Dúin
David Healy, Binn Éadair-Mullach Íde, Comhairle Contae Fhine Gall
Marc Ó Cathasaigh, Trá Mhór agus Port Láirge Thoir, Comhairle Cathrach agus Comhairle Contae Phort Láirge

Na Daonlathaigh Shóisialta

Paul Mulville, An Ros-Lusca, Comhairle Contae Fhine Gall

An Comhaontas Pobal Seachas Brabús

Hazel de Nortúin, Cluain Dolcáin, Comhairle Contae Átha Cliath Theas

Páirtí an Lucht Oibre

Joe Costello, Lárchathair Bhaile Átha Cliath Thuaidh, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Seána Ó Rodaigh,Baile Brigín, Comhairle Contae Fhine Gall
Brian McDonagh, Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh, Comhairle Contae Fhine Gall

Fág freagra ar 'Cé hiad an 50 cainteoir líofa Gaeilge a toghadh i dtoghcháin áitiúla 2019?'

  • Fearn

    Anois, cé an líon acu a rinne an fhírinne, agus cé an líon a chuireas focal i mbeart?

  • Aodhán Ó Deá

    Spéisiúil. An dul chun cinn nó laghdú seo ó 2014?
    Gaeilge ag Nial Ring, Comhairleoir neamhspleách eile freisin: Iar-Ard-Mhéara Cathair Átha Cliath

  • Ciarán

    Toghadh Gaeilgeoirí ar chomhairlí na sé chontae i mí Bealtaine freisin.