Tagann dóchas polaiteora slán as drochthoghchán, de ghnáth. Neartaíonn ballraíocht i bpáirtí a ndóchas go n-athróidh tuairim an phobail, agus rogha na vótóirí ar ball. Ní fios cé a dúirt ‘thuas seal agus thíos seal’ an chéad uair, ach cothaíonn smaointe dá leithéid gach polaiteoir agus páirtí cloíte, de ghnáth.
Dá dhonacht toradh olltoghcháin, dá laige páirtí ina dhiaidh, maireann údar dóchais go rachaidh siad chun cinn arís. Mar a rinne Fine Gael tar éis 14 bliain in olltoghchán 2011, agus mar a rinne Fianna Fáil anuraidh tar éis tubaiste 2011.
Ní thagann gach páirtí slán ar ndóigh. Níor mhair Renua ach dhá bhliain agus chuaigh an Páirtí Daonlathach in éag in 2008 tar éis scór bliain ar an saol. Mar a chuaigh Aontacht Éireann as amharc sna 1970í, Clann na Talmhan sna 1960í, agus Clann na Poblachta sna 1950í.
Tá Brendan Howlin ag áitiú ar a lucht leanúna breathnú rompu ar thodhchaí na tíre le linn chomhdháil an pháirtí ar chuir sé tús léi i Loch Garman aréir. Ach tá an díobháil a rinneadh san olltoghchán soiléir ar an ardán. Ghnóthaigh iarrthóirí an pháirtí 37 suíochán i nDáil Éireann in 2011. Níl ach seachtar Teachtaí Dála ar an ardán i Loch Garman.
Bhíodh stádas seasmhach ag an Lucht Oibre mar an tríú páirtí is mó sa stát ar feadh breis agus leathchéad bliain. Tá an stádas sin caillte acu anois agus 23 Teachta Dála ag Sinn Féin.
Níl aon ábhar dóchais sna pobalbhreitheanna ach oiread. Tháinig laghdú mór ar sciar an pháirtí den vóta náisiúnta idir olltoghchán 2011 (a naoi déag faoin gcéad) agus olltoghchán 2016 (a sé faoin gcéad). Léirigh pobalbhreitheanna a rinneadh ó chuaigh Howlin i gceannas go bhfuil tacaíocht an pháirtí níos ísle – 5.6 faoin gcéad ar an meán.
Tá cúiseanna dóchais agus éadóchais mar sin ag an bpáirtí, agus tá dlúthbhaint acu lena chéile. Tá an páirtí sa riocht céanna ina raibh Fianna Fáil ar feadh cúpla bliain tar éis 2011. In 2012, dúirt an saineolaí polaitiúil Sasanach Tim Bale le hArdfheis Fhianna Fáil nach bhféadfaí cruachás an pháirtí sin a leigheas sa ghearrthéarma. Ní raibh fonn ar an bpobal éisteacht leo, a dúirt sé, ná meas acu ar a dtuairimí.
Ní hionann an dá chás ar ndóigh. Ní raibh an Lucht Oibre freagrach as géarchéim airgeadais agus eacnamaíochta mar a tharla idir 2008 agus 2010. Ach bhí breithiúnas an phobail soiléir, neamhthrócaireach san dá chás, agus ní i bhfeabhas atá léargas an Lucht Oibre ag dul go fóill.
Tá béim á cur ag an bpáirtí ar choinníollacha fostaíochta agus ar chúrsaí comhshaoil le linn na comhdhála i Loch Garman. Tugadh cuireadh do dhuine d’urlabhraithe na n-oibrithe a cuireadh as obair nuair a dúnadh Clery’s in 2015, Susie Gaynor, labhairt leis an gcomhdháil inniu.
Tá laigí pholasaithe an rialtais maidir leis an dá ábhar soiléir. Ba chóir go mbeadh an Lucht Oibre, mar gheall ar an nasc idir an páirtí agus na ceardchumainn, ábalta beartais fhiúntacha a mholadh, mar shampla, chun oibrithe gan chonradh a chosaint.
Sa ghearrthéarma áfach, dúiseoidh gach beartas nó feabhas a mholfaidh an páirtí ceist réasúnta: ‘má tá an polasaí atá á mholadh agaibh anois chomh fiúntach sin, cén fáth nár chuir sibh i bhfeidhm é nuair a bhí sibh i mbun rialtais?’
Ní gan dua a bheidh an Lucht Oibre ábalta a chur ina luí ar an bpobal go bhfuil difríocht shoiléir idir an páirtí agus páirtithe eile an fhreasúra.
Sin ráite, tagann imeacht aimsire i gcabhair ar pháirtithe de ghnáth. Thug aistriú an Ospidéil Naisiúnta Máithreachais go dtí suiomh atá i seilbh Shiúracha na Carthanachta deis don pháirtí socrú a chuireann imní ar mhórán a cháineadh.
– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon