Cathanna na gcúigí

  Agus na cúigí ag tabhairt aghaidh ar a chéile an Aoine beag seo beidh siad ar a ndícheall sa tóir ar bhua ar chúiseanna éagsúla Bhí tráth sa tír seo nuair nach raibh de rogha againn i gcúrsaí spóirt ar Lá L’Stiofáin ach rásaí capall. Ní hionann an cás ó rinneadh an cinneadh foirne na sraithe rugbaí Pro 12 a thagann ón tír chéanna a chur […]

CJ Stander 22/12/2014
CJ Stander i mbun traenála ag tús na seachtaine. Beidh Cúige Mumhan ag súil le feabhas sa síneadh amach. Credit ©INPHO/Ryan Byrne

 

Agus na cúigí ag tabhairt aghaidh ar a chéile an Aoine beag seo beidh siad ar a ndícheall sa tóir ar bhua ar chúiseanna éagsúla

Bhí tráth sa tír seo nuair nach raibh de rogha againn i gcúrsaí spóirt ar Lá L’Stiofáin ach rásaí capall.

Ní hionann an cás ó rinneadh an cinneadh foirne na sraithe rugbaí Pro 12 a thagann ón tír chéanna a chur ag imirt in aghaidh a chéile  le linn na Nollag and na hathbhliana.

Cuirfidh Cúige Mumhan fáilte roimh Chúige Laighean go Páirc Thuamhan ar an Aoine seo agus iad ag iarraidh cúrsaí a a chur ina gceart i ndiaidh a cuairte mí-adhmharaí ar Ghlaschú an Satharn seo caite áit ar chaill siad (21–18) i gcoinne foireann atá ar bharr a maitheasa ó thús an tséasúir seo.

Bhí go leor deacrachtaí ag na Muimhnigh lena patrúin imeartha, sa gclibirt agus sa síneadh amach go háirithe.

Tá a fhios ag Anthony Foley go bhfuil géarghá na fadhbanna seo a réiteach.

Bhí an lámh in uachtar ag Cúige Laighean ar Chúige Chonnacht (22 -11) san RDS Dé hAoine seo caite, agus cé gur thóg sé tamall fada orthu Cúige Chonnacht a smachtú  go hiomlán, bhí siad cumasach sa síneadh amach, sa gclibirt agus i mbun na crágála (maul).

Má éiríonn leo imirt mar seo i Luimneach, tá mé cinnte go mbeidh sárchluiche againn idir dhá fhoireann nach bhfuil  ch aon áit amháin agus aon phointe amháin eatarthu ar thábla an Pro 12 – Cúige Mumhan sa tríú háit ar 33 pointe agus Cúige Laighean sa cheathrú háit le 32 pointe.

Ba cheart go mbeadh sáriomaíocht idir an dá phaca tosaithe, ach is i measc na gcúlaithe a shocrófar cé a bhuaigh an cluiche seo. Beidh an lá leis an bhfoireann a bheas cruthaitheach i lár páirce, áit a bhfuil deacrachtaí ag an dhá fhoireann seo.

Níl sé chomh deacair céanna léamh ar an gcluiche eile ar an Aoine idir Chúige Uladh i gcoinne Chúige Chonnacht i mBéal Feirste.

Beidh Cúige Uladh ag iarraidh an chlis i gcoinne Ospreys (31 – 20) an Satharn seo caite a ligean i ndearmad agus beidh buntáiste an bhaile acu don chluiche seo.

Cé go bhfuil ceist maidir lé sláinte Ruan Pinaar, ba cheart go mbeadh siad  rómhaith do na Connachtaigh.

Beidh Cúige Chonnacht ag súil go mbeidh siad in ann na deacrachtaí a tháinig chun solais i gcoinne Chúige Laighean a shárú.

Ach má éiríonn le Cúige Uladh an brú céanna a chur ar Chúige Chonnacht agus a chuir Cúige Laighean orthu sa gclibirt, sa síneadh amach agus ar a líne chosanta, beidh ochtú nóiméad an-chrua ag fir Chonnachta.

Níl idir an dá fhoireann seo ar chlár an Pro 12 ach aon phointe amháin, Cúige Uladh as 5ú háit agus Cúige Chonnacht sa 6ú háit.  Tá sé deacair teacht ar aon duine atá ag tabhairt seans do na Connachtaigh, ach mar sin féin, ná cuir réiteach agus pleanáil Pat Lam as an áireamh. Ná cuir as an áireamh go mbainfí geit as Cúige Uladh ach oiread!

Fág freagra ar 'Cathanna na gcúigí'