Cé a bheas ina Thánaiste sa rialtas nua, Brendan Howlin nó Eamon Ryan?

Tá comórtas cinniúnach eile ar siúl mar chuid d’Olltoghchán 2020 – Páirtí an Lucht Oibre v Comhaontas Glas

Cé a bheas ina Thánaiste sa rialtas nua, Brendan Howlin nó Eamon Ryan?

Eamon Ryan agus Brendan Howlin. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá a bhforógraí toghcháin foilsithe ag Fine Gael agus ag Fianna Fáil, ach beidh cáipéisí tábhachtacha á bhfoilsiú as seo go ceann cúpla lá ag Páirtí an Lucht Oibre agus ag Comhaontas Glas – dhá pháirtí eile a mbeidh tionchar nach beag acu ar chomhdhéanamh an rialtais nua. 

Sara bpléitear a dtionchar ní foláir focal a rá faoin mionpháirtí is mó sa stát. Tá rannpháirtíocht Shinn Féin i gcomhrialtas le Fine Gael nó le Fianna Fáil curtha as an áireamh ag Leo Varadkar agus ag Micheál Martin. Ar ndóigh ní féidir a bheith cinnte nach n-athródh duine acu a intinn mura mbeadh aon rogha eile ar fáil sa 33ú Dáil chun comhrialtas seasmhach a bhunú.

Ach faoi láthair sin mar atá.

Is ar an Lucht Oibre agus ar Chomhaontas Glas atá ceannairí Fhine Gael agus Fhianna Fáil ag smaoineamh agus comhdhéanamh an chéad rialtais eile á mheá acu, mar a léirigh siad le linn na díospóireachta teilifíse Dé Céadaoin. Mhol Leo Varadkar agus Micheál Martin araon ceannairí nó cur chuige Chomhaontas Glas agus an Lucht Oibre. 

Ba léir don saol cén t-údar a bhí lena bplámás. Mura dtagann Fine Gael agus Fianna Fáil ar chomhshocrú eile muiníne agus soláthair tar éis an toghcháin beidh siad ag brath go hiomlán ar Chomhaontas Glas, ar Pháirtí an Lucht Oibre, ar na Daonlathaigh Shóisialta agus ar Theachtaí Dála neamhspleácha chun rialtas nua a chur ar bun.

Ní fiú Neart le Chéile/Pobal Roimh Bhrabús a chur san áireamh toisc gur léir ó mheon agus ó ráitis an ghrúpa sin nach mbeidís toilteanach tacaíocht a thabhairt do chomhrialtas a mbeadh Fine Gael nó Fianna Fáil i gceannas air. 

Tá cóir na gaoithe ag Comhaontas Glas faoi láthair, a bhuí le fianaise a bheith á foilsiú go leanúnach a léiríonn an chontúirt atá ag bagairt ar an bpláinéad mar gheall ar athrú aeráide. Gach uair a chloistear an feachtasóir óg Greta Thunberg ag caint ar an mórathrú ar pholasaithe rialtais a theastaíonn gan mhoill, is é Comhaontas Glas thar aon dream eile a bhaineann tairbhe pholaitiúil abhus as a hachainí. 

Chaill na Glasaigh a suíocháin Dála go léir in olltoghchán 2011 tar éis dóibh a bheith i gcomhrialtas le Fianna Fáil sa tréimhse pholaitiúil agus eacnamaíochta ba léanmhaire dár facthas sa stát seo ó bunaíodh é.

B’fhollasach aiséirí an pháirtí nuair a fógraíodh torthaí na dtoghchán Eorpach agus áitiúil anuraidh. Bhuaigh Comhaontas Glas 49 suíochán ar chomhairlí cathrach agus contae (ní raibh acu ach dháréag suíochán roimh ré) agus toghadh beirt ón gComhaontas Glas mar fheisirí Eorpacha – Grace O’Sullivan sa deisceart agus Ciarán Cuffe i mBaile Átha Cliath. 

Thug vótóirí léasadh gan trócaire don Lucht Oibre in olltoghchán 2016. 37 Teachta Dála a bhí acu roimh an olltoghchán acu níor fágadh ach seachtar acu sa Dáil ina dhiaidh. Neartaigh an páirtí beagáinín sna toghcháin áitiúla anuraidh nuair a toghadh 57 comhairleoir (seisear breise). Ní raibh aon ionadaí acu i bParlaimnt na hEorpa roimhe sin agus níor toghadh iarrthóir ar bith ón bPáirtí anuraidh ach an oiread.

Bhí difríocht shuntasach idir an céatadán den vóta iomlán a fuair an dá pháirtí sna toghcháin sin anuraidh. Bhí beagán le cois 5% acu araon sna toghcháin áitiúla ach sa toghchán Eorpach, níor vótáil ach 3.1% don Lucht Oibre agus vótáil 11.4% do Chomhaontas Glas. Bhí bearna shuntasach, ach bhí sí níos lú, idir an dá pháirtí i bpobalbhreith Ipsos/mrbi a foilsíodh san Irish Times Dé Luain: 5% a bhí ag an Lucht Oibre agus 8% ag Comhaontas Glas sa phobalbhreith sin. 

Ar ndóigh fearacht gach mionpháirtí, go háirithe, is tábhachtaí cáil agus saothar áitiúil a n-iarrthóirí ná a seasamh i bpobalbhreitheanna náisiúnta. Ach is ar mheascán de na cúinsí sin go léir, chomh maith le teacht i láthair a gceannairí, a bheidh an toradh ar dhá choimhlint nach bpléitear ag brath:

1. Cén tionchar a bheidh ag na polasaithe atá an Lucht Oibre agus Comhaontas Glas ar tí a fhógairt ar chur chuige an rialtais nua?

2. Cé a bheas ina Thánaiste sa rialtas nua, Brendan Howlin nó Eamon Ryan?

Fág freagra ar 'Cé a bheas ina Thánaiste sa rialtas nua, Brendan Howlin nó Eamon Ryan?'