Cathaoirleach nua agus triúr eile ceaptha ar Bhord TG4

Tá cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta Anna Ní Ghallachair ceaptha ina Cathaoirleach ar Bhord TG4 agus í ag teacht i gcomharbacht ar Shiún Ní Raghallaigh atá ceaptha ina cathaoirleach ar Bhord RTÉ

Cathaoirleach nua agus triúr eile ceaptha ar Bhord TG4

Tá cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta Anna Ní Ghallachair ceaptha ina Cathaoirleach ar Bhord TG4.

Thug an Rialtas a mbeannacht do cheapachán Uí Ghallachair agus triúr eile ar bhord an stáisiúin inniu.

Tiocfaidh deireadh le tréimhse Anna Ní Ghallachair mar chathaoirleach ar Bhord Údarás na Gaeltachta ar an 15 Eanáir seo chugainn.

Tiocfaidh sí i gcomharbacht ar Shiún Uí Raghallaigh mar chathaoirleach ar bhord TG4. Ceapadh Siún Ní Raghallaigh ina cathaoirleach Údarás RTÉ ag an gcruinniú rialtais céanna ar maidin.

Chomh maith le bheith ina cathaoirleach ar Bhord TG4 bhí Siún Ní Raghallaigh ar dhuine den mheitheal a bhunaigh an stáisiún.

Is iad an triúr eile atá le ceapadh ar Bord TG4 ná Seán Ó Cuirreáin, an t-iarchoimisinéir teanga, Róisín Ní Ráighne, stiúrthóir bainistíochta ag Dynamo Brand agus Aedín Ó Leary, comhairleoir agus saineolaí airgeadais.

Athcheapadh inniu triúr eile ar an mbord do thréimhse ceithre bliana eile – Mairéad Ní Nuadháin, colúnaí le Tuairisc, Siobhán Ní Ghadhra, Acadamh an Atlantaigh, Darach Ó Tuairisg, Fíbín.

Cúig fholúntas a bhí ar Bhord TG4 ó earrach na bliana seo caite nuair a tháinig deireadh le tréimhse cúigir, an t-iarchathaoirleach Siún Ní Raghallaigh, Des Geraghty, Michelle Ní Chróinín, Mairéad Ní Cheoinín agus Micheál Seoighe.

Tá folúntas amháin eile fós le líonadh.

10 gcomhalta a bhíonn ar Bhord TG4 in éineacht leis an Ardstiúrthóir agus ionadaí foirne.

Is é Seán Ó Domhnaill ionadaí fhoireann TG4 ar an mBord.

Athcheapadh na comhaltaí Frank Reidy agus Bríd Ní Fhachtna ar an mbord in 2020.

Agus na ceapacháin á bhfógairt aici, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, go raibh “ról lárnach i gcónaí ag TG4, ní hamháin in earnáil ár meán cumarsáide, ach freisin mar chuid de straitéis leanúnach an Rialtais chun úsáid na Gaeilge a mhéadú inár saol laethúil”.

“Is í fís TG4 freastal níos fearr a dhéanamh ar ár bpobail Ghaeilge, lucht féachana níos óige a mhealladh, agus tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí cruthaitheacha áitiúla agus réigiúnacha chun ábhar ar ardchaighdeán a sholáthar. Cuirfidh ceapachán an lae inniu go mór leis an mBord agus é ag leanúint leis an misean agus leis an bhfís seo a sheachadadh.”

Chuir Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont fáilte chomh maith roimh na ceapacháin agus na hathcheapacháin.

Ceapadh  Anna Ní Ghallachair, Róisín Ní Raighne agus Aedín O’Leary ar Bhord TG4 tar éis próiseas roghnúcháin iomaíoch a reáchtáil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ar stateboards.ie.

Mhol an Comhchoiste Oireachtais don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do Phobal na Gaeilge go n-ainmneodh an tAire Martin Seán Ó Cuirreáin lena cheapadh ag an Rialtas ar Bhord TG4. Mhol an Coiste chomh maith go gceapfaí an scríbhneoir agus léiritheoir teilifíse Muireann Ní Chíobháin ar Bhord TG4 ach tharraing sí a hainmniúchán siar nuair a fuair sí post mar eagarthóir coimisiúnaithe leis Cúla4, an stáisiún nua don óige atá á bhunú ag TG4.

 

Fág freagra ar 'Cathaoirleach nua agus triúr eile ceaptha ar Bhord TG4'

  • Cluain Sceach

    Comhghairdeas agus treise leo.