Cé a thiocfaidh i gcomharbacht ar Steve Ó Cúláin mar cheannasaí Údarás na Gaeltachta?

Tá tús curtha cheana féin leis an bplé faoi cé a thiocfaidh i gcomharbacht ar Phríomhfheidhmeannach an Údaráis, Steve Ó Cúláin, a bheidh ag éirí as ag deireadh mhí na Bealtaine

Cé a thiocfaidh i gcomharbacht ar Steve Ó Cúláin mar cheannasaí Údarás na Gaeltachta?

Pictiúr: Andrew Downes, XPOSURE/Tuairisc.ie

Is é Micheál Ó hÉanaigh is mó atá á lua le post an Phríomhfheidhmeannaigh in Údarás na Gaeltachta, ceann de na poist is sinsearaí i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Tá Ó hÉanaigh, arb as an Lochán Beag i gConamara dó, ina Stiúrthóir Fiontraíochta, Fostaíochta agus Maoine in Údarás na Gaeltachta agus bhí sé ina stiúrthóir seirbhísí i gComhairle Contae Dhún na nGall roimhe sin.

Tuairiscíodh ar Nuacht TG4 an tseachtain seo go raibh sé socraithe ag Bord an Údaráis tús a chur leis an bpróiseas earcaíochta chun teacht ar chomharba Phríomhfheidhmeannach an Údaráis, Steve Ó Cúláin, a dtiocfaidh deireadh lena chonradh ar an 31 Bealtaine.

D’fhógair Ó Cúláin go hoifigiúil inniu go bhfuil faoi éirí as a chúram nuair a thiocfaidh deireadh lena chonradh faoi cheann dhá mhí.

Ba cheapachán inmheánach a bhí i gceist i gcás gach Príomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta ó bunaíodh é, agus má leantar leis an nós sin is cinnte go mbeadh seans ar an bpost mór ag beirt eile de lucht ardbhainistíochta na heagraíochta fiontraíochta – an Stiúrthóir Corparáideach, Gearóid Breathnach agus Tadhg Ó Conghaile, a ceapadh ina Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga anuraidh.

Ní raibh aon bhean ina príomhfheidhmeannach ar an eagraíocht fiontraíochta ó tháinig ann di i 1980, agus iarrthóir spéisiúil a bheadh i Siubhán Nic Grianna, Bainisteoir Pleanála Teanga an Údaráis, a bhfuil taithí mhór aici ar gach réimse d’obair na heagraíochta ón tréimhse a thug sí mar Bhainisteoir Cumarsáide agus Margaíochta.

Má bhristear le nós seanbhunaithe an Údaráis ardú céime a thabhairt d’iarrthóir ón taobh istigh, bheadh roinnt iarrthóirí spéisiúla eile ann.

Iarrthóir láidir a bheadh, mar shampla, i Tomás Ó Síocháin, an t-iar-iriseoir agus eagarthóir nuachta atá anois ina bhainisteoir le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh, agus é ag plé leis an bhforbairt réigiúnda agus le comtháthú Choláiste Naomh Aingeal Sligeach agus Coláiste Ósta na Sionna. Tá ardcháilíochtaí acadúla gnó ag Ó Síocháin chomh maith.

Dá mbeadh spéis ag an Údarás duine a earcú a mbeadh aithne mhór aige ar lucht polaitíochta agus maoinithe, is cinnte go gcuirfí fáilte roimh iarratas ar an bpost ón bhfear caidreamh poiblí as an Spidéal, Eoghan Ó Neachtain.

Bhí Ó Neachtain ina phreasrúnaí rialtais ag triúr Taoiseach agus tuigtear do Tuairisc.ie go raibh sé ag obair go dlúth le Steve Ó Cúláin le déanaí agus stocaireacht ar bun acu féachaint le maoiniú breise a fháil don eagraíocht.

Iarrthóir láidir eile a bheadh i bhFionbarra Ó Brolcháin, stiúrthóir bhunaigh ar an lárionad Gaeilge Fiontar-DCU agus saineolaí fiontraíochta a bhíonn ag teagasc i Scoil Gnó Smurfit agus Scoil Ghnó Quinn, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath,