‘Cé dhár díobh thú?’ Sraith ar chúrsaí ainmneacha…

Bhain cumadóireacht nach beag leis an mBéarlú a rinneadh ar ár n-ainmneacha, a deir ár gcolúnaí sa dara halt leis i sraith alt faoi chúrsaí ainmneacha...

‘Cé dhár díobh thú?’ Sraith ar chúrsaí ainmneacha…

‘Cé dhár díobh thú?’ leagan a chloistear i Ros Muc agus in Iorras Aithneach i gContae na Gaillimhe. Mar Cér díobh thú? atá sé litrithe ag na Bráithre Críostaí. Is cosúil gurb ionann brí dó agus ‘Cé leis thú?’, mar a fuaireas-sa amach an chéad uair a d’airigh mé é.

‘Baile Átha Cliath’ a dúrtsa mar fhreagra air, ag déanamh amadáin díom féin – rud a tharlaíonn don ghnáthfhoghlaimeoir ó am go chéile, go mór mór agus canúint nua á foghlaim aige. ‘Ní hea’, a deir fear mo cheistithe, ‘ach cén sloinne atá ort?’. ‘De mhuintir Uí Íceadha (mé)’ freagra an fhiafraithe thuas, de réir chomhairle an Ollaimh Tomás Ó Máille sa sárleabhar An Béal Beo.

Idir 1600 agus 1900 a tharla an t-athrú teanga in Éirinn. Am éigin le linn na tréimhse sin a tháinig an litriú Hickey ar an saol, de réir dealraimh. Ba go luath sa tréimhse sin a d’imigh na hIarlaí, mar is eol dúinn. B’ionann a dteitheadh agus an bonn á bhaint de Dhlíthe na mBreithiúna faoi dheireadh is faoi dheoidh.

Ba é an Béarla teanga an riaracháin agus teanga na gcúirteanna feasta. Is é a deir an tOllamh Liam Mac Mathúna gurbh é an próiseas seo a bhuanaigh Béarlú logainmneacha agus ainmneacha daoine in Éirinn ar bhonn institiúide agus oifigiúlachta.

Ní nach ionadh, bhain a lán cásanna cúirte le cúrsaí seilbhe agus an talamh á bhaint de mhuintir na tíre. Is sna Tudor Fiants a fhaighimid spléachadh ar na cúrsaí seo. Is ionann na cáipéisí sin agus an chéad iarracht ar ainmneacha dúchais mhuintir na hÉireann a Bhéarlú, a deir Tomás G. Ó Canann.

Ní bhíonn dlí ar an riachtanas agus thuig muintir na hÉireann go gcaithfidís géilleadh do Bhéarlú a n-ainmneacha dá mbeadh seans ar bith acu a gcuid talún a choimeád. ‘Coimhthíoch’ nó ‘alien’ an aidiacht an úsáideann an tOllamh Liam Mac Mathúna chun cur síos a dhéanamh ar an aistriú sin, agus an ceart ar fad aige: ‘They realised that they [muintir na hÉireann] could only contest their rights within the English administrative and legal systems if they recognised the new nomenclature bestowed on their lands and assumed the alien personal designations being used to refer to themselves’.

D’fhág an méid sin gur teanga phríobháideach ab ea an Ghaeilge leis an aimsir, a bhain níos mó le saol an teaghlaigh agus le saol na gcomharsan. Ba le haghaidh an tsaoil phoiblí an Béarla. Réitigh formhór mhuintir na tíre an teannas idir Gaeilge an phríobháideachais agus Béarla an tsaoil phoiblí sa deireadh thiar trí iompú ar an mBéarla ‘for all domains’ (Mac Mathúna).

Cúiseanna praiticiúla a bhí lena leithéid de chinneadh, ar ndóigh. Fanacht beo an phríomhchúis agus nuair atá deireadh ráite, is de bharr iachaill a rinne muintir na hÉireann amhlaidh, rud nach n-admhaítear i gcónaí agus an cheist seo á plé.

Deir Liam Mac Mathúna gurbh ionann leabú an Bhéarla i gcóras dlí agus riaracháin na hÉireann agus bunús an chórais atá anois againn sna réimsí sin.

Tá a rian sin le feiceáil agus le braistint i measc phobal na Gaeilge i gcónaí, a deir an t-ollamh as Baile Átha Cliath: ‘It informs the attitudes to officialdom of much of the population – including that of the Gaeltacht company – and is the basis for the ongoing tension with the conflicting aspirations of the language revival movement’.

Isteach is amach le ceithre bhealach a bhí ag na Sasanaigh chun ainmneacha coimhthíocha a thabhairt dúinn:

  1. Iarracht gharbh nó drochiarracht ar fhuaimeanna na teanga a thabhairt slán: MacGabhann > McGowan; Mac Mánais > McManus; Ó Dála[igh] > (O’)Daly; Ó Flaithearta[igh] > O’Flaherty, etc.
  2. Ainmneacha a shimpliú: Mac Giolla Iasachta > Macgillysaghta > Mac Lysaght > Lysaght.
  3. Ainmneacha a aistriú agus a gcomhionann a aimsiú sa Bhéarla: MacGabhann – ‘son of the smith’ > Smith; Ó Draighneáin/Ó Droighneáin – ‘from the blackthorn’ mar dhea > Thornton; Ó Gaoithín/Ó Guithín – ‘from little wind’ mar dhea > Wyndham.
  4. Ainmneacha a aistriú go míchruinn (i.e. drochaistriúcháin a dhéanamh): I gcás an tsloinne Mac Conraoi, mar shampla, ceapadh gur Mac an Rí a bhí ann agus rinneadh ionannú leis sin. ‘King’ an Béarla a cuireadh air sin dá bharr. I gcás an tsloinne Ó Dubháin, tá sé le tabhairt faoi deara gurb ionann ‘Dubhán’ agus an litriú malartach ar ‘Duán’, i measc rudaí eile. ‘Kidney’ a beartaíodh a thabhairt ar an dream céanna dá réir.
  5. An cúigiú bealach a d’fhéadfaí a lua ná comhionannú a dhéanamh le sloinne Béarla a bhí ann cheana. Dála mar a tharla leis na bealaí eile thuas, ba mhinic cumadóireacht i gceist leis an gcur chuige seo; beartaíodh, mar shampla, ‘Loftus’ a bhaisteadh ar mhuintir Uí Lachtnáin.

Siúd iad thuas na príomhbhealaí a bhí ag na Sasanaigh le hainmneacha mhuintir na hÉireann a Bhéarlú.

Ag caint dó ar an éagsúlacht a bhain leis an bpróiseas seo, deir Liam Mac Mathúna, agus é ag tagairt do shaothar Edward MacLysaght, go raibh teaghlach amháin i Meiriceá a raibh sé cinn de leaganacha Béarla dá sloinne ann: ‘McEneane, McAneaney, McAneny, McEnaney, McEneany, Bird (< éan ‘bird’).’

Fágann an tOllamh le Gaeilge an meall is mó ar deireadh: ‘Similiarly, siblings used both Sruffaun and Bywater (< sruthán ‘stream’)’.

Ina gcodladh a bhí na Gaeil. Ba ghearr go ndúiseofaí iad.

Fág freagra ar '‘Cé dhár díobh thú?’ Sraith ar chúrsaí ainmneacha…'

  • wtf

    “Cér díobh é?” a d’fhiafraigh Tomás díom. Sara raibh deis agam faic a rá; “Cén cú a chac é nó cén madra a bhaist é”?

  • Sinéad de Faoite

    Alt rí mhaith agus an suimiúil. Go raibh maith agat!
    SdF

  • Carraig

    Cumadóireacht deir tú? Ceard faoi ‘O Dowel’. (Mícheál, mar shampla) =Dubh+Gall;
    Ó Dubhghaill. (Black foreigner…?)
    Nó: ‘Mac An Easpaig’…’Mac An tSagairt’. Ní chuireadh na Gaeil fiacail ann.