Cé hí an bhean mhistéireach seo a sheas an fód do scoil Dhún Chaoin 50 bliain ó shin?

Ar 'An Saol Ó Dheas' inné a tháinig cás na mná mistéirí chun solais nuair a pléadh pictiúr di le húdar an leabhair ‘Dún Chaoin: Oscail an scoil!’

Cé hí an bhean mhistéireach seo a sheas an fód do scoil Dhún Chaoin 50 bliain ó shin?

Pictiúr: Pat Langan

Cé hí an bhean mhistéireach seo a sheas an fód do scoil Dhún Chaoin 50 bliain ó shin?

Sin í an cheist atá ag dó na geirbe ag daoine i gCorca Dhuibhne agus eolas á chuardach faoi phictiúr a tógadh 50 bliain ó shin ag ceann de na hagóidí is mó rath i stair na teanga.

Tá an mórshiúl agus an agóid chun Scoil Dhún Chaoin a choimeád ar oscailt i mbéal an phobail arís ó tharla go mbeidh 50 bliain an Dé Luain seo chugainn ó bhain an lucht agóide an ardchathair amach ar an 5 Aibreán 1971.

Ar an Saol Ó Dheas inné a tháinig cás na mná mistéirí chun solais nuair a pléadh pictiúr di le húdar an leabhair Dún Chaoin: Oscail an scoil!, Colm Ó Snodaigh.

“Tá pictiúr ann den mháirseáil i mBleá Cliath agus, de réir dealraimh, tá bean óg sa phictiúr agus n’fheadar éinne cé í fhéinig? Níor aithin éinne í an uair sin í nó ní aithníonn éinne inniu í ach ba bhreá le gach éinne fáil amach cé í fhéinig?” arsa Helen Ní Shé ar an gclár.

 

Foilsíodh an pictiúr san Irish Times an lá i ndiaidh na hagóide in Oifigí Roinn na Gaeltachta.

Dúirt Colm Ó Snodaigh gur lorg sé eolas ó ualach daoine a bhí i láthair ag an agóid faoin mbean sa phictiúr ach nár éirigh leis aon ní a fháil amach fúithi.

“Ní fheiceann tú é sa ghrianghraf ach bhí Liam Mac Con Iomaire ann agus cuireadh ceist air siúd. Ní raibh aon aithne aige uirthi.

“Chuireas ceist ar Bhreandán Feiritéar [sa phictiúr ar chlé], Breandán Mac Gearailt, Breandán Ó Buachalla, Aingeal Ó Buachalla, atá slat uaithi ar na céimeanna, Seosamh Ó Cuaig, Liam Ó Muirthile, go ndéana Dia grásta air. Gach aon duine. M’athair féin [Pádraig Ó Snodaigh]. Aon duine a bhí bainteach leis seo agus níl aithne ag aon duine uirthi.”

Dúirt Ó Snodaigh go ndeachaigh sé i mbun bleachtaireachta agus go raibh tuairim ann gur deirfiúr Bhreandáin Uí hEithir nó iarbhean chéile Tony Gregory a bhí i gceist ach fuair sé amach nárbh iad a bhí ann.

Mheas Ó Snodaigh go bhfuil “cuma na cathrach” ar an mbean agus go bhfuil seans ann gur ghlac sí páirt san agóid tar éis di scéal a fheiceáil sna nuachtáin nó gur tháinig sí trasna ar an máirseáil agus í sa chathair an lá sin.

Fág freagra ar 'Cé hí an bhean mhistéireach seo a sheas an fód do scoil Dhún Chaoin 50 bliain ó shin?'

  • Buille faoi thuairim

    Mailí Óg Ní Mhaoileoin?

  • S. Mac Muirí

    Is furasta í a aithne agus an IT ina ghlaic aici ansin. Is í an bhean í a chuaigh ar troigh gan tuairisc.ie í!
    Molann a gníomh an lá sin í ar mhodh ar bith.

  • Ciarán Ó Brolcháin

    Níl a fhios agam cad chuige, ach bhí mé den tuairim gur Brighid Uí Éigeartaigh a bhí ann.

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Ní hamháin go bhfuil greim aici ar an IT ach ar mála caipéisí a léiríonn gur duine proifisiúnta í nach bhfuil ró-fhada óna hionad oibre. Dlíodóir b’fhéidir?

  • Joan Nic Udhir

    Íde Ní Dhomhnaill ?

  • Colm Ó Snodaigh

    An-smaointe ó chách. A Joan – nílim cinnte cé hí Íde Ní Dhomhnaill – an bhféadfá níos mó eolais a sheoladh chugam led thoil colm@kilarecords.com
    A Chiaráin – bhí Brighid níos sinne ná an bhean sa phictiúir.
    Agus a ‘Bhuile Faoi Thuairaim’ nílim cinnte cé hí Mailí Óg ní Mhaoileoin – arís an bhféadfá níos mó eolais a thabhairt dom led thoil agus raghadsa ar a tóir más í atá ann.
    Grmagaibh.

  • Peadar Mac Muiris

    Fáinne pósta ar an mhéar cheart aici?