Cé a bheadh ina réiteoir ach amadán cróga?

Mar is gnáth bhí go leor cainte faoi thaispeántais na réiteoirí i gcraobh iomána na bliana seo, ach cé acu ab fhearr?

Cé a bheadh ina réiteoir ach amadán cróga?

Tommy Walsh le Fergal Horgan. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Is minic a chuirtear an cheist ‘Cé a bheadh ina réiteoir?’ agus réiteoir bocht á cháineadh (arís) i ndiaidh cinneadh cinniúnach conspóideach eile a dhéanamh. Tá sé thar a bheith dian ar réiteoirí na linne cluiche craoibhe iomána idirchontae a láimhseáil gan botún nó dhó a dhéanamh.

Uaireanta ní bhíonn aon bhaint ag cinneadh mícheart le toradh deireanach an chluiche, amanna eile a mhalairt de scéal a bhíonn ann.

I rith chraobhchomórtais 2022 choimeádas dialann bheag faoi na fir chróga amaideacha seo.

Is é Thomas Walsh Phort Láirge a ghnóthaigh cuid mhaith de na ceannlínte i ndiaidh ceann de na chéad chluichí craoibhe nuair a chealaigh sé poc saor don Ghaillimh agus iad dhá chúilín chun tosaigh. Ón gcaitheamh isteach ba é Lee Chin a bhuaigh seilbh an tsliotair chun cúilín thar a bheith cinniúnach a fháil. Nóiméad ina dhiaidh sin scóráil sé cúilín eile ó phoc saor a chinntigh chomhscór do Loch Garman. An cheist is mó a bhí á cur i dtaobh phoc saor na Gaillimhe ná an mbeadh sé cealaithe dá mbeadh an Ghaillimh ceithre chúilín, nó níos mó, chun cinn ag an am? Ach tríd is tríd ní raibh mórán cúis ghearáin ag imreoirí na Gaillimhe mar bhíodar go mór in uachtar d’fhormhór an chluiche cé gur chuir siad an iomad deiseanna amú.

An Domhnach ina dhiaidh sin i gcluiche eile a bhí cothrom go leor chuir Johnny Murphy as Luimneach fearg ar chuid mhaith de leantóirí Thiobraid Árann. Bhí an ghoimh orthu nár taispeánadh cárta dearg do Mikey Kiely Phort Láirge do tharraingt thar a bheith liobarnach a d’fhág fuil ar éadan Shéamus Kennedy agus cúpla greim. Ba é Murphy a dhíbir na deartháireacha McGrath ón bpáirc i gcoinne Bhaile Gunnair roimh Nollaig, cinntí a bhí thar a bheith conspóideach agus costasach. Bhí gaiscígh an mhéarchláir thar a bheith cantalach an tráthnóna Domhnaigh sin.

Bhí na gaiscígh chéanna gnóthach i lár na seachtaine ina dhiaidh freisin agus iad ag gearán faoi James Owens a bheith mar réiteoir don chluiche idir an Clár agus Tiobraid Árann agus é tar éis cinneadh thar a bheith conspóideach a thabhairt i gcoinne an Chláir sa chluiche craoibhe eatarthu anuraidh a chríochnaigh agus Aidan McCarthy i mbosca na bpeacaí agus poc pionóis ónar scóráil Jason Forde cúl an-tábhachtach.

Ach ní raibh aon bhaol sa chluiche sin mar bhí an Clár go mór in uachtar ó thosach deireadh.

Seachtain ina dhiaidh sin ba é an Corcaíoch Colm Lyons a bhí i lár na stoirme bige ag deireadh an chluiche idir Cill Chainnigh agus an Ghaillimh nuair a thug sé poc saor ag an mbás don Ghaillimh, poc a bhí cinniúnach agus bog go leor agus a thug cúilín an bhua dóibh.

An Domhnach ina dhiaidh sin cheapas féin go ndearna Liam Gordon na Gaillimhe go maith sa chluiche idir Tiobraid Árann agus Luimneach ach ina alt ar an Examiner bhí an t-iar-réiteoir Brian Gavin den tuairim go raibh sé de cheart ag Gordon cárta dearg a thaispeáint d’Aaron Gillane do tharraingt ar Ronan Maher a bhí beagáinín ‘scaoilte’. An Domhnach ina dhiaidh sin, bhí an spotsolas go láidir ar an bheirt réiteoirí, Colm Lyons agus James Owens, mar taispeánadh cártaí dearga (i ndiaidh dhá chárta buí ) dos na ‘buachaillí dána’ Gearóid Hegarty agus Austin Gleeson. Dar ndóigh bhí an spotsolas céanna ar an mbeirt imreoirí freisin. Cheapas féin go raibh an cinneadh faoi Hegarty a rinne Lyons thar a bheith dian.

Sa bhabhta deireanach is moladh a bhí á thabhairt, go háirithe d’Fhergal Horgan a bhí sa lár do chluiche Chill Chainnigh agus Loch Garman agus Seán Stack a láimhseáil an cluiche idir Tiobraid Árann agus Corcaigh.

An rud is annamh is iontach, is dócha. ach b’in deireadh seachtaine maith do na réiteoirí.

Tugadh an-chuid moladh do John Keenan as an jab iontach a rinne sé de Chluiche Ceannais na Mumhan a bhí ina eipic cheart agus ní raibh mórán cainte faoi James Owens a bhí ar dualgas i gcluiche ceannais Chúige Laighean.

I ndiaidh an chéad chluiche ceathrú ceannais cháin bainisteoir Chorcaí Kieran Kingston an réiteoir Paud O’Dwyer (cé nár luaigh sé a ainm) agus é an-bhuartha faoi chuid de na cinntí a rinne sé i gcoinne Chorcaí (gualainn bhorb) Dháithí Burke ar Shéamus Harnedy, mar shampla). Dar ndóigh chaill Corcaigh an cluiche. Ní raibh aon fhadhb ag an mbainisteoir eile, Henry Shefflin, leis an réiteoir.

Cé a bheadh ina bhainisteoir?

Sa cluiche eile an tráthnóna sin i nDurlas Éile fuair Colm Lyons cuid mhaith cáinte ó lucht leanta Loch Garman nuair nár thug sé pionós as feall ar Lee Chin déanach sa chluiche a bhí fós idir dhá cheann na meá. Cinneadh a bhí dian orthu measaim. Bhuaigh an Clár an cluiche agus ceithre chúilín le spáráil acu.

Agus ansin bhí an Clár i bPáirc an Chrócaigh arís agus slua an-mhór á leanúint ach theip glan orthu i gcoinne Chill Chainnigh, rud a d’fhág nach raibh aon chaint faoin réiteoir Fergal Horgan mar go raibh an cluiche chomh haontaobhach san.

Sa chluiche leathcheannais eile bhí Thomas Walsh ó Phort Láirge ar dualgas agus ní raibh mórán cainte faoi i gcluiche a bhí thar a bheith dian agus teann go dtí an deireadh nuair rinne an t-ionadaí David Reidy an beart do Luimneach déanach sa cluiche le trí chúilín iontach.

Bhí chuid mhaith gearán ar na meáin shóisialta nuair a ainmníodh Colm Lyons mar réiteoir don chluiche ceannais ach bhí freagra maith aige ar lucht an amhrais agus ardchluiche aige.

Sin é mar sin.

Séasúr eile críochnaithe. John Keenan agus Thomas Walsh ar a slí chuig an mbarr ach Fergal Horgan fós os a gcionn.

Ach cé a bheadh ina réiteoir?

Fág freagra ar 'Cé a bheadh ina réiteoir ach amadán cróga?'