‘Cé as a bhfuil siad le teacht?’ – amhras caite ar sprioc an Rialtais i leith earcú Gaeilgeoirí líofa

Dúradh ag cruinniú de Choiste Oideachais an Oireachtais go raibh an easpa Gaelcholáistí agus na fadhbanna a bhain lena mbunú ag teacht salach ar sprioc earcaíochta an Rialtais agus na reachtaíochta nua i leith cearta teanga

‘Cé as a bhfuil siad le teacht?’ – amhras caite ar sprioc an Rialtais i leith earcú Gaeilgeoirí líofa

Dúradh ag cruinniú i dTeach Laighean an tseachtain seo go bhfuil polasaí oideachais an Rialtais i leith na Gaeilge ag teacht salach ar a sprioc gur Gaeilgeoirí a bheadh i 20% d’earcaigh nua na státseirbhíse faoi dheireadh 2030.

“Cé as a bhfuil siad le teacht?” an cheist a bhí ag Ard-Rúnaí an Fhorais Pátrúnachta ag cruinniú de choiste Oireachtais an Oideachais agus é ag tagairt don sprioc atá leagtha síos sa bhille teanga nua. Dúirt Caoimhín Ó hEaghra nach raibh aon cheangal soiléir idir polasaí Gaeilge an oideachais agus polasaithe eile an Rialtais. Dúirt sé, mar shampla, go raibh an easpa Gaelcholáistí agus na fadhbanna a bhain lena mbunú ag teacht salach ar sprioc earcaíochta an Rialtais agus na reachtaíochta nua i leith cearta teanga.

Thagair Ó hEaghra do chás le gairid ina raibh iarbhunscoil nua le bunú i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.

“Léirigh muide an t-éileamh ar Ghaelcholáiste [a bhí sa cheantar] ach fós ní raibh an córas a bhí ag an Roinn ábalta freastal air sin agus chiallaigh sé sin gur cuireadh bac ar thuismitheoirí oideachas lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal a fháil dá bpáistí,” a dúirt Ó hEaghra.

“Ba cheart go mbeadh beartas dearfach ag an stát maidir le Gaelcholáistí a bhunú. Níor chóir go mbeadh pobail á ndiúltú nuair a léiríonn siad éileamh do Ghaelcholáiste. Is faillí atá á déanamh ar an bpobal é seo agus is léiriú é ar neamhaird iomlán ar bheartais an Stáit é,” a dúirt Ó hEaghra.

Dúirt sé go raibh cur chuige na Roinne Oideachais agus an NCCA maidir leis na cúrsaí nua Gaeilge atá molta don Ardteist ag caitheamh leis an teanga “mar ábhar scoile atá le staidéar” amháin.

“Tá ról ríthábhachtach ag an Stát ina caomhnú. Ní mór don Roinn Oideachais breathnú, ní hamháin ar shonraíochtaí ar shiollabas agus ar churaclam a oireann do spriocanna, do mhianta, do bheartas an Rialtais i gcoitinne ach ar cheann a fhreastalaíonn ar chearta teanga gach uile dhuine sa tír.”

Cheistigh daoine eile ag an gcruinniú chomh maith cad as a thiocfadh na cainteoirí líofa a líonfadh poist sa tseirbhís phoiblí agus in áiteanna eile amach anseo mura ndéanfaí freastal ceart ar an nGaeilge ag an dara leibhéal agus ag an tríú leibhéal.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, go raibh an ganntanas cúrsaí tríú leibhéal a mhúintear trí mheán na Gaeilge léirithe le gairid agus go gcaithfí é sin a leigheas.

“Mar chuid den Bhille Teanga agus den [sprioc] 20%, sílim go mbeidh an-bhéim le cur ar an tríú leibhéal agus an ról a bheidh le himirt ag an tríú leibhéal lena chinntiú go bhfuil dochtúirí, go bhfuil síceolaithe, go bhfuil cuntasóirí, go bhfuil daoine le hardchumas ann trasna an speictrim gur féidir leo na seirbhísí seo a chur ar fáil don phobal.”

Dúirt de Spáinn nach bhfuil an deis ann do go leor pháistí a théann chuig bunscoil lán-Ghaeilge coinneáil orthu lena n-oideachas trí mheán na Gaeilge toisc a laghad Gaelcholáistí atá ann agus gur líon an-bheag a bhíonn in ann céim a bhaint amach ag an tríú leibhéal trí Ghaeilge.

“Níl aon chóras ceart ann faoi láthair chun a chinntiú go bhfuil oideachas trí mheán na Gaeilge ann do dhaltaí ó thús go deireadh, más sin an rogha atá ann dóibh.”

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go raibh sé ag súil le spriocanna “uaillmhianacha” a fheiceáil sa phlean atá á réiteach mar chuid den Bhille Teanga maidir le hearcú na státseirbhíseach a mbeidh Gaeilge acu. Dúirt sé go gcaithfí cúrsaí amhail Leigheas le Gaeilge nó Cuntasaíocht le Gaeilge a chur ar fáil sna coláistí agus sna hollscoileanna chun a dhéanamh cinnte go bhféadfaí na seirbhísí seo a chur ar fáil i nGaeilge.

“Tá córas ann le fada an lá nach bhfuil ag breathnú ar aghaidh ó thaobh na Gaelscolaíochta de. Luaigh mé an Bhreatain Bheag níos luaithe, tá sprioc leagtha síos ansin chun 40% de na scoileanna a bheith ina scoileanna Breatnaise amach anseo. Níl aon sprioc mar sin againne. Dá mbeadh a leithéid de sprioc againn, deirimis ó na 1970idí ar aghaidh, cá mbeimis anois? B’fhéidir go mbeadh muid níos fearr ná na Breatnaigh agus imithe ar aghaidh chuig 50% nó 60%,” arsa de Spáinn.

“An t-easnamh is mó atá againn ná níl aon phlean ann a dheir ‘Tá an oiread seo Gaelscoileanna againn faoi láthair, tá an méid seo iar-bhunscoileanna ag teastáil agus tá muid chun na hacmhainní a chur ar fáil chun a leithéid a dhéanamh’.”

Agus é ag tagairt do buntáiste an Fhráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha, dúirt Pádraig Ó Beaglaoich ó COGG go bhféadfaí scoláirí a mhealladh ardchumas sa Ghaeilge a bhaint amach dá leagfaí amach dóibh an buntáiste a bheadh lena leithéid a dhéanamh.

“Tá go leor cainte faoi láthair maidir le spriocanna earcaíochta na hearnála poiblí agus dá bhfeicfeadh an duine atá ag foghlaim na Gaeilge, ‘Tá conair ansin a thabharfadh mise isteach i bpost éigin amach anseo’, spreagfaí iad,” a dúirt Ó Beaglaoich.

Fág freagra ar '‘Cé as a bhfuil siad le teacht?’ – amhras caite ar sprioc an Rialtais i leith earcú Gaeilgeoirí líofa'