Cé a bhíonn i gceannas nuair a bhíonn Príomh-Aire nó Taoiseach go dona tinn?

Agus Boris Johnson tinn san ospidéal roghnaigh sé a aire gnóthaí eachtracha chun a chúram a dhéanamh sa chás nach mbeadh sé féin ábalta chuige

Cé a bhíonn i gceannas nuair a bhíonn Príomh-Aire nó Taoiseach go dona tinn?

Ina chuid cuimhní cinn breá, Palimpsest: A Memoir (1995), bhí caibidil amháin ag Gore Vidal mar gheall ar John FitzGerald Kennedy, Uachtarán na Stát Aontaithe ó 1961 go dtí 1963, fear a bhí ina sheanchara ag Vidal ó na 1950idí.

Labhair Kennedy go príobháideach go minic mar gheall ar an mbás tobann agus an feallmharú agus lá amháin dúirt sé le Vidal, “If the assassin is willing to die, it couldn’t be simpler.”

Lá eile, chuir Kennedy ceist air. Ar léigh sé riamh scéal de chuid Edgar Wallace darbh ainm ‘Twenty Four Hours’?

Mhínigh Kennedy an scéal. Tugtar rabhadh do Phríomh-Aire na Breataine go bhfuil 24 uair fágtha aige sula ndúnmharófar é.

Cuirtear faoi ghlas é i Sráid Downing, áit a dtugann scór póilíní agus bleachtairí cosaint dó laistigh. Tagann uair na cinniúna, meán oíche, ach ní tharlaíonn faic.

Deire an Príomh-Aire leis féin le hosna nár chóir dó a bheith buartha in aon chor.

Cloiseann sé an guthán ansin, agus freagraíonn sé é. Faigheann sé bás nuair a bhuaileann splanc leictreachais ón nguthán é. (“And,” said Jack with quiet satisfaction, “he is electrocuted”.) 

Is dócha go raibh an ceart ag Wallace rabhadh a thabhairt mar gheall ar an árasán beag sin ar bharr Shráid Downing.

Faraor, ní tearmann an teach cónaithe cáiliúil sin ó bhagairtí an tsaoil.

Ní raibh Boris Johnson in ann teacht chuige féin arís go neamhspleách tar éis dó seachtain a chaitheamh ann ag obair ina aonar, mar a bhíodh Churchill féin, príomh-aire a dhéanadh a chuid oibre sa leaba agus san fholcadán freisin.

Fógraíodh aréir go raibh ar Johnson dul go dtí ospidéal i Londain chun cóir leighis sa bhreis a fháil don choróinvíreas.

Cé atá i gceannas mar sin ar Rialtas na Breataine?

Níl aon LeasPhríomh-Aire i gcomh-aireacht Johnson, agus más ea, níl macasamhail C.R. Attlee, Willie Whitelaw, Michael Heseltine nó Nick Clegg réidh chun dualgais na príomh-aireachta a chur i gcrích an fhaid is a bheidh Johnson tinn.

Ach de réir dealraimh, bhí sé beartaithe ag Johnson cheana féin gur Dominic Raab, an Rúnaí Gnóthaí Eachtracha agus an rúnaí stáit is sinsearaí a dhéanfadh cúram an Phríomh-Aire sa chás nach mbeadh Johnson féin in ann leanúint ar aghaidh de dheasca breoiteachta.

Cé go bhfuil Tánaiste againne, buanphost bunreachtúil a bhí i ngach aon rialtas ó 1937 i leith, tá cosúlachtaí idir córas na Breataine agus an cur chuige in Éirinn ó thaobh breoiteachta de ar aon nós. De réir alt 11 den Acht Airí agus Rúnaithe 1924:

‘Beidh sé dleathach d’aon Aire, do réir aon tsocrú nó aon réitigh a húdaruíodh roimh ré le hOrdú ón Ard-Chomhairle, aon cheann de dhualgaisí nó de sheirbhísí puiblí aon Aire eile d’fheidhmiú nó do chó-líona mar ghníomhaire don Aire eile sin ach gan freagarthacht an Aire eile sin i riara na seirbhíse puiblí sin do thógaint de.”

Más ea, is féidir le haire amháin i rialtas de chuid na hÉireann a bheith ina ionadaí nó gníomhaire d’aire eile má bhíonn an t-aire sin tinn, nó gafa thar lear. Baineadh úsáid as an aicearra seo sa chéad Rialtas Idir-Pháirtíoch, a mhair idir 1948-1951. Ba é Seán MacBride an t-aire gnóthaí seachtracha, agus bhí an Dr Nollaig de Brún ina aire sláinte, ach nuair a bhíodh MacBride ag taisteal thar lear ag troid i gcoinne na críochdheighilte, bhí an Dr de Brún ina aire cúnta gnóthaí seachtracha ag baile. Thit an tír amach as an gComhlathas trí thimpiste i 1948, ach ba é an Taoiseach John A. Costello, seachas MacBride nó de Brún, a bhí freagrach as an méid sin.

Pé scéal é, ní baol do Rialtas na Breataine fad is atá an Príomh-Aire bocht tinn.

Is féidir ionadaí a fháil do gach éinne.      

Fág freagra ar 'Cé a bhíonn i gceannas nuair a bhíonn Príomh-Aire nó Taoiseach go dona tinn?'