Cé hé Larry McCarthy, Uachtarán nua Chumann Lúthchleas Gael?

Is beag duine atá níos eolaí ná Larry McCarthy ar an gcaoi a n-oibríonn an eagraíocht a bhfuil sé anois ina ceannas

Cé hé Larry McCarthy, Uachtarán nua Chumann Lúthchleas Gael?

Uachtarán nua ar Chumann Lúthchleas Gael, Larry McCarthy. Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

Insealbhaíodh Larry McCarthy mar Uachtarán ar Chumann Lúthchleas Gael an deireadh seachtaine seo, an 40ú duine ar bronnadh an onóir sin air agus an chéad duine ar ball é de chumann atá lasmuigh d’Éirinn. Sin é Cumann Shligigh i Nua-Eabhrac, áit a bhfuil tréimhsí caite ag an gCárthach mar rúnaí agus mar chathaoirleach ar bhord an chontae ansiúd.

Bheadh breall ar an té a cheapfadh gur míbhuntáiste de chineál ar bith dó a bheith ina chónaí thar lear le os cionn cúig bliana déag agus fiche anois. Is beag duine atá níos eolaí ná Larry ar an gcaoi a n-oibríonn an eagraíocht a bhfuil sé anois ina ceannas.

Tá bonn craoibhe de chuid na hÉireann ina sheilbh, seal caite aige ina rúnaí ar chlub a raibh rath air agus lenar mhinic é i mbun spairne le coistí contae, cúige agus náisiúnta. Níos deireanaí ina shaol shuigh sé trasna an bhoird mar bhall de na coistí céanna sin.

Múinteoir corpoideachais a bhí ann tráth rud a fhágann taithí ar oiliúint aige agus le blianta beaga é ina ollamh in Ollscoil Seton Hall i New Jersey, ar a bhfuil 10,000 mac léinn ag freastal. Ansiúd déanann sé teagasc ar bhainistíocht spóirt – gnó ar fiú $350 billiún é sna Státaí. Tá saineolas aige ar mhargaíocht spóirt.

I bParóiste an Locha i gCathair Chorcaí a saolaíodh Larry McCarthy i 1955. Déarfá leis sin go mba é Cumann Barra Naofa a chlub, ach ba ar an taobh eile den pharóiste óna bpáirceanna siúd a bhí teach a mhuintire. Dá bharr, ba é cluiche an tsacair ba mhó a chleacht sé le linn a óige, rud eile nach bhfuil le rá faoi aon uachtarán eile, déarfainn. Ba mhinice a thriall ar Chrois an Turnóra (Cork Celtic) agus ar Lóiste na mBláth (Cork Hibernians) ná ar Pháirc Uí Chaoimh.

D’athraigh sin ar fad nuair a chuaigh a theaghlach chun cónaithe i mBaile an Easpaig, áit ar cheannaigh siad teach le hais pháirceanna Chumann Lúthchleas Gael ansiúd. Ar mheánscoil, áit a raibh Billy Morgan mar mhúinteoir aige, a tharraing sé geansaí CLG ar a ghuaillí den chéad uair.

Ba as Neidín ó dhúchas dá athair, a raibh Larry mar ainm freisin air. Chaith seisean formhór a shaoil mar oibrí bainc cois Laoi. Galfaire den scoth ab ea é siúd, a d’imir d’Éirinn os cionn 20 uair agus a bhí ina chaptaen ar an bhfoireann náisiúnta idir 1976-1978.

Ach dar ndóigh ba Chiarraíoch é freisin agus ba ar chluichí ina raibh siad siúd ag imirt ba thúisce a d’fhreastail an tUachtarán nua i gcuideachta a athar. Ní hiontas mar sin nuair a ceistíodh eisean le gairid faoin laoch peile ba mhó a bhí aige le linn a óige gur dhúirt sé Mick O’Connell.

Larry McCarthy agus iarUachtarán CLG, Seán Ó hÓráin. Pictiúr: INPHO/Tom O’Hanlon

Le linn an ama sin ba chomrádaí oibre lena athair an peileadóir cáiliúil Tom Moriarty agus is cuimhneach le Larry gur chaith an Muircheartach tamall ina chónaí leo nuair a briseadh cos leis agus é ag imirt.

Tá áit faoi leith ag Tom i stair agus in iomaíocht na peile i gCorcaigh agus i gCiarraí. I dTrá Lí a saolaíodh é, ach tar éis dó bonn mionúir craoibhe a bhuachan lena chontae dúchais i 1946, chuaigh sé ag obair i mbanc i gCloich na Caoilte agus chaith 10 mbliana ag imirt leosan. Bhuaigh sé Craobh na Mumhan agus bonn Sraithchomórtais le Corcaigh i 1952.

Ansin chuir Ciarraí fios ar ais air agus leosan a bhuaigh sé Craobhacha na hÉireann i 1955 agus Craobhacha na Mumhan i 1954 agus 1958.

Agus Scrúdú na hArdteistiméireachta déanta aige thug Larry Óg McCarthy aghaidh ar an gColáiste nua-oscailte Corpoideachais i Luimneach áit a bhfuair sé a chéad bhlaiseadh den chaoi a n-oibríonn Cumann Lúthchleas Gael.

Chomh maith le bheith i mbun imeartha, ba é freisin a bhí ina rúnaí ar chlub Chumann Lúthchleas Gael sa gcoláiste ag tráth nach raibh mórán fáilte ag coistí contae foirne tríú leibhéal a scaoileadh isteach sna comórtais áitiúla – scéal atá fíor cuid mhaith i gcónaí ach amháin i gCorcaigh.

Ba i Luimneach a chuir Larry McCarthy aithne mhaith ar an sall agus anall agus ar an bpolaitíocht a bhaineann leis an gcaoi a n-oibríonn cúrsaí riaracháin in eagraíocht mhór spóirt amaitéaraigh.

Go drogallach tugadh cead iomaíochta don choláiste i Luimneach agus le fírinne ní raibh aon fháilte ag eagraíocht CLG na n-ollscoileanna féin rompu ach an oiread.

Nuair a fuaireadar cead isteach i 1975 rinne McCarthy ceann den bheagán botún is féidir a chur ina leith ina shaol riaracháin – dearmad a chuid imreoirí a chlárú, rud a d’fhág gur caitheadh amach as Craobh Luimnigh iad agus an babhta ceannais sroichte acu.

An bhliain dár gcionn bhí a cheacht foghlamtha aige agus bhuaigh Coláiste Thuamhan craobh an chontae i 1977 agus Craobh Chlubanna na hÉireann i 1978.

D’fhoghlaim Larry ceacht eile an turas sin – gurb í an fhoireann is fearr atá agat a chuireann tú chun páirce, cuma cé na geallúintí atá déanta roimhe.

Mar is dual do mhic léinn agus iad ar shaoire an tsamhraidh, thug go leor d’imreoirí Thuamhan aghaidh ar na Státaí agus na scrúduithe thart i 1977. Socraíodh gurb iad siúd a d’fhan sa mbaile amháin a d’imreodh i chuile chluiche craoibhe, beag beann ar cé chomh fada agus a thiocfadh siad.

Bhí cluiche ceannais an chontae sroichte acu faoin am ar thosaigh an scoilbhliain nua sa bhfómhar agus chuile chluiche imeartha ag Larry.

Ach faoin tráth sin freisin bhí na himircigh fillte – láithreach bonn tugadh a n-áiteanna ar ais do na ‘réalta’ a raibh an samhradh caite acu i gcéin.

Ba mar ionadaí a chonaic Larry McCarthy Cluiche Ceannais Luimnigh, an bua ar Naomh Muire, Sligeach agus ar Namh Eoin Bhéal Feirste i gCraobh na hÉireann.

Chaith an Cárthach seársa ag múineadh i mBleá Cliath ina dhiaidh sin, sular thug sé féin aghaidh ar na Státaí le cur lena chuid oideachais.

Níor fhill sé go buan riamh, cé gur anseo a chaithfidh sé na trí bliana amach romhainn. Go n-éirí go geal leis. Tá sé féin ina ‘Réalt’ anois.

Fág freagra ar 'Cé hé Larry McCarthy, Uachtarán nua Chumann Lúthchleas Gael?'