Cé as thú? Ceist nach mbíonn chomh héasca sin a fhreagairt uaireanta…

Ó am go chéile bíonn freagra casta ar fiú éisteacht leis ar an gceist ‘Cé as thú?’

Cé as thú? Ceist nach mbíonn chomh héasca sin a fhreagairt uaireanta…

Sin ceist a chuirtear go minic agus shílfeá go mbeadh sé éasca í a fhreagairt. Ach tuigim féin go mbíonn deacrachtaí ag daoine ó am go chéile. Tá na blianta caite agam féin ag freagairt na ceiste ‘Bealach a’Doirín – Maigh Eo nó Ros Comáin?

Ar ndóigh braitheann an freagra ar chúrsaí staire agus ar chúrsaí Chumann Lúthchleas Gael. Bhí Bealach an Doirín i Maigh Eo uair amháin ach aistríodh amach as an gcontae sin é agus leaindeáil sé i Ros Comáin. Ach is do Mhaigh Eo a imríonn fir agus leads óga an bhaile.

Is dócha go gcuirtear an cheist fós ar mhuintir an bhaile toisc gur tháinig an oiread sin ‘réalta’ CLG ón mbaile, ina measc Seán Kilbride, John Morley, Andy Moran agus Shairoze Akram. Tháinig Shairoze chun tosaigh nuair a ghnóthaigh sé bonn Uile-Éireann faoi 21 do Mhaigh Eo in 2016. Bhí cáil de chineál eile ar an mBleachtaire Sáirsint John Morley nuair a maraíodh é in eachtra a bhain le robáil bhainc i mBealach an Doirín i 1980.

Shílfeá go mbeadh cleachtadh maith agam faoin am seo ar fhreagraí casta ar an gceist ‘Cé as thú?’ Ach bhí go leor caife ólta agam le deireanas faoin am go bhfuair mé freagra ar an gceist sin i mbialann atá in aice liom.

Ba é an freastalaí féin a chuir caint orainne i dtosach. Luaigh sé rud éigin linn faoin mbealach a labhraíonn a athair agus a mháthair lena chéile. ‘Cheap m’athair go raibh sé ag pósadh bean shéimh, chiúin as an Téalainn,’ a dúirt sé linn. ‘Ach cé gurbh as an Téalainn di, bhí ceangal aici leis an tSeapáin agus leis an tSín freisin.’

Ansin a chuir mé an cheist chonspóideach. ‘Cé as thú féin?’

‘Mise?’ ar seisean. ‘Ó, is as an gCarraig Dhubh domsa. Ach, tá cónaí orm in Áth an Ghainimh.’ Bhuel anois, ní raibh ansin ach tús an scéil. D’ordaíomar caife eile.

Nuair a tháinig freastalaí ban isteach labhair sé léi i dteanga iasachta. ‘Sin teanga na Téalainne,’ a dúirt sé linn.

D’inis sé dúinn go ndearna a mháthair go leor taistil ar fud na cruinne sular shocraigh sí síos lena athair. Ar feadh scaithimh, bhí sí san India ag foghlaim agus ag staidéar na Sanscraite.

Bhí an scéal ag éirí suimiúil. Cérbh as a athair mar sin? Dúirt sé rud éigin faoin Rúis. Ach bhí tagairtí sa gcomhrá don Tuirc agus don Iaráin. Bhí sé ag éirí casta agus ní raibh aon leabhar nótaí agam. Rinneamar coinne casadh le chéile arís.

Tuilleadh caife, ach bhí an leabhar nótaí agam an iarraidh seo. Bhí sé ag réiteach tae do dhuine den fhoireann agus bhí teanga eile iasachta á labhairt aige. ‘Sin Fairsis,’ a dúirt sé liom. ‘Rugadh mise san Iaráin agus mhair an chlann ann ar feadh roinnt blianta.’

Agus cé gur cheap mé ar dtús gur fear as an Iaráin ab ea a athair, bhí scéal casta ansin freisin. Ba as an Asarbaiseáin dá mhuintir siúd– an dream a dtugtar Azeri orthu. Suite díreach ó thuaidh den Iaráin agus toisc go raibh sí san Aontas Sóivéadach uair amháin, b’in é an ceangal leis an Rúis.

Ba in Éirinn a casadh a athair agus a mháthair ar a chéile sna 1970idí. Ach cad a rinne siad i 1978 ach gliondáil leo ar ais chuig an Iaráin. Agus thosaigh an t-athair ag obair do Rialtas na hIaráine ansin agus é i mbun easpórtála agus iompórtála dóibh.

Tá a fhios ag an domhan mór cad a tharla san Iaráin i 1979. Ba dheacair a dhéanamh amach céard a cheap a mhuintir féin faoin Réabhlóid Ioslamach ach ar chuma ar bith, d’fhan siad sa tír ar feadh roinnt blianta. Ar a laghad bhíodar in ann imeacht as an tír uair éigin agus rinneadar a mbealach ar ais go hÉirinn.

Tráth amháin bhí cúig cinn de bhialanna acu ar fud Bhaile Átha Cliath. Tháinig an cúlú eacnamaíochta agus b’éigean dóibh gearradh siar. Níl fágtha anois acu ach an t-aon cheann amháin agus tá rudaí ag dul go maith arís tar éis bliain go leith nó mar sin. Ach breathnaíonn siad i ndiaidh na bpinginí. Tá an chlann ar fad – athair, máthair, uncail, aintíní agus mac ag obair sa ghnó. Agus an dtéann sé ar ais chuig an Iaráin aon uair?

‘Chuaigh mé ann den uair dheireanach, le mo chlann óg féin cúig bliana ó shin,’ a dúirt mo dhuine. Is Éireannach í a bhean chéile. ‘Tá pas ón Iaráin agam agus bíonn lucht scrúdaithe na bpasanna in Aerfort Bhaile Átha Cliath de shíor ag impí orm pas Éireannach a fháil. Ach tá sé róchostasach!’ Thart ar €900 nó mar sin a chosnódh sé air, ceapann sé.

Bhí gnó le rith. D’imigh sé chun a léine shíoda a chur air do bhéile an tráthnóna. Agus cé gur Náisiúin Aontaithe beag atá sa mbialann áirithe seo, tá mé cinnte gur léine ghorm Bhaile Átha Cliath a chuireann siad orthu féin le teacht shéasúr CLG.

Fág freagra ar 'Cé as thú? Ceist nach mbíonn chomh héasca sin a fhreagairt uaireanta…'