Cé a déarfadh nach pictiúr álainn é an ceann seo?

Tá ceol an chairdis idir George W. Bush agus Michelle Obama agus cén dochar?

Cé a déarfadh nach pictiúr álainn é an ceann seo?

Nach álainn an pictiúr é seo de George W. Bush agus Michelle Obama? Tá cairdeas agus cineáltas le sonrú ann agus cár fhága tú cosúlacht na cuthaileachta sa meangadh atá ar cheannaghaidh Michelle agus í ag breathnú go leataobh.

Ar ndóigh, cloisim iad cheana féin – dream na soiniciúlachta, bior ar a dteanga agus an focal géar: ‘Daoine saibhre iad seo a bhfuil cumhacht agus ceannas acu agus ag an diabhal go raibh siad féin agus a gcairdeas – nó arbh ag ligean orthu féin atá siad?’

Is dóigh go bhfuil cuid den dearcadh sin i chuile thír ach bíonn sé go láidir sa tír seo.

Bhí mé ag iarraidh meabhair a fháil ar fhíordhearcadh na nGael-Mheiriceánach ar an tír seo tamall ó shin agus mé ag caint le cúpla duine as an saol acadúil ar an taobh eile den Atlantach. Bhí mórán chuile rud go maith, a dúradar.

Sa deireadh, bhí duine acu sásta dhá fhocal diúltach a rá: ‘You tend to be hard on each other,’ a deir an tOllamh.

Cé as a dtagann sé seo? Chuile sheans go bhfuil sé bunaithe ar an doicheall a bhíodh ann roimh dhaoine a mbíodh ag éirí go maith leo. Ní cosúil go bhfuil an doicheall seo coitianta i measc ghlúin óg na tíre seo agus ní fearr ann é. Cé as a dtáinig an dearcadh sin – an stair a deirtear, ach sin ceist chasta nach mbacfaimid léi anseo.

Ar ais chuig an gcairdeas ceanúil seo idir George Bush agus Michelle Obama, mar is cairdeas neamhghnách é: beirt de bhunadh cine éagsúil, ó chúlra éagsúil agus iad beirt fáiscthe as fealsúnacht dhifriúil ó thaobh na polaitíochta agus cúrsaí sóisialta.

Is mór i gceist le cúpla bliain i Meiriceá an cairdeas atá idir an t-iarUachtarán Bush agus Michelle Obama, bean chéile an iarUachtaráin, Barack Obama. Bíonn sé ina ábhar cainte ar chláracha teilifíse agus raidió scaití; bhí an cainéal teilifís CNN ó chósta go cósta á phlé tar éis sochraid an iarUachtaráin, George H.W. Bush (athair an iarUachtaráin George W. Bush) le gairid.

Chonacthas an bheirt ag roinnt milseán lena chéile ag an ócáid sin, rud beag ar bhealach, ach neamhghnách is dóigh ag ócáid phoiblí i measc comhluadar Uachtaránachta.

Labhair Michelle Obama faoin gcairdeas seo ar chlár teilifíse í féin tamall ó shin. Ní raibh drogall ná scáth uirthi labhairt go hoscailte faoi: “I love him to death,” a deir sí. ‘He is a such a nice and funny man.’ Mhínigh sí go mbíonn na suíocháin leagtha amach ar bhealach áirithe ag ócáidí oifigiúla sa Teach Bán agus go mbíonn sí féin agus George Bush suite taobh le chéile nuair a thagann iarUachtaráin Mheiriceá le chéile. Is minic a thugtar faoi deara iad ag gáire agus ag diabhlaíocht. “We are partners in crime,” a deir sí.

Cuireadh ceist ar George W. Bush é féin faoin gcairdeas seo agus dúirt seisean gur bhain sé féin agus Michelle Obama an-cheart dá chéile ó thús.

Tá siad ann a deir gur mó gean atá ag an bpobal ar George W. Bush anois ná a bhí acu air nuair a bhí sé ina Uachtarán agus tá cúpla cúis ar leith leis sin. Ar an gcéad iarraidh, tá go leor daoine, Daonlathaigh go háirithe, ag rá gurbh iontach an duine é i gcomórtas le Donald Trump. Ansin, tá an bealach suáilceach agus gnaíúil atá leis ag ócáidí poiblí ag cuidiú leis. Sa mullach air sin, níl aon éirí in airde ag baint leis; mar shampla shocraigh sé gan beathaisnéis a scríobh faoina shaol tar éis dó imeacht as an Teach Bán.

Is cinnte go bhfuil an cairdeas idir é féin agus Michelle Obama ag cur tuilleadh leis an ngean atá ar George Bush anois; tá sin amhlaidh i measc go leor Meiriceánach agus ina measc siúd a bhí ina gcéilí comhraic aige sna Daonlathaigh lá den saol. Tugann an cion agus an cineáltas atá idir Bush agus Michelle Obama dóchas dóibh. Léiriú é nach gá go mbeadh Daonlathaigh agus Poblachtánaigh in árach a chéile agus go leor de sheirbhísí na tíre dúnta, mar atá faoi láthair.

Tá tráchtairí ann a chreideann go dtuigeann Bush agus Obama go maith go bhfuil siad in ann dea-shampla a thabhairt de bharr an chairdis atá eatarthu agus gur cheart go ndéanfaidís é sin. Tá amhras ar na tráchtairí sin nach ón gcroí amach ar fad atá an cairdeas. Ach, ní hé sin an port atá ag formhór na dtráchtairí, glacann a bhformhór leis gur cairdeas nádúrtha atá ann. Go deimhin, deir tráchtairí áirithe go bhfuil roinnt spallaíochta, gan dochar, idir an bheirt.

Cé a déarfadh nach pictiúr álainn é an ceann seo agus nach deas gur féidir le polaiteoirí agus a gcomhluadar a bheith chomh ceanúil seo ar a chéile sna Stáit Aontaithe?

An bhfuil seans ar bith ann go bhfeicfidh muid aon phictiúr mar seo i measc fhir agus mhná na polaitíochta sa tír seo ag ócáid foirmeálta? Ó, an rúille búille a tharraingeodh sé!

Fág freagra ar 'Cé a déarfadh nach pictiúr álainn é an ceann seo?'

  • SM

    Cén fáth a gceapann an t-iriseoir seo go mbeadh spéis ag gnáthphobal na hÉireann i lucht cumhachta agus airgid Mheiriceá? Sodar i ndiaidh na n-uasal a bhíodh ar bun fadó, sodar i ndiaidh lucht buamála, baincéireachta agus cumhachta atá ar bun anseo.