Cé go bhfuil an baol ann i gcónaí go bhfuil cleas folaigh ag Mickey Harte, is le hÁth Cliath a bheidh an lá

Tá buaite ag Baile Átha Cliath ar fhoirne cosantacha, ar fhoirne a bhrúigh suas ina n-aghaidh, agus ar fhoirne a rinne iarracht an dá thrá a fhreastal

Cé go bhfuil an baol ann i gcónaí go bhfuil cleas folaigh ag Mickey Harte, is le hÁth Cliath a bheidh an lá

Mickey Harte le Jim Gavin. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tá cluiche ceannais peile na hÉireann tagtha ach mhaithfeadh tú d’aon duine nach mbeadh a fhios aige sin.

Seachas i dTír Eoghain, is ar éigean go raibh seachtain chomh ciúin riamh ann roimh chluiche ceannais na hÉireann.

Ní fhéadfá an locht a chur ar Áth Cliath. Is iad an fhoireann is fearr sa tír agus is leis na foirne eile atá sé iad a leagan. Faraor, ní bhreathnaíonn sé go bhfuil contae ar bith i ngiorracht scread asail dóibh faoi láthair.

Ní chuirfidh an tuairimíocht sin aon mhairg ar bhainisteoir Thír Eoghain Mickey Harte. Ní raibh Tír Eoghain mar rogha na n-údar d’aon cheann de na craobhacha a bhuaigh siad ag tús na mílaoise agus níl a sárú d’fhoireann ann chun meon an léigir a chothú.

Nuair a bhuaigh siad na craobhacha sin in 2003, 2005 agus in 2008, bhí déine dhochreidte ina gcuid imeartha. Le go mbeadh seans ar bith ag foireann Mickey Harte tráthnóna, caithfidh siad an déine chéanna a léiriú, ach ní foláir dóibh plean ceart a bheith acu chomh maith. Léiríodh i gcluiche leathcheannais na bliana seo caite nach mbeidh aon rath ar Thír Eoghain má bhíonn siad ag cúlú siar agus ag tabhairt an iomarca saoirse d’Áth Cliath.

Is iad Maigh Eo an fhoireann is mó a chruthaigh deacrachtaí d’Áth Cliath le blianta beaga anuas agus d’éirigh leo é sin a dhéanamh mar gur thug siad fúthu fear ar fhear.

D’fhéadfadh go bhfuil fir Thír Eoghain sách aclaí agus scafánta le déanamh amhlaidh. Bhuel sin go dtiocfaidh fir ionaid lúfara Átha Cliath isteach.

Pé scéal é, caithfidh imreoirí Mickey Harte a bheith go hiomlán dílis don phlean atá acu ó thús na himeartha agus

b’fhéidir nár leor sin fiú.

Bhí tosaithe na bhfoirne sin a bhuaigh craobhacha na hÉireann do Thír Eoghain ar fheabhas ar fad. Bhí leithéidí Peter Canavan, Eoin Mulligan, Stephen O’Neill, Brian Dooher agus Brian McGuigan ar na foirne sin, ach níl aon duine chomh maith leo acu faoi láthair. Is imreoirí den scoth iad Peter Harte agus Mattie Donnelly ach is mó am a chaitheann siad i mbun cosanta.

Nuair a bhíonn leithéidí Conor McAliskey, Lee Brennan agus Mark Bradley i mbarr a maitheasa, tá an cumas iontu scrios a dhéanamh ach níl siad triúr feicthe againn ag imirt go maith an lá céanna fós i mbliana.

Pé plean atá ag Mickey Harte don chluiche, seans go mbeidh an plean sin leathcheann an phlean sin feicthe cheana ag Jim Gavin agus Áth Cliath. Tá cleachtadh ag foireann Átha Cliath seo a bheith ag imirt i gcoinne beagnach gach stíl a bhfuil ann. Tá buaite acu ar fhoirne cosantacha, ar fhoirne a bhrúigh suas ina n-aghaidh, agus ar fhoirne a rinne iarracht an dá thrá a fhreastal.

Fágann an stíl imeartha atá acu féin agus an nós atá acu seilbh na liathróide a choinneáil ar feadh tréimhsí fada imeartha, go mbíonn sé iontach deacair aon dul chun cinn a dhéanamh. Agus nuair is gá an liathróid a bhogadh chun cinn go sciobtha, tá siad go maith in ann é sin a dhéanamh chomh maith.

Shamhlófá go mbeidh Tír Eoghain ar a ndícheall ag iarraidh gan an spás céanna a thabhairt do Chiarán Kilkenny is atá tugtha dó ag foirne eile i gcaitheamh na bliana. Is imreoir fíorthábhachtach é Kilkenny ach nuair a choinnigh Lee Keegan faoi chois é i gcluiche ceannais na bliana seo caite, bhí Áth Cliath maith a ndóthain fós leis an gcraobh a thabhairt leo.

Fiú má éiríonn le Tír Eoghain Kilkenny nó Brian Fenton a choinneáil faoi chois, shamhlófá go bhfuil a ndóthain imreoirí maithe ag Áth Cliath chun teacht slán agus cé go bhfuil an baol ann i gcónaí go bhfuil cleas folaigh ag Mickey Harte, is le hÁth Cliath a bheidh an lá.

Rogha Tuairisc.ie: Áth Cliath

Fág freagra ar 'Cé go bhfuil an baol ann i gcónaí go bhfuil cleas folaigh ag Mickey Harte, is le hÁth Cliath a bheidh an lá'