Cé a íocfas as nuair a imeoidh an Bhreatain?

Faoi láthair íocann an Bhreatain 13.45% de bhuiséad an Aontais. Beidh ar an Aontas íocaíochtaí na mballstát eile a ardú, nó íocaíochtaí a dhéanann an tAontas a laghdú, chun an bhearna a líonadh.

Cé a íocfas as nuair a imeoidh an Bhreatain?

Nuair a imeoidh an Bhreatain as an Aontas Eorpach cén chaoi a líonfar an poll i spárán an Aontais, is cén cineál Aontais a thiocfaidh as ag deireadh thiar?

Maidir le cúrsaí na hEorpa, ar ndóigh, tá aird na tíre seo dírithe, ní nach ionadh, ar impleachtaí an Bhreatimeachta do chúrsaí trádála is na teorann. Ach tá ceisteanna móra eile seo, a eascraíonn as an mBreatimeacht, á bplé ag na leibhéil is airde i dtíortha eile – ceisteanna a mbeidh tionchar níos mó acu ar an tír seo ná aon rud eile, is cosúil.

Faoi láthair íocann an Bhreatain 13.45% de bhuiséad an Aontais (figiúr 2016). (Íocann muide 1.61%). Beidh ar an Aontas íocaíochtaí na mballstát eile a ardú, nó íocaíochtaí a dhéanann an tAontas a laghdú (íocaíochtaí talmhaíochta ina measc), chun an bhearna a líonadh.

Go hard ar liosta na mbeartas atá á bplé tá cáin ar idirbhearta airgeadais, moladh a raibh rialtas na tíre seo ag cur go láidir ina choinne go dtí le deireanas mar baineann sé i ndáiríre le córas coiteann cánach do na ballstáit go léir.

Ar ndóigh tá uachtarán nua na Fraince, Emmanuel Macron, go láidir ar son an mholadh áirithe sin agus caint bhagrach déanta go poiblí aige cheana féin faoi shocruithe cánach na tíre seo.

Tá an moladh áirithe seo teacht leis an mórmholadh eile faoi thodhchaí an Aontais – is é sin, gur chóir dlús a chur le dlúthaíocht níos láidre a chruthú idir na ballstáit (nó eatarthu siúd a dteastaíonn uathu dul sa treo sin) agus bunús ollstáit a leagan.

Ach arís, níl aon phlé déanta ag meáin an Bhéarla in Éirinn faoi seo ar fad, ná go deimhin ag na polaiteoirí féin ach oiread.

Plean eile atá á mhachnamh ag an gCoimisiún maidir leis an mbuiséad ná roinnt mhaith de na híocaíochtaí a dhéantar as buiséad an Aontais a chur faoi chúram na mballstát.

Agus ar na híocaíochtaí is conspóidí tá íocaíochtaí talmhaíochta.

Luann an dream sin in Éirinn a chuireann i gcoinne an Bhreatimeachta íocaíochtaí talmhaíochta go minic ina gcuid bolscaireachta, mar faigheann feirmeoirí an Tuaiscirt cuid mhaith as cistí talmhaíochta an Aontais.

Ar ndóigh, d’fhéadfadh an DUP agus Sinn Féin comhfheachtas a reáchtáil a chuirfeadh brú ar rialtas na Breataine an bhearna áirithe sin a líonadh as ciste Westminster. Ach bhí Sinn Féin ag iarraidh leas a bhaint as an scéal le feirmeoirí Aontachtacha a mhealladh i dtreo Éire Aontaithe.

Feicfimid ar éirigh leis an DUP, lena socrú leis na Tóraithe i Sasana, airgead taca a fháil d’fheirmeoireacht an Tuaiscirt in éagmais Shinn Féin.

Ach is cosúil go mbeidh orainn socruithe nua a dhéanamh do chúrsaí talmhaíochta ó dheas freisin tráth a mbeidh deacrachtaí trádála ann maidir le hearraí bia na hÉireann a fháil isteach i margadh na Breataine.

Tá an Coimisiún ag moladh freisin go ndéanfadh na ballstáit comhmhaoiniú níos mó leis an Aontas ar fhiontair a fhaigheann tacaíocht ó chistí comhtháite an Aontais.

Is ó na cistí sin a tháinig cuid mhaith den airgead a chabhraigh linn infreastruchtúr na tíre a fheabhsú. Ach anois agus muid ag íoc níos mó isteach san Aontas ná mar a fhaigheann muid amach as, tá an chosúlacht air go mbeidh orainn níos mó arís a íoc agus gan aon bhuntáiste faoi leith le baint againn as.

Le coimriú a dhéanamh air seo, is féidir a rá go mbeidh orainn costais talmhaíochta is costais infheistíochta ag gach leibhéil a sheasamh ina n-iomláine muid féin, gan cead againn socruithe cánach faoi leith a dhéanamh. Agus, ag an am céanna,  bheimis ag íoc i bhfad níos mó isteach san Aontas, b’fhéidir dúbailt ar an méid a íocann muid faoi láthair.

Ar ndóigh tá muid ag caint faoi thart ar dhá mhíle milliún euro faoi láthair, ach beidh brú an-mhór ar mhaoiniú an stáit má théann an íocaíocht don Eoraip in airde mar a cheaptar.

Ach is é an rud is measa faoi seo ar ndóigh ná an easpa plé atá ann faoi. Níl an rialtas ná an státseirbhís chomh mí-éifeachtach sin nach bhfuil a fhios acu céard atá ar siúl, ach tá siad chomh gafa lena gcreideamh san Aontas go bhfuil faitíos orthu na scéalta seo a phlé nó aon díospóireacht a dhéanamh go dtí go bhfeicfidh siad cén cinneadh a dhéanfaidh na Gearmánaigh.

Ar chóir dúinn bheith buartha mar sin?  Deir lucht ceannais na tíre seo nár chóir.  Ag deireadh thiar, deir siad, tá muid ar fhoireann an Aontais Eorpaigh agus beidh sé ceart go leor ar an lá.

Cloisim sibh ag ligean osna faoisimh faoin dea-scéal sin.

Fág freagra ar 'Cé a íocfas as nuair a imeoidh an Bhreatain?'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Píosa maith anailíse ó Eoin ar cheann dena míbhuntáistí a bhaineann leis an mBreatimeacht don tír seo. An t-aon rud amháin faoi ná seo: más cuimhneamh liom i gceart bhí Eoin go mór ar son na Breatimeachta! Cén fáth? Aithníonn sé san alt seo na deacrachtaí móra a bheas ag eascairt as an mBreatimeacht don tír seo, thuaidh agus theas, ach bhí sé féin ag moladh do dhaoine vótáil don Bhreatimeacht chéanna!

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Íocfaidh an Rúis as.
    Flaitheas na mBocht agus na Nocht.

  • marcas

    ‘déan gach aon rud a ligfear leat a dhéanamh chun an cluiche a bhuachtaint, bíodh sé cam nó díreach’
    Sin an mantra a bhíonn ag Jacky Tyrrell go síoraí seasta san IT agus nach leo (na Cait) a bhí rith an ráis agus an mantra sin á chur i bhfeidhm acu go neamhnáireach!