Cé acu is tábhachtaí dúinn, Comhaontú Aoine an Chéasta nó an cúlstop?

Bronnann an socrú maidir le himeacht na Breataine ón AE cumhachtaí nua ar institiúidí seachtracha ar bhealach a thagann salach ar Chomhaontú Aoine an Chéasta agus ar Bhunreacht na hÉireann

Cé acu is tábhachtaí dúinn, Comhaontú Aoine an Chéasta nó an cúlstop?

Ceaptar go forleathan go bhfuil rogha fhíorthábhachtach le déanamh ag rialtas Theresa May. Dhá scór is seacht mbliana tar éis do Westminster Acht an Chomhphobail Eorpaigh a rith i 1972, d’fhéadfadh sí géilleadh don Aontas Eorpach nó imeacht uaidh gan aon mhargadh a beith déanta. Ach tá rogha níos tábhachtaí ná sin os comhair mhuintir na hÉireann faoi láthair. Cé acu is tábhachtaí agus luachmhaire dúinn Comhaontú Aoine an Chéasta, nó an an ‘cúlstad’? Ní féidir linn an dá rud a roghnú mar tá coimhlint ghéar eatarthu.

In alt 13 de Shraith a Dó de Chomhaontú Aoine an Chéasta, ghlac Rialtas na hÉireann le foráil a cheangail an comhoibriú thuaidh/theas le cumhachtaí an tionóil nua in Stormont. Ionas go seachnófaí na taibhsí gruama a bhí inár measc ó phraiseach Sunningdale i 1974, cuireadh an comhoibriú seo faoi smacht na dtionól áitiúil: Glactar leis go bhfuil an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas agus Tionól Thuaisceart Éireann idirspleách ar a chéile, agus nach dtig le ceann acu feidhmiú go rathúil gan an ceann eile.”

Ach rinne an Roinn Gnóthaí Eachtracha iarracht an socrú bunreachtúil cigilteach seo a athrú sa chomhaontú maidir le himeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach. Ar leathanach 319 den chomhaontú sin, deirtear go mbunófar ‘Comhchoiste’ ar a mbeidh ionadaithe ón Ríocht Aontaithe agus ón Aontas Eorpach – beartas úrnua ó thaobh an chomhoibrithe thuaidh/theas de. 

“Beidh dualgas leanúnach ar an gComhchoiste scrúdú a dhéanamh ar chur i gcrích an Phrótacail seo agus beidh dualgas orthu freisin féachaint go bhfuil na coinníollacha atá riachtanach do chomhoibriú Thuaidh/Theas á gcoimeád. Is féidir leis an gComhchoiste moltaí cuí a chur os comhair an Aontais agus na Ríochta Aontaithe ó thaobh na ceiste seo, agus beidh an Comhchoiste in ann moltaí a fháil ón gCoiste Speisialta agus iad a chur os comhair an Aontais agus na Ríochta Aontaithe freisin.” 

Ní dhéanann Comhaontú Aoine an Chéasta ná an leasú a rinneadh ar Bhunreacht na hÉireann tar éis an reifrinn i 1998 tagairt ar bith do leithéid na gcoistí nua seo. Ní raibh baint ar bith ag an Aontas Eorpach leis an gcomhoibriú polaitiúil seo idir Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann ó 1998 i leith. Agus ní dhearna Bertie Ahern achainí ar Choimisiún an Aontais Eorpaigh an comhaontú a chosaint nó é a ráthú.

Conradh idir dhá stát is ea é a bhí bunaithe ar an dlí idirnáisiúnta agus a cláraíodh leis na Náisiúin Aontaithe seachas sa Bhruiséil. Cuireadh an tOireachtas agus an Tionól nua i mBéal Feirste i gceannas ar an gcomhoibriú thuaidh/theas, ach déantar iarracht sa chomhaontú faoi imeacht na Breataine athrú bunúsach a dhéanamh ar an socrú sin.

Tugann an téacs cumhachtaí nua d’institiúidí seachtracha nár luadh in aon chor i gComhaontú Aoine an Chéasta. Gníomh mímhacánta agus míbhunreachtúil atá anseo. Níor vótáil éinne i 1998 ar son na n-institiúidí nua seo.  

Fág freagra ar 'Cé acu is tábhachtaí dúinn, Comhaontú Aoine an Chéasta nó an cúlstop?'

  • Eoin Ó Murchú

    Ní raibh sa gcúlstop ach seift le teorainn chrua ar an oileán a sheachaint, ach tá teipthe ar an tseift sin. Ni haon mhaith cúlstop nach gcinntíonn teorainn bhog. Is tábhachtaí i bhfad cómhoibriú idir pobail an Tuaiscirt sa Tionól agus sa bhFéidhmeannas dá nglacfadh an DUP le cearta cothromais.