Cé a bheadh ina bhainisteoir sinsir  idirchontae?

Sa chraobh iomána, is iad na torthaí an tslat tomhais agus an corn an duais, bíodh siad féaráilte ar an mbainisteoir nó ná bíodh

Cé a bheadh ina bhainisteoir sinsir  idirchontae?

Iarbhainisteoir Chorcaí, John Meyler. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Cé a bheadh ina bhainisteoir sinsir  idirchontae? Post dúshlánach, dian, strusmhar atá ann agus ag deireadh na bliana ní bhíonn an bua ach ag bainisteoir amháin, sin más de réir torthaí amháin a dheintear na rudaí seo a thomhas. Agus sa chomórtas do Chorn Mhic Cárthaigh is iad na torthaí an tslat tomhais agus an corn an duais. I mbliana is é Liam Sheedy a thug leis an chreach agus an teideal, bainisteoir na bliana. Ach cá seasann John Kiely agus an tsraith agus craobh na Mumhan buaite ag Luimneach, nó Davy Fitzgerald a bhuaigh Craobh Laighean le Loch Garman den chéad uair ó 2004. Cá gcuirfeá Eddie Brennan san ord fiúntais? Nó fiú amháin Brian Cody, ‘rí na ríthe’?

Nach bhféadfaí a áiteamh go raibh bliain thorthúil ag Chill Chainnigh faoina stiúir?

Ní slán gach comparáid ná baol air ach dar le go leor leor de leantóirí na hiománaíochta is beag dul chun cinn a bhíonn déanta mura mbíonn duais éigin buaite agus féachtar ar shéasúr gan duais mar údar díomá.

Ar ndóigh níl sé sin ceart ná réasúnach. Tuigim mar Chorcaíoch nach bhfuil ach duais amháin a shásóidh daoine gach bliain agus mura mbuaitear í sin go mbítear den tuairim gur séasúr gan mhaith a bhí ann. Bíonn cuid maith leantóirí mífhoighneach agus míréasúnach agus dar ndóigh tá dream anaithnid an-dian ann a bhíonn an-ghnóthach ar na meáin shóisialta agus thar a bheith maslach agus iad ag scríobh a gcuid faoi bhainisteoirí, imreoirí agus réiteoirí.

Chonaiceamar toradh an bhrú sin i gcás na mbainisteoirí iomána arís i mbliana. Tá Páraic Fanning imithe i ndiaidh dó bliain amháin a chaitheamh i gceannas ar Phort Láirge. An bhfuil sé sin ceart? Ní dóigh liom go raibh fonn air imeacht, ach bhí brú á chur air ó dhaoine i gcampaí éagsúla. Cén chuid den mhilleán atá le cur ar bhord an chontae? An é nach raibh a ndóthain eolais acu faoi Fanning sular thugadar an post dó? Is Déiseach é agus ba cheart go mbeadh gach eolas acu. An raibh baint ag na himreoirí lena cheapachán?

Tá cuid mhaith ráflaí ann freisin faoi imeacht Michael Donoghue óna phost sa Ghaillimh. I mí Aibreáin tugadh síneadh dhá bhliain dó. Cad a tharla ó shin chun a aigne a athrú? Dar ndóigh ní raibh séasúr sásúil ag foireann an chontae agus bíonn na meáin lán de ráflaí agus ceisteanna i gcás mar sin. Coinnigh súil ar an spás seo, mar a deirtear.

Anseo i gCorcaigh d’fhógair John Meyler go raibh deireadh lena ré agus bhí cuid maith de leantóirí an chontae sásta leis an gcinneadh sin. Bhí Meyler gafa ar feadh roinnt blianta le scuaideanna forbartha agus dar ndóigh bhí seal aige leis an bhfoireann faoi fiche a haon. Bhí a sheans mar bhainisteoir tuillte aige ach ó tharla nár éirigh leis an duais mhór a bhuachan bhí daoine ag éirí mífhoighneach. Bhuel beidh fear nua sa phost sula i bhfad agus an brú céanna a bheidh airsean. 

I gcás Uíbh Fhailí tá cúrsaí iomána in umar na haimléise ach tá ridire ag teacht as an gceo chun iarracht a dhéanamh iad a tharrtháil. Bhí mianach iontach i Michael Fennelly mar imreoir agus feicfimid anois conas a bheidh aige ar an taobhlíne.

Bíonn dea-scéalta ann freisin.

Dúirt comhchaptaen Loch Garman Matthew O’Hanlon an tseachtain seo caite go mbeadh an painéal sásta tiomáint go dtí Droichead Abhann ó gCearnaigh arís chun impí ar Davy Fitzgerald fanacht mar bhainisteoir don chéad bhliain eile. Tá trí bliana déanta ag Davy leo agus an-dul chun chinn déanta acu. Tuigeann na himreoirí nach rabhadar rófhada ón bpríomhdhuais i mbliana agus go gcuirfeadh athrú bainisteora isteach go mór ar thodhchaí na foirne.

I Laois caithfidh go bhfuil an bord agus na leantóirí thar a bheith sásta go mbeidh Eddie Brennan ag fanacht leo in 2020.

Is amhlaidh an scéal i Luimneach agus tuigeann leantóirí an chontae go bhfuil i bhfad níos mó le teacht ón bpainéal óg atá ag John Kiely.

Beidh cur agus cúiteamh ar siúl as seo go ceann cúpla seachtain eile sula n-ainmneofar na bainisteoirí nua eile. Agus ansin bogfaidh rothaí móra an tsaoil arís. 

Ach cé a bheadh ina bhainisteoir?

Fág freagra ar 'Cé a bheadh ina bhainisteoir sinsir  idirchontae?'