Tá cathaoirleach Bhord Sláinte Leanaí Éireann Jim Browne éirithe as mar gheall ar thuarascáil faoi úsáid gan chead spriongaí in obráidí droma a rinneadh ar pháistí in Ospidéal Shráid Temple.
Dúradh sa tuarascáil ón Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) gur tugadh do thriúr páistí ionphlandaithe nár ceart iad a úsáid ar chor ar bith in obráidí. Dúradh gur fhág úsáid na spriongaí go raibh na páistí i mbaol ó chruach chreimneach.
De réir thuarascáil HIQA tugadh na hionphlandaithe do na páistí gan aon chead a fháil.
Idir 2020-2022 a rinneadh na hobráidí droma don scolóis, inar úsáideadh ionphlandaithe nach raibh marc CE an Aontais Eorpaigh acu.
Dúirt HIQA go raibh sé mícheart na spriongaí a úsáid agus nár tugadh dóthain cosanta do na páistí.
Dúradh nach raibh aon fhianaise ann go bhfuair ‘Máinlia A’, an máinlia a rinne na hobráidí, beannacht eiticiúil an ospidéil d’úsáid na n-ionphlandaithe.
19 moladh atá ag HIQA a deir gur chóir athbhreithniú a dhéanamh ar an rialachas corparáideach agus cliniciúil i Sláinte Leanaí Éireann.
Dúirt an tAire Sláinte Jennifer Carroll Mac Neill gur feall ar iontaoibh tuismitheoirí a bhí i gceist mar nár tugadh cosaint mar ba chóir dá bpáistí a bhí an-tinn.
Ghabh an Dr Jim Browne, a bhí ina chathaoirleach ar Bhord Sláinte Leanaí Éireann ón uair a bunaíodh é in 2019, leithscéal leis na páistí agus a muintir.
“I bhfianaise an phlé a bhí agam leis an Roinn Sláinte le roinnt seachtainí anuas, ba mhaith liom anois éirí as le go mbeadh próiseas aistrithe eagraithe ann go dtí cathaoirleach nua a thabharfaidh treoir don tsáreagraíocht seo le díograis agus paisean nua,” arsa Jim Browne.
Fág freagra ar 'Cathaoirleach Sláinte Leanaí Éireann éirithe as mar gheall ar obráidí droma a bhí ‘mícheart’'