Cé a bhronnfaidh féirín an iontais orainn i bPáirc an Chrócaigh?

Mairfidh an gaisce a dhein Maurice Fitzgerald 25 bliain ó shin buan trí na haoiseanna go dtí lá lom an Luain. Beimid ar thóir na háilleachta arís amárach...

Cé a bhronnfaidh féirín an iontais orainn i bPáirc an Chrócaigh?

Tá oiread scríte, cloiste agus ráite le seachtain anuas agam mar gheall ar chórais chosanta Chiarraí agus na Gaillimhe, mar gheall ar chiceanna amach na bhfoirne, ar ghliocas na madraí rua ar an dá thaobhlíne agus mar gheall ar na céilithe comhraic a bheidh ag gach imreoir, go bhfuil mo pheann, mo theanga agus mo thoil caite agam le cluiche an lae amáirigh i bPáirc an Chrócaigh. Níl uaim anois ach go gcaithfeadh an réiteoir, Seán Hurson, an chaid isteach, go scaoilfeadh an dá fhoireann féna chéile le fonn agus go mbeadh an bua ag an bhfoireann is fearr.

Tá breis is trí bliana ó scríobhas anseo gur ar thóir na háilleachta a bhíonn cuid mhaith daoine nuair a théann siad ag féachaint ar chluichí caide inniu toisc go bhfuil an áilleacht chomh tearc agus an ealaíon chomh gann. Scríobhas an méid sin tar éis do Sheánie O’Shea cic sleasa a sheoladh thairis an trasnán sa nóiméad deireanach den gcéad bhabhta sraithe in aghaidh Thír Eoghain in Eanáir 2019 –a luathéachtaint ar a mhianach agus ar a raibh le teacht ó ridire óg na caide an uair úd. Áilleacht.

Ní ghéilleann muintir Chiarraí dos na roscanna ceoil i mí Eanáir ach cad ab áil dúinn bheith ar leathghlúin os comhair altóir na caide muna féidir linn géilleadh don ngáire anois is arís agus muna féidir linn solas agus suáilcí na healaíne a scaoileadh chughainn féin ar pháirc na caide?

Tá imreoirí ón dá thaobh amáireach (agus dob amhlaidh a bhí riamh le foirne na Gaillimhe agus Chiarraí) a bhronnfadh féirín an iontais ort nuair is lú a bheadh coinne agat leis.

Gan dabht, is é David Clifford is túisce a thagann chun cuimhne nuair a áirítear na himreoirí seo. Deirtear ná fuil laoch dá thréine ná faightear fear a chloíte agus tá sé le tabhairt fé ndeara le seachtain anuas go bhfuil lucht leanúna Chiarraí ag éirí míshuaimhneach leis an gcaint seo ar fad fé Clifford bheith dochloíte. Chuala lem’ dhá chluais féin ag dhá ócáid éagsúil le laethanta beaga anuas beirt iarimreoirí de chuid na Gaillimhe ag rá go mbeidís sásta dá gcoimeádfadh Seán Kelly (nó pé céile comhraic a bheidh aige) Clifford fé bhun cúig phointe ón imirt. Caint san aer, má chuala riamh é ach caint, go dtí seo, ná cuireann isteach ar an bhfear féin.

Nach leor do chuid againn an taitneamh agus an sult a thugann sé dúinn?

David Clifford. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Is dócha gurb é an rud is aite agus is mó atá bun os cionn le héirim agus le sprid na caide sa lá atá inniu ann ná go bhfuil níos mó meas ar an gcóras cosanta a cheilfeadh an taitneamh sin orainn ná an taibhealaíon a fhágann aoibh an gháire ag lonradh go trilseach ar ár ngnúis. Tá sé amhail is go bhfuil imreoirí ar nós Shane Walsh agus Damien Comer rómhaith chun scaoileadh leo iad féin a chur in iúl mar imreoirí caide.

Níor mhar sin i gcónaí dó.

Conas a d’éireodh le Michael Donnellan dá mbeadh sé ag imirt amáireach? Nó Ja Fallon? Pé ceist a bhí riamh ann ó thaobh na peile sa Ghaillimh, dob é Ja an freagra. Conas a bheadh amáireach aige, áfach, dá mbeifí ag súil go mbeadh sé ag feadaíl agus ag ithe na mine? An bhféadfaí, mar shampa, an cúl cáiliúil sin ó íochtar domhain, cúl Declan Meehan i gcluiche ceannais athimeartha na bliana 2000, a scóráil inniu? An ligfí dó?

Michael Donnellan ©INPHO/Patrick Bolger

I dtithe tábhairne i ngealchathair Átha Cliath anocht beidh daoine, lucht cadrála agus gaoise ón dá chontae, ag teacht le chéile i bpóirsí ciúine chun ceisteanna mar seo a chíoradh. Ceisteanna neafaiseacha, ceisteanna gan dealramh agus ceisteanna ná fuil agus ná beidh aon réiteach go deo orthu.

Ar laethanta ar nós an lae amáirigh, ach a gcuirfear foireann Chiarraí na bliana 1997 in aithne don slua cúig bliana fichead tar éis a mbua, tabharfar chun cuimhne in athuair ealaíon agus áilleacht Mhuiris Mhic Gearailt an uair úd.

Seasfaimid, a chomhghleacaithe, taobh le Maurice, cuid againn nár bhuail lena chéile ó shin, cuid againn ná labhrann lena chéile a thuilleadh fiú, agus cuimhneoimid ar ghaisce an Ghearaltaigh an lá úd i Meán Fómhair 1997 – gaisce a mhairfidh buan trí na haoiseanna go dtí lá lom an Luain.

Cuimhneoimid chomh maith ar an nguth a spreag sinn, guth Pháidí, a chruthaigh bráithreachas eadrainn agus a chothaigh cuimhní spóirt agus cuimhní saoil a bheidh buan le himeacht aimsire. Tuigfimid amáireach, b’fhéidir, nach sa bhris ná sa bhua a bhíonn fíor-éirim Chumann Lúthchleas Gael ach go bhfuil an fíorbhraon le fáil sa tuiscint sin go bhfuil a áit féin sa stair agus a scéal féin le hinsint ag gach foireann, beag beann ar rath na foirne nó a mhalairt.

Dob é craobh sin na bliana 1997 an 31ú craobh ag Ciarraí agus pé faid a thugamar ag feitheamh léi, is faide ná san le cuid againn an 38ú craobh a theacht chughainn sa chontae.

Tuigimid, leis, go m b’fhéidir ná tiocfadh sé amáireach ach an oiread.

Beidh ár gcroí briste muna n-éiríonn le Ciarraí ach maolófar ar ár ndólás má thugann David Clifford nó Seánie O’Shea (nó Shane Walsh fiú) éachtaint eile dúinn ar an áilleacht a bhaineann lenár gcluiche féin.

Is ar cheilt agus ar chealú na háilleachta sin, a bheidh triall na Gaillimhe. Má éiríonn leo, is leo a bheidh an lá. Ach is deacair dom a leithéid a shamhlú.

 

Fág freagra ar 'Cé a bhronnfaidh féirín an iontais orainn i bPáirc an Chrócaigh?'

  • Dónall MAc Billing(s)

    —— Arís agus litriú mar is ceart ——

    B’fhearr liom Baile Átha Cliath a bheith san iomaíocht ach ar an droch-uair níl siad ann ar an lá. Mar sin ‘Ciarraí Abú’ nó b’fhéidir ‘Gaillimh Abú’, níor shocraigh mé an scéal go fóill . Is idir dhá stól atá mé !!!!!!

    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059

    Ar aghaidh chun bua,

    Dónall Mór Mac Billing(s)

    Gaeltacht Phríosún Phort Laoise
    Bloc E

    Jailteacht/Gaeltacht Phríosúin Phort Laoise