CATHAL MAC COILLE: Dhá scéal ón líne thosaigh sa chogadh iriseoireachta ar son na fírinne…

An Fhírinne v An Raiméis –teastaíonn cothrom na Féinne go géar ó na meáin atá i ngleic le raiméis na meán sóisialta

CATHAL MAC COILLE: Dhá scéal ón líne thosaigh sa chogadh iriseoireachta ar son na fírinne…

Níl aon bhaint ag an dá scéal seo a leanas lena chéile. Ach tá ceangal eatarthu mar sin féin toisc go léiríonn siad le chéile an tslí ina ndéanann meáin éagsúla aimhleas agus leas an phobail.

Aimhleas

Bhí Sonia Blount agus Eric Locke mór le chéile go dtí gur scar sí leis tar éis argóna. Rinne sé teagmháil ar líne léi arís tar éis dó ainm agus próifíl bhréagach a chur ar Facebook. Bhuail Sonia leis in óstán i dTamhlacht, áit ar dhúnmharaigh sé í i mí Feabhra 2014.

Gearradh príosúnacht saoil ar Locke sa Phríomh-Chúirt Choiriúil Dé hAoine. Labhair Liz Gaffney, cara le Sonia, thar ceann a muintire, taobh amuigh den Chúirt. Mhol sí do chách a bheith san airdeall agus iad i mbun teagmhála ar na meáin shóisialta. Arsa Liz:

“It is so easy to set up false profiles, Sonia made an error of judgement and paid for this with her life.”

Bhí Sonia Blount 31 bliain d’aois nuair a maraíodh í in 2014. Tá a mac Jake seacht mbliana d’aois anois.

Leas

Nuair a foilsíodh tuairisc ar mhírialtacht airgeadais in Ollscoil Luimnigh sa Limerick Leader in 2015, bhagair an coláiste an dlí ar an bpáipéar. Cuireadh i leith an Leader go raibh an tuairisc míchruinn agus míchothrom.

Dúirt cathaoirleach an Choiste um Chuntais Phoiblí Seán Fleming Dé hAoine gur chuir freagraí a thug ollscoileanna éagsúla ar cheisteanna faoi chúrsaí airgeadais an Coiste amú. Bhí sé ag labhairt liom faoin gcur síos a rinne RTÉ Investigates ar cheisteanna airgeadais in Ollscoil Luimnigh agus i gcoláistí eile. Níor cuireadh a lán eolais faoi mhórán ábhar ar fáil (1) don Údarás um Ard-Oideachas, ná (2) don Roinn Oideachais, ná (3) don Ard-Reachtaire Cuntas.

Tá coiste neamhspleách fiosraithe bunaithe le cás Ollscoil Luimnigh a iniúchadh. Tá cumhacht reachtúil bhreise iarrtha ag an Údarás um Ard-Oideachas ionas gur féidir iachall a chur ar ollscoileanna faisnéis iomlán airgeadais a chur ar fáil.

Níl aon chaint anois ar chás dlí in aghaidh an nuachtáin.

Mar a dúradh thuas, níl aon bhaint ag an dá scéal seo lena chéile. Ach is deacair iad a shárú mar léiriú ar an difríocht is bunúsaí idir na meáin shóisialta agus na meáin eagraithe – is é sin le rá, leithéidí RTE, TV3, TG4, stáisiúin raidió, na nuachtáin, agus meáin ar-líne ar nós thejournal.ie, finfacts.ie, Tuairisc.ie agus a leithéid.

Is é dlúth agus inneach na meán eagraithe faisnéise ábhar atá fíor a aimsiú, a iniúchadh, a fhoilsiú agus a phlé. Ní chomhlíonann gach iriseoir prionsabail ár gceirde i gcónaí, agus ábhar á fhoilsiú/chraoladh acu nach bhfuil fírinneach. Ach tuigtear de ghnáth sna meáin eagraithe go léir go gcaithfear ábhar lochtach a cheartú.

Níl tuiscint dá leithéid i bhfeidhm sa chuid is mó den ábhar a léitear sna meáin shóisialta. Tá córais á gcur ar bun de réir a chéile ag leithéid Facebook chun srian a chur ar scaipeadh scéalta bréagacha, i bhfianaise ar tharla sna Stáit roimh an toghchán uachtaránachta anuraidh. Ach níl seans ar bith ann go gcuirfear stop le cumadh na mbréag ná lena scaipeadh.

Dúirt an tAire Cumarsáide Denis Naughten ag seoladh thuairisc bhliantúil na Preas-Chomhairle Déardaoin go raibh sé fíorthábhachtach go mbeadh an pobal ábalta teacht ar fhaisnéis ar féidir muinín a bheith ag duine aisti. Tá córas nua de dhíth, dar leis an aire, chun tacú leis an tseirbhís phoiblí a chuireann nuachtáin ar fáil (níor thagair sé don chraoltóireacht).

Ní féidir fiúntas an chórais nua a mheas go bhfeicfear é. Ach idir an dá linn, tá sé de chumas an rialtais gníomh níos fónta agus níos tapúla a dhéanamh chun tacú le meáin na fírinne.

Tá an dlí a bhaineann le clúmhilleadh á athbhreithniú faoi láthair. Dúirt Cathaoirleach na Preas-Chomhairle Seán Donlon go bhfuil bagairt dlí (mar a rinneadh i gcás an Limerick Leader) agus cúitimh chúirte ag brú anuas ar shaoirse an phreasa. Tá an cúiteamh a fhaigheann daoine a ndéantar clúmhilleadh orthu níos airde abhus ná an meánchúiteamh a íoctar i dtíortha Eorpacha eile, a dúirt sé.

Tá ciall lena thuairim. Ní chuirtear, agus ní chuirfear, stop leis an gcuid is mó den raiméis a scaiptear ar leithéid Facebook. Tá córas cúitimh agus ceartúcháin níos réasúnta tuillte ag daoine atá ag brath ar an fhírinne chun dul in iomaíocht leis an tseafóid.

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'CATHAL MAC COILLE: Dhá scéal ón líne thosaigh sa chogadh iriseoireachta ar son na fírinne…'