Cé a fhágfaidh slán leis an gcraobh iomána an deireadh seachtaine seo?

Tá deireadh seachtaine cinniúnach iománaíochta roimh chuid de na foirne is láidre sa tír…

Niall McMorrow (Baile Átha Cliath) agus Patrick Horgan (Corcaigh). INPHO/Cathal Noonan
Niall McMorrow (Baile Átha Cliath) agus Patrick Horgan (Corcaigh). INPHO/Cathal Noonan

Seo chugainn an deireadh seachtaine is cinniúnaí sa bhliain do na foirne a imríonn sa phríomhroinn iomána. Fágfaidh ceithre fhoireann slán le craobhchomórtas 2016, deireadh déanta acu, agus rachaidh na buaiteoirí ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile.

Thoir i mbaile Loch Garman ní dóigh go mbeidh mórán idir an fhoireann baile agus Uíbh Fhailí. Cinnte is buntáiste é don fhoireann baile bheith ag imirt sa bhaile. Is minic cloiste againn gur sórt dún í an pháirc seo ag muintir Loch Garman ach más ea, níl rudaí eile ag dul chomh maith sin dóibh faoi láthair. Cé gur bhuaigh Loch Garman trí chraobh cúige faoi fhiche a haon le déanaí níl a rian san le feiceáil ar an bhfoireann sinsir, go fóill ar aon nós . 

Tá an fhoireann lár tíre níos eagraithe agus níos déine i mbun iomaíochta ná mar a bhíodar dhá mhí ó shin. Ach is dóigh gur ag an bhfoireann baile atá an fhoireann is láidre agus bheadh iontas orm mura mbuafaidís.

Beidh Luimneach ag taisteal chuig an Muileann gCearr i ndiaidh na lagiarrachta a rinneadar coicís ó shin. Bhíos an-tógtha le taispeántas fhoireann faoi 21 na hIarmhí i gcoinne Bhaile Átha Cliath agus cé nár bhuadar bhí dea-chomharthaí ann go bhfuil siad ag dul sa treo ceart. Beidh dornán acusan ag imirt ar an bhfoireann sinsir agus muinín ag daoine sa chontae go bhfuil seans acu teacht aniar aduaidh ar Luimneach. Faraor, ní dóigh liom go dtarlóidh sé an uair seo. Tá a fhios ag imreoirí Luimnigh gur fearr an fhoireann iad ná mar a léiríodar i gcoinne Thiobraid Árann agus chuirfeadh sé an-ionadh orm mura mbuafaidís an ceann seo.

Is beag seans atá ag Laois agus iad ag taisteal chuig Páirc Uí Chíosóg in Inis. Bhí díomá ar imreoirí, lucht bainistíochta agus muintir an Chláir faoin taispeántas a thugadar i gcoinne Phort Láirge sa chluiche deireanach. Ní hí an chailliúint is mó a ghoill ar dhaoine ach an tslí ar chailleadar. Tá aithne mhaith agamsa ar an gcóitseálaí Dónal Óg Cusack agus ar an mbainisteoir Davy Fitzgerald agus tá a fhios agam nár chuireadar an fhoireann chun páirce gan plean A agus B acu. Ach faraor, níor oibrigh na pleananna dóibh ar an lá. Ach b’fhéidir gurb é sin an fhadhb is mó atá acu – go bhfuil an iomad teaicticí acu. Chonaiceamar cuid mhaith de na himreoirí atá anois ar an bhfoireann sinsir nuair a bhíodar i mbarr a réime leis na foirne faoi 21 agus bhíodh stíl bhreá sciliúil, oscailte, údarásach acu.

B’fhéidir go bhfuil sé in am don lucht bainistíochta cead a gcinn a thabhairt do na himreoirí. Buafaidh siad an ceann seo ach beidh dúshlán níos mó rompu gan rómhoill.

Beidh mórchoimhlint an deireadh seachtaine ar siúl i bPáirc Uí Rinn mar a dtabharfaidh Baile Átha Cliath aghaidh ar Chorcaigh. Cinnte beidh sé teasaí ar an taobhlíne agus ar an bpáirc sa cheann seo. Thug foireann na hardchathrach greadadh do Chorcaigh sa chluiche sraithe a bhí eatarthu níos luaithe sa bhliain. Ní fhéadfá a rá go bhfuil mórán dul chun cinn déanta ag ceachtar den dá fhoireann ó shin. 

Thug Corcaigh sárthaispeántas uathu uair amháin i mbliana, b’in i gcoinne Chill Chainnigh ar an bpáirc chéanna ar a n-imreofar an cluiche seo. Beidh taispeántas ar an dul céanna ag teastáil arís anocht uathu.

Caithfidh gur fiú rud éigin do Bhaile Átha Cliath an bua cuimsitheach a bhí acu sa chluiche deireanach eatarthu. Is buntáiste é freisin go bhfuil mioneolas ag a mbainisteoir, an Corcaíoch  Ger Cunningham, ar fhoireann Chorcaí. Bhí sé soiléir sa chluiche deireanach sin eatarthu gur chabhraigh an t-eolas sin leo agus b’fhéidir go ndéanfadh sé difríocht an uair seo freisin. Ní bheidh mórán eatarthu, áfach.

Maidir le Cluiche Ceannais Chúige Laighean amárach, beidh lá eile ag an nGaillimh agus ag Cill Chainnigh ach is dóigh liom gurb iad na Cait a thabharfaidh an chraobh leo arís.  

Fág freagra ar 'Cé a fhágfaidh slán leis an gcraobh iomána an deireadh seachtaine seo?'