Catherine Connolly ar an gcéad bhean i bpost an Leas-Cheann Comhairle

Bhí bua gan choinne ag an Teachta Dála neamhspleách atá ar dhuine den bheagán Teachtaí Dála a labhraíonn Gaeilge go rialta sa Dáil

Catherine Connolly ar an gcéad bhean i bpost an Leas-Cheann Comhairle

Tá Catherine Connolly, duine den bheagán Teachtaí Dála a labhraíonn Gaeilge go rialta sa Dáil, ceaptha ina Leas-Cheann Comhairle.

Is í an chéad bhean riamh le post an Leas-Cheann Comhairle a fháil.

Fuair an Teachta Dála neamhspleách as Gaillimh Thiar an ceann is fearr ar Ghaeilgeoir eile, an Teachta Dála de chuid Fhine Gael, Fergus O’Dowd.

Tháinig bua Connolly aniar aduaidh ar dhaoine.

77 Teachta Dála a vótáil ar a son agus 74 a thacaigh le O’Dowd. Ba é an chéad uair go bhfuarthas an ceann is fearr ar an gcomhrialtas nua i vóta Dála.

Tá aithne mhór ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar Catherine Connolly, 63, a toghadh chun na Dála ar dtús in 2016 i ndáilcheantar ina bhfuil cuid de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír.

Bhí sí ina cathaoirleach ar Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais le linn théarma an rialtais dheireanaigh.

Fág freagra ar 'Catherine Connolly ar an gcéad bhean i bpost an Leas-Cheann Comhairle'