‘Cé hé an fear? Is mise an fear!’ – clár corraitheach faoin gcóras sláinte

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Bhí cad é bús faoi Keeping Ireland Alive: The Irish Health Service in a Day ó seoladh sceideal fómhair RTÉ, agus ba chlár mar a thuairisc é

‘Cé hé an fear? Is mise an fear!’ – clár corraitheach faoin gcóras sláinte

Tá Jackie cromtha os cionn a fir ag féachaint air go grámhar agus á spreagadh le focail shéimhe. Michael in luí sa leaba agus gan aon dé ann. Breis agus seachtó lá gafa tharstu ó d’fhág fliú na muc agus niúmóine víreasach fear Luimnigh i ngalar na gcás.

Bóthar fada an athshlánaithe rompu agus sinne faru ar feadh scaithimh. Bhí an radharc sin le Jackie agus Michael O’Flynn i measc na nóimintí is cumhachtaí agus is corraithí a chonac ar RTÉ, nó ar aon chainéal go deimhin, lem chuimhne.

Bhí cad é bús faoi Keeping Ireland Alive: The Irish Health Service in a Day (RTÉ 1, aréir) ó seoladh sceideal Fómhair RTÉ; agus ba chlár mar a thuairisc é.

Is é a chuir an tsraith cúig chlár seo roimpi ná éachtaint a thabhairt ar an gcóras sláinte agus scéalta a ríomh a théann níos doimhne ná ceannlínte na liostaí feithimh, costais, acmhainní, srl. Béim ar na  ‘scéalta daonna’ faoi mar a dúirt an tráchtaire ag tosach an chláir.

Chuige sin earcaíodh 75 criú difriúil le dul ag taifeadadh in ospidéil agus ionaid shláinte eile ar fud na tíre ar an 31 Bealtaine seo caite. Níor tharla a leithéid riamh cheana. Ba thapa an casadh timpeall é óir ní foláir nó bhí na céadta uaireanta an chloig d’ábhar le cíoradh agus le cur in eagar.

Dúirt an tráchtaire céanna go raibh tuairim is 200,000 duine faoi chúram an chórais ar an lá sin, go bhfuair tuairim is 80 duine bás agus gur rugadh tuairim is 200 duine.

Thosaigh an léargas i mBaile Átha Cliath mar a raibh an néaramháinlia David O’Brien ag tiargáil chun scine. Meall le baint as droim an tiománaí bus Brendan Flanagan.

D’eachtraigh sé dúinn go réchúiseach go mbíonn a chuid obráidí idir dhá cheann na meá go minic, agus gur mar sin is fearr leis é.

D’iompaigh sé ar an nGaeilge agus a ghaisce is déanaí curtha de aige. ‘Cé hé an fear? Is mise an fear,’ a dúirt sé. Ba dheacair gan aontú leis. Ba dheacair leis gan meas agus ómós thar na bearta a bheith agat do na daoine ar fad a bhíonn ag sclábhaíocht leo go daonna i líne thosaigh an chórais sláinte.

Ní nach ionadh bhí daoine ag imeacht bán ar Twitter agus íde na muc agus na madraí á tabhairt do pholaiteoirí. Chuir an tAire Sláinte Simon Harris a mhaide san fheamainn agus tagairt cháinteach á déanamh aige don mhasla ‘Angola’ a chaith Brian Cowen leis an aireacht sláinte.

Seo linn ar fud na tíre. Ó rannóg mháithreachais Chiarraí go tástálacha brú fola i marglann i Maigh Eo agus ó chór do dhaoine le néaltrú go hionad dianchúraim an Mater, an áit a raibh Michael O’Flynn.

Scéal eile a chuaigh go mór i bhfeidhm orm ná Derek Hayes a chaill radharc na súl ar chúiseanna difriúla agus a bhí ag dul faoin scian arís eile, agus don uair dheireanach, le léas éigin a fháil. Bhainfeadh an radharc ina gcíonn sé a iníon den chéad uair le trí bliana deoir as an gcloch ghlas.

Struchtúr an chláir ná go leantar scéalta na n-othar go deireadh agus gur othair agus ionaid eile a bheidh os ár gcomhair sna gálaí eile. Roimh na teidil chreidiúna tugadh suas chun dáta sinn mar gheall ar dhul chun cinn na n-othar difriúil. Dea-scéalta ar fad a bhí ann ach is cinnte nach mbeidh sin amhlaidh i ngach clár. Clár corraitheach, tábhachtach, eisceachtúil.

Fág freagra ar '‘Cé hé an fear? Is mise an fear!’ – clár corraitheach faoin gcóras sláinte'