Cé acu ba ea tusa? Billy Jean King, Jimmy Connors, Chris Evert, Martina Hingis, André Agassi, Roger Federer?

Tráth dá raibh in Éirinn, spórt an chaisleáin ab ea an leadóg ach ní hamhlaidh atá inniu, a deir Áine Ní Neachtain

Cumann Thobar Rí an Domhnaigh, ar an Mairdíog, i gCorcaigh. Pictiúr: Facebook/Sunday's Well Boating & Tennis Club
Cumann Thobar Rí an Domhnaigh, ar an Mairdíog, i gCorcaigh. Pictiúr: Facebook/Sunday’s Well Boating & Tennis Club

Is é seo an uair den bhliain a chuimhníonn cuid againn ar laethanta ár n-óige, ag breathnú go fonnmhar ar ár rogha laoch leadóige ar taispeáint ar fhaiche Wimbeldon – na héadaí bána galánta, na daoine mór le rá i measc an lucht féachanna, an stopadh fearthainne, na hamhairc ón aer ar an láthair fhairsing.  Amach linn ansin agus pé bata agus liathróid a bhí ar fáil inár nglac, agus muid athchruthaithe inár laochra leadóige, le gach freastal, eitleog, cúlbhuille, agus preab-bhuille go foirfe againn, agus gáir mholta an tslua inár gcluasa. Cé acu ba ea tusa? Arthur Ashe, Billy Jean King, Jimmy Connors, Chris Evert, Pete Sampras, Martina Hingis, André Agassi, Roger Federer?

Tráth dá raibh in Éirinn, spórt an chaisleáin ab ea an leadóg, ach sa lá atá inniu ann, le 184 cumann leadóige timpeall na tíre, agus leis na mílte á himirt, idir óg, aosta agus fíoraosta, d’fhéadfaimis a rá gur spórt príomhshrutha atá ann anois, agus níor ghá ach cuairt a thabhairt ar Chomórtas Oscailte Leagóige na Mumhan, a bhí ar siúl i gCumann Thobar Rí an Domhnaigh, ar an Mairdíog, i gCorcaigh, le seachtain anuas, chun cruthúnas an méid sin a fheiscint.

Is buachphointe na bliana é an Comórtas seo, le ceithre céad agus ceithre fichid duine as gach cearn den chúige, agus níos faide ó bhaile, ar gach grád, óna sé go dtí a haon, ag glacadh páirte an. Nuair a chríochnófar na cluichí ceannais inniu, beidh thart ar ceithre céad go leith cluiche, agus breis agus 1,000 seit curtha díobh ag na himreoirí.

Tá imreoirí idirchúige agus idirnáisiúnta san iomaíocht sa Chomórtas seo, agus leadóg den chéad scoth le feiscint i gcaitheamh na seachtaine. Beidh sé amlaidh inniu go háirithe, an lá a thagann an t-uachtar go barr. Cé gurb é seo an comórtas is mó i gCúige Mumhan, bíonn comórtais ar an aon dul ag dosaen cumann eile i gCorcaigh i gcaitheamh an tsamhraidh, gan trácht ar na contaetha eile agus ar fud na tíre. 

Más ea, cad é atá chomh mealltach sin mar gheall ar an leadóg? Tá an iomaíocht ann, agus iomaíocht an-ghéar in amanntaí.  Tá aclaíocht agus scil agus meabhair cinn áirithe ag teastáil, mar aon le haon spórt, dar ndóigh.  Ach is iad an ghalántacht, na drámaí beaga agus móra ar an gcúirt agus ar imeall na cúirte, agus an spraoi, a mheallann daoine arais arís agus arís eile.   

Is féidir leanúint ar aghaigh ag imirt leadóige chomh fada is atá na cosa fút.  Má imríonn tú cheanna, coinnigh ort, muna n-imríonn, bain triail as!

Fág freagra ar 'Cé acu ba ea tusa? Billy Jean King, Jimmy Connors, Chris Evert, Martina Hingis, André Agassi, Roger Federer?'