B’údar mór díomá é ach i bhfírinne níor chuir sé iontas ar mhórán nuair a dhiúltaigh rialtas na Breataine – arís – d’fhiosrú poiblí ar dhúnmharú Pat Finucane. B’fhada daoine den bharúil nach ligfeadh rialtas na Breataine do sholas an lae scaladh ar an scannal faoin gclaonpháirteachas i sraith dúnmharuithe.
‘Scannalach agus maslach’ a ghlaoigh muintir Finucane ar chinneadh Brandon Lewis, Státrúnaí Thuaisceart Éireann, nach n-ordódh sé fiosrú poiblí neamhspleách ar dhúnmharú an dlíodóra beagnach 32 bliain ó shin. I ráiteas tláithíneach, dúirt an Státrúnaí i dTeach na Parlaiminte nach raibh fiosrú neamhspleách á chur as an áireamh, am éigin, ach go gcaithfear fanacht ar athbhreithniú de chuid na bpóilíní an bhliain seo chugainn.
Bhí cinneadh riachtanach ó rialtas na Breataine de bharr rialú na Cúirte Uachtaraí i Londain i mí Feabhra anuraidh. Rialaigh na Tiarnaí Dlí gur sáraíodh Airteagail 2 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine mar nár deineadh fiosrú cuí ar an dúnmharú. Níor ordaigh na Tiarnaí fiosrú poiblí neamhspleách mar a bhí á éileamh ag muintir Finucane ach dúirt gur faoin rialtas é cinneadh a dhéanamh faoin gcineál fiosraithe a bhunófaí.
I ndiaidh dúshlán cúirte eile faoi shiléig an rialtais b’éigean don Státrúnaí geallúint a thabhairt i mí Dheireadh Fómhair go bhfógródh sé a chinneadh faoi fhiosrú roimh dheireadh na Samhna. Ina óráid sa Pharlaimint d’admhaigh an Státrúnaí go raibh oibleagáid air fiosrú a shásódh Airteagail 2 den Choinbhinsiún a bhunú. Fearacht Naomh Aibhistín, teastaíonn a thuilleadh ama uaidh.
Comhlíonfar riachtanais Airteagail 2, ar sé. Conas? Foilseofar blúirí eolais sa bhreis agus ligfear d’Ombudsman na bPóilíní gearán a scrúdú.
Agus déanfaidh póilíní seachtracha a fhostóidh brainse oidhreachta an PSNI scagadh ar an bhfianaise. Ansin breathnóidh an Státrúnaí ar an gcás arís. Mheas mac an dlíodóra, feisire Parlaiminte Shinn Féin, John Finucane, gur meilt ama in aon turas a bhí ar siúl ag an Státrúnaí.
Bhí a fhios le fada go raibh gníomhairí stáit claonpháirteach le paraimíleataigh an UDA i ndúnmharú Pat Finucane, os comhair a mhná agus a thriúr páistí ina dteach cónaithe i mí Feabhra 1989. Ní raibh ceist faoi sin le blianta. Dhearbhaigh sraith d’fhiosruithe oifigiúla é, nochtadh go raibh scata gníomhairí i gceist agus aithníodh triúr acu Brian Nelson, William Stobie agus Ken Barrett.
Rinne an póilín sinsearach as Londain, Sir John Stevens trí fhiosrú a dhearbhaigh go raibh claonpháirteachas i gceist. D’aontaigh an dá rialtas in Weston Park 2001 go mbunófaí fiosrú poiblí neamhspleách dá gcinnfeadh breitheamh seachtrach go raibh bunús leis na líomhaintí. Chinn an Breitheamh Cory as Ceanada go raibh claonpháirteachas go domhain sa gcás agus mhol sé fiosrú poiblí. Níor tharla, níl an margadh le rialtas na hÉireann comhlíonta fós.
In 2012 arís cheap Príomh-Aire na Breataine, David Cameron, an t- abhcóide iomráiteach Desmond de Silva, chun na taifid sa chás a scrúdú. Nocht a thuairisc go raibh claonpháirteachas idir seirbhís faisnéise rúnda an Airm agus an RUC lena ngníomhairí san UDA chun Pat Finucane a aithint mar thargaid, chun é a mharú agus chun fiosrú ar an dúnmharú a chur as a riocht.
Ghabh David Cameron leithscéal faoin “frankly shocking levels of collusion” ach dúirt sé nár frítheadh aon fhianaise faoi ‘chomhcheilg uileghabhálach’.
Ba é dearcadh mhuintir Finucane nach bhféadfaí talamh slán a dhéanamh de sin mar nár deineadh aon fhiosrú a d’fhéadfadh iachall a chur ar dhaoine fianaise a thabhairt nó finnéithe a chroscheistiú.
Ba í an cheist cé chomh sinsearach is a bhí na daoine a spreag, a dhear agus a threoraigh an t-ionsaí.
Sin í an cheist fós.
Is minic a dúirt Geraldine Finucane, baintreach an dlíodóra gur bheag a suim i bhfaisnéis faoin bhfear gunna – bhí fir ghunna chomh fairsing le cait in amanna abhus, dar léi, agus iad á n-ionramháil ag daoine eile.
Theastaigh uaithi a fháil amach céard a bhí ar eolas roimh ré ag airí rialtais agus feidhmeannaigh shinsearacha. Ar cheadaigh agus ar bheannaigh na húdaráis an dúnmharú? An raibh polasaí claonpháirteachais ann? Leanfaidh feachtas mhuintir Finucane, a bhfuil tacaíocht acu ó rialtas na hÉireann, ó ionadaithe Theach na Comhdhála i Meiriceá, ó eagraíochtaí cearta daonna ar fud na cruinne agus ó na páirtithe polaitiúla logánta, neamh-aontachtacha.
Tá cinneadh an Státrúnaí Lewis ag teacht le cur chuige an Phríomh-Aire Boris Johnson agus faicsean sna Tóraithe a dteastaíonn uathu feidhmeannaigh an stáit a dhíonadh ó fhiosrú nó cúiseamh as mí-iompar.
Bhí Aontachtaithe sásta agus iad ag rá nár cheart stádas ar leith a thabhairt do Pat Finucane. Bhí go leor acu báúil leis an dream atá in aghaidh aon fhiosrú faoi fhórsaí an stáit.
Údar lagmhisnigh é do dhaoine a chreideann gur den riachtanas é go gcomhlíonfadh fórsaí an dlí a ndualgais reachtúla.
Ní údar muiníne é i riar na córa abhus ná i gcur chuige rialtas Boris Johnson maidir le hoidhreacht na dTrioblóidí.
F. Keany
Amharc ar cé chomh daingean is a chosnaítear ainmneacha na bpolaiteoirí, fiú tríocha bliain ina dhiaidh an dhúnmharú, agus gheofar tuairim ar a a airde i rialtas na Breataine a d’eascair an chomhcheilg.
Ba chúis, agus is cúis, náire é an dúnmharú. Fad is a dhiúltaíonn rialtas na Breataine an fhírinne agus an fhianaise a ligint chun solais, criedfear go dtig le dúnmharú eile, den chineál céanna, tarlú athuair.